Published on 

Fógraíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich deontas reáchtála €65,000 d’Oideas Gael

Tá fógartha ag Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., Aire Stáit na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, go bhfuil deontas €65,000 á cheadú aige do Oideas Gael Teo. do 2014. Is i dtreo na gcostas reatha a bhaineann le reáchtáil an raon cúrsaí a bhíonn ar bun ag an gcuideachta atá an deontas ceadaithe.

Ag fógairt an deontais dó dúirt an tAire Stáit:

“Is eiseamláir iontach é Oideas Gael do gach eagraíocht eile atá ag cur na Gaeilge chun cinn. Tugann siad na mílte daoine go Gleann Cholm Cille achan bhliain ag cur go mór le eacnamaíocht an cheantar chomh maith le bheith ag cur na Gaeilge chun cinn sa bhaile agus i gcéin. Tá áthas orm a bheith in ann an cúnamh seo a chur ar fáil do Oideas Gael arís i mbliana.”