Published on 

Fógraíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich deontas reáchtála €72,079 i leith ranganna aclaíochta a chur ar fáil i scoileanna Ghaeltacht Chonamara

Dé Luain, 26 Lúnasa—D’fhógair Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, inniu go raibh deontas €72,079 á cheadú aige do Mhuintearas Teo. Is chun na costais reatha a bhaineann le ranganna aclaíochta a chur ar fáil i mbunscoileanna áirithe i nGaeltacht Chonamara a mhaoiniú don scoilbhliain 2013/2014 atá an deontas seo á cheadú. Tacaíonn an maoiniú seo le cur i bhfeidhm an Chlár Tacaíochta Teaghlaigh.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh sé an-sásta bheith in ann an cúnamh seo a chur ar fáil do Mhuintearas arís i mbliana, le go mbeidh siad in ann leanúint orthu ag cur na ranganna ar fáil i mbunscoileanna Ghaeltacht na Gaillimhe. “Is céim phraiticiúil eile í seo i gcur i bhfeidhm an Chlár Tacaíochta Teaghlaigh. Tá sé dírithe ar thacú le teaghlaigh na Gaeltachta a bhfuil páistí bunscoile acu agus atá ag tógáil a gclainne trí Ghaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclann a thógáil trí Ghaeilge,” a dúirt an tAire Stáit.