Published on 

Fógraíonn na hAirí Martin agus Chambers mionsonraí Bhuiséad 2023

  • €30m de mhaoiniú leanúnach breise chun tacú leis an earnáil  turasóireachta sa bhaile agus an margadh thar lear a fhorbairt
  • €130m de mhaoiniú, an maoiniú is airde riamh don Chomhairle Ealaíon, a choinneofar go ceann bliain eile
  • €35m do scéim phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona
  • €2m de mhéadú ar mhaoiniú do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain
  • €7m nua i gcistí caipitil nua le haghaidh spásanna ealaíontóirí, agus bearta oiriúnaithe aeráide 
  • €8.5m breise chun tacú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht
  • €8m de mhaoiniú breise do Spórt Éireann – chun tacú le spórt ardfheidhmíochta, ciste snámha nua a bhunú, rannpháirtíocht ar gach leibhéal a mhéadú, agus an chéad straitéis snámha náisiúnta riamh a chur i dtoll a chéile
  • €7.5m le cur ar chumas Choimisiún na Meán tús a chur leis an obair ríthábhachtach maidir le sábháilteacht ar líne agus rialáil na meán
  • €6m do Scéimeanna Tuairiscithe na gCúirteanna agus an Daonlathais Áitiúil de chuid Chiste nua na Meán mar chuid de phacáiste tacaíochta ginearálta do na meáin agus don iriseoireacht áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta
  • An méadú is mó riamh do TG4 a thacóidh le seoladh Chainéal na Leanaí, cainéal nua ar leith do leanaí, mar chuid den soláthar leanúnach de chláir ardchaighdeáin Gaeilge
  • €35m don spórt, €15m do na healaíona agus €10m don Ghaeltacht agus do na hearnálacha pobail mar chuid de chiste €60m chun billí fuinnimh a fhóirdheonú

 

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus an tAire Stáit, Jack Chambers TD, inniu (28 Meán Fómhair) mionsonraí maidir le maoiniú comhlán €1,142m a leithdháileadh ar an Roinn i mBuiséad 2023. Cuirfear na sruthanna agus na bearta nua maoinithe seo ar fáil i gcomhthráth agus sa bhreis ar na bearta tacaíochta ginearálta Costas Maireachtála don tsochaí uile a d’fhógair an Rialtas inné. Taobh amuigh de sin, d’fhógair an Rialtas pacáiste láidir tacaíochtaí cothrománacha, a chabhróidh le saoránaigh, cleachtóirí, eagraíochtaí agus grúpaí na méaduithe reatha ar chostais mhaireachtála a bhainistiú.

 

Dúirt an tAire Catherine Martin:

“Tá méaduithe ar an gcostas maireachtála ag cur brúnna breise ar na hearnálacha a ndéanann mo Roinn maoirseacht orthu, faoi mar is amhlaidh sa tsochaí i gcoitinne.  Tá riocht réasúnta seasmhach ar na hearnálacha seo, atá ag téarnamh as géarchéim an-dúshlánach Covid-19, i ngeall ar a mhéad tacaíochtaí Covid a chuir an Rialtas ar fáil ó thús deireadh. Tá an Rialtas tar éis freagairt láidir a thabhairt anois ar na brúnna úra de dheasca méadú ar chostais fuinnimh agus boilsciú.

“Sa chomhthéacs sin, cuirfidh Buiséad 2023 ar ár gcumas raon leathan tionscnamh nua spreagúil agus tábhachtach a thabhairt isteach, a thacóidh le tuilleadh fáis agus forbartha sna hearnálacha tábhachtacha turasóireachta, ealaíon agus cultúir, Gaeltachta, spóirt agus meán cumarsáide.  Tá an Rialtas tiomanta d’earnáil na meán cumarsáide a neartú, earnáil a bhfuil ról ríthábhachtach aici inár gcóras daonlathach agus sa tsochaí i gcoitinne. Is céim shuntasach é an Buiséad seo i dtiomantas an Rialtais don earnáil tar éis fhoilsiú thuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán i mí Iúil. Cuireann na leithdháiltí atá á bhfógairt inniu crann taca faoi chreat rialála agus tacaíochta fairsingithe d'earnáil a bhfuil athrú mór tagtha uirthi le blianta beaga anuas. Mar chomhlánú ar na hathruithe a d’fhógair an tAire Donohoe ar na rátaí CBL a chuirtear i bhfeidhm ar nuachtáin agus ar thréimhseacháin nuachta i bhformáidí clóite agus digiteacha, cuirfear tacaíocht dhíreach ar fáil don earnáil, beag beann ar an ardán, tríd an gCiste Meán nua, chun soláthar leanúnach d’ábhar meán seirbhíse poiblí iontaofa agus ar ardchaighdeán a chumasú do mhuintir na hÉireann. Cuireann an t-ardú is mó riamh ar mhaoiniú TG4 crann taca faoi ghealltanas an Rialtais an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a chur i bhfeidhm, agus is treisiú breise é d’earnáil chruthaitheach na Gaeilge.  Cuirfidh an méadú seo ar chumas TG4 cainéal ar leith – Cúla 4 – do leanaí a sheoladh, a neartóidh an rath atá ar chláir Cúla4, BLOC agus Molscéal faoi láthair.  Beidh seirbhís nuachta do leanaí ar an gcainéal nua seo mar aon le hábhar siamsaíochta agus oideachais, drámaíocht, beochana Éireannacha, agus léireoidh sé cúlraí éagsúla na leanaí atá ina gcónaí i ngach cearn d'Éirinn, go háirithe sa Ghaeltacht agus i bpobail Ghaeilge.

 

“Beimid ag infheistiú i bhforbairt na n-ealaíon agus i bhforbairt ealaíontóirí, mar a rinneadh riamh, le €130m de mhaoiniú bliantúil, an maoiniú is airde riamh don Chomhairle Ealaíon, anois don tríú bliain as a chéile, mar aon le sruthanna maoinithe nua chun tacú le stiúideonna agus spásanna ealaíontóirí, i measc raon leathan beart, atá mionsonraithe thíos. Agus cuirfear €15m de mhaoiniú breise leanúnach ar fáil do thionscal tábhachtach na turasóireachta, do thionscnaimh de chuid Fáilte Éireann, lena n-áirítear tacaíocht d'fhéilte agus don mhargaíocht intíre; do chlaochlú digiteach; do Straitéis Pheil Choláiste SAM agus gníomhaíochtaí Turasóireachta Inbhuanaithe. Leithdháilfear €15m breise chun Éire a mhargú thar lear mar cheann scríbe, agus chun tionscadal an Chuiridh a fhorbairt.

”Maidir le dúshláin reatha an chostais mhaireachtála, tacóidh an Scéim um Thacaíocht Shealadach Fuinnimh do Ghnólachtaí a fógraíodh inné leis na gnólachtaí i mo chuidse earnálacha, go háirithe in earnáil na turasóireachta, atá buailte le méadú ar chostais do ghás nádúrtha agus don leictreachas. 

“Oibreoidh mé le mo chomhghleacaithe sa Rialtas agus leis na hearnálacha eile maidir leis an €60m de thacaíocht a cuireadh ar fáil in 2022 chun maolú a dhéanamh ar thionchar billí méadaithe fuinnimh ar eagraíochtaí neamhbhrabúis agus ar eagraíochtaí deonacha in earnálacha éagsúla, agus earnálacha coimirce na Roinne seo ina measc."

 

Dúirt an tAire Jack Chambers:

 

“Cumasóidh Buiséad 2023 roinnt tionscnamh agus clár nua tábhachtach a chabhróidh chun rannpháirtíocht a mhéadú i spóirt agus i ngníomhaíocht fhisiciúil, chomh maith le cur leis an taitneamh a bhaineann daoine as na spóirt is áil leo – as bheith páirteach iontu agus as féachaint orthu. Táimid ag leithdháileadh cistí ar Spórt Éireann chun leanúint leis an tacaíocht do scoth-lúthchleasaithe agus iad ag ullmhú do na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha i bPáras in 2024, tar éis dóibh buanna iontacha a bhaint amach le deireanas i spóirt éagsúla. Táimid ag dul ag bunú ciste cóitseála ar leith do na Ceanneagraíochtaí Rialaithe Spóirt chun tacú le cóitseálaithe agus le cinntiú go mbeidh ag na daoine is cumasaí sa spórt an saineolas atá de dhíth orthu chun gach gealladh atá fúthu a chomhlíonadh. Cuirfidh an méadú ar mhaoiniú ar ár gcumas phríomhghníomhaíochtaí eile atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta don Spórt 2021-2023 a chur i gcrích, lena n-áirítear na tionscnaimh ‘SpórtdoChách’, ionas go mbeidh  níos mó deiseanna imeartha agus rannpháirtíochta ann do chách, beag beann ar aois, cumas nó cúlra. 

Ina theannta sin, tá €35m á leithdháileadh ar chlubanna agus eagraíochtaí spóirt chun cabhrú leo costais fuinnimh a íoc an geimhreadh seo. Cabhróidh an ciste speisialta le clubanna íoc as tuilsoilse, hallaí gleacaíochta agus hallaí spóirt a théamh, chomh maith le costais fuinnimh eile, rud is eol dom a chabhróidh go mór leis an gcóras spóirt ar fad.

 

“Tá €8.5m de mhaoiniú breise suntasach ann do chláir Ghaeilge agus Ghaeltachta sa bhliain amach romhainn, chomh maith le Plean Digiteach nua don Ghaeilge, agus Straitéis do na hEalaíona Teanga-bhunaithe. Fairsingeofar na bearta cuimsithe sóisialta a bhaineann le teanga, le maoiniú breise de €2.5m do Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta, a úsáidfear go príomha chun tacú le hearnáil na gcoláistí samhraidh agus fairsingiú a dhéanamh ar bhearta cuimsithe sóisialta a chuirfidh ar chumas daltaí ó scoileanna DEIS cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht. Ina theannta sin, tá maoiniú méadaithe á chur ar fáil do TG4, rud a chabhróidh chun an Ghaeilge a dhaingniú mar theanga phobail i gceantair Ghaeltachta, agus chun í a chur á labhairt ar fud na hÉireann trí chéile.  Nuair a fhéachtar air sin mar bhreis  ar phacáiste tacaíochtaí stairiúil Costas Maireachtála an Rialtais a fógraíodh inné, a thacóidh leis na cheantair Ghaeltachta chomh maith, léiríonn Buiséad 2023 cur chuige tomhaiste agus spriocdhírithe i leith tacú lenár n-earnálacha tábhachtacha sa bhliain atá romhainn.”

 

 

 

Buaicphointí Bhuiséad 2023

 

An Turasóireacht

 

Is é aidhm clár Seirbhísí Turasóireachta na Roinne tacú le tionscal na turasóireachta téarnamh agus fás ar bhealach inbhuanaithe. 

 

  • Tá €15m de mhaoiniú breise leanúnach curtha ar fáil i mBuiséad 2023 chun Éire a mhargú thar lear mar cheann scríbe den scoth do laethanta saoire agus chun tionscadal  an Chuiridh a fhorbairt

 

  • Anseo ag baile, soláthróidh €15m de mhaoiniú breise leanúnach raon beart chun tacú leis an earnáil lena n-áirítear margaíocht intíre; bunathrú a dhéanamh ar chumais dhigiteacha gnólachtaí turasóireachta, rud a threiseoidh iarrachtaí an tionscail chun foireann a earcú agus a choinneáil; tionscnaimh inbhuanaithe turasóireachta; infheistíocht fhadtéarmach i sraith Chlasaic Pheil Choláiste SAM; agus clár de réadmhaoin ligin ghearrthéarmacha a bhunú mar chuid d’athchóirithe “Tithíocht do Chách” an Rialtais

 

 

 

Na hEalaíona agus an Cultúr

 

Tá sé mar aidhm ag clár  Ealaíon agus Cultúir na Roinne scoth-neart na hÉireann sna healaíona agus i gcúrsaí cultúir a chur chun cinn agus a fhorbairt sa bhaile agus thar lear, chun a luach sochaíoch agus eacnamaíoch don tír a uasmhéadú, agus chun tacú leis na hearnálacha Ealaíon, Cultúir agus Cruthaitheachta leanúint den fhorbairt agus den fhairsingiú.

  • €130m, an maoiniú is airde riamh don Chomhairle Ealaíon, a chuirfear ar fáil arís in 2023 mar aitheantas ar thionchar an mhaoinithe seo chun athrú bunúsach a dhéanamh ar an earnáil agus chun tacú le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíon agus muid ag féachaint leis an earnáil a fhorbairt tuilleadh

 

  • €10m sa bhreis in 2023 chun an scéim phíolótach trí bliana um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona a mhaoiniú. €105m a chosnóidh an scéim agus tacóidh sí le 2,000 ealaíontóir agus oibrí ealaíon cruthaitheach chun a gcleachtas ealaíon gairmiúil a fhorbairt agus a chothú

 

  • Méadú €2m ar mhaoiniú do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain

 

  • €7m de mhaoiniú caipitil bhreise do spásanna ealaíontóirí agus oiriúnú aeráide, lena n-áirítear scéim nua, a bhfógrófar a sonraí go luath 

 

  • €2.5m breise, a chabhróidh lena chinntiú gur féidir leis na Forais Chultúrtha Náisiúnta  cláir ardchaighdeáin a sholáthar i gcónaí, chun deiseanna foghlama agus rannpháirtíochta a chur chun cinn agus na Bailiúcháin Náisiúnta a chosaint

 

  • Suas le €500k do thacaíochtaí d’ealaíontóirí agus d’oibrithe ealaíon a chuir mo Roinn i bhfeidhm i gcomhpháirtíocht le hInstitiúid Téatair na hÉireann agus grúpaí eile mar chuid den chlár ‘Safe to Create’ (Sábháilte le bheith ag Cruthú), arna chomhordú ag an Institiúid. Is freagairt é seo ar ábhair bhuartha faoi chiapadh agus faoi éagothroime san earnáil a luadh sa tuarascáil SPEAK UP (LABHAIR AMACH)

 

  • Féachfaimid freisin cad iad na roghanna atá ann chun €2m i dtacaíochtaí caipitil do pháirtithe leasmhara sa gheilleagar oíche a chaitheamh ar mhaithe le Tuarascáil an Tascfhórsa um an Geilleagar Oíche a chur i bhfeidhm. Beidh an maoiniú seo mar bhreis ar an €4m a cuireadh ar fáil in ioncam reatha do thionscnaimh éagsúla agus treoirscéimeanna chun tacú le geilleagar oíche a bheidh níos beoga agus níos éagsúla. 

 

  • €1m breise do Scáileán Éireann chun Plean Gníomhaíochta Closamhairc deich mbliana an Rialtais a chur i bhfeidhm go leanúnach. Beidh an maoiniú seo mar bhreis ar chinneadh an Rialtais príomhdhreasacht cánach, Alt 481, do thionscal na scannán, a choinneáil go dtí 2028.

 

  • €3 de leithdháileadh chun cartlann agus spás taispeántais nua a fhorbairt, a mhaoirsiú agus a bhainistiú mar chuid den Lárionad Náisiúnta iomlán um Thaighde agus Cuimhneachán. Is tionscadal suntasach gan fasach é seo a bhfuil tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leis agus a bheidh á fhorbairt i gcomhpháirtíocht le roinnt gníomhaireachtaí sna blianta amach romhainn, lena n-áirítear an Chartlann Náisiúnta agus Ard-Mhúsaem na hÉireann

 

 

An Ghaeltacht

Is é aidhm chlár Gaeltachta na Roinne tacú leis an nGaeilge agus a húsáid mar phríomhtheanga phobail na Gaeltachta a neartú tuilleadh i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. I measc na mbuaicphointí tá:

  • €1m de leithdháileadh tosaigh (in 2023) chun dlús a chur le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 d’fhonn spriocanna uaillmhianacha an Achta um earcú cainteoirí Gaeilge isteach sa tseirbhís phoiblí a bhaint amach faoi 2030

 

  • €1.75m de leithdháileadh breise do Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge na Roinne, ag tacú le cur i bhfeidhm an Phlean Dhigitigh don Ghaeilge agus Straitéis do na hEalaíona Teanga-bhunaithe atá le teacht

 

  • €2.5m de mhaoiniú breise do Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta na Roinne a úsáidfear do thionscnaimh éagsúla, lena n-áirítear tacaíocht bhreise a sholáthar d’earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge agus chun bearta cuimsithe sóisialta a bhaineann leis an teanga a leathnú

 

  • €400k chun próiseas tástála Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) d’inniúlacht sa Ghaeilge a leathnú (arna oibriú ag Ollscoil Mhá Nuad), chun freastal ar mhéadú ar an úsáid a bhaintear as TEG mar chuid d’oiliúint fheabhsaithe sa Ghaeilge sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí

 

  • Os cionn €300,000 chun Scéim Intéirneachtaí an Aontais Eorpaigh a leathnú chun cumas i sainranna teangeolaíochta a fheabhsú. Leathnú ar an scéim chun Ateangaireacht Chomhdhála a chuimsiú ann le cinntiú go gcoimeádfaidh an Ghaeilge a seasamh láidir mar theanga oifigiúil an Aontais

 

  • €1.3 milliún san iomlán de mhaoiniú méadaithe d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge d’obair na n-eagraíochtaí seo a thacaíonn le hearnálacha phobal na Gaeltachta agus na foilsitheoireachta Gaeilge faoi seach

 

  • €0.75m breise don phróiseas reachtúil pleanála teanga

 

Spórt

 

Tá sé mar aidhm ag clár Spóirt agus Caitheamh Aimsire na Roinne cur le sochaí níos sláintiúla agus níos gníomhaí trí rannpháirtíocht i spóirt a chur chun cinn agus trí thacú le hardfheidhmíocht spóirt agus le soláthar áiseanna spóirt.

  • €8m de mhaoiniú breise do Spórt Éireann, a thacóidh le maoiniú méadaithe do spórt ardfheidhmíochta sa tréimhse ullmhúcháin do Chluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha Pháras 2024 príomhghníomhaíochtaí sa Phlean Gníomhaíochta don Spórt 2021-2023 a chur i bhfeidhm go leanúnach chun borradh a chur faoi rannpháirtíocht, lena n-áirítear straitéis náisiúnta snámha a chur i dtoll a chéile agus ciste tiomnaithe cóitseála a bhunú do na Ceanneagraíochtaí Rialaithe Spóirt

 

  • Leanúint de Champas Spórt Éireann i mBaile Bhlainséir a fhorbairt chun bonneagar agus áiseanna spóirt ar thús cadhnaíochta a chur ar fáil do lúthchleasaithe ardfheidhmíochta agus don phobal i gcoitinne.

 

  • Tacú le bearta spóirt trí Mhaoiniú na gCuntas Díomhaoin chun díriú ar phobail atá faoi ghannionadaíocht i gcúrsaí spóirt lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas chun rannpháirtíocht i spóirt agus i ngníomhaíocht fhisiciúil a chur chun cinn agus a bhuanú mar chuid den chur chuige 'SpórtdoChách'

 

  • Rannán na Mór-imeachtaí a mhaoiniú chun breithniú agus óstáil a dhéanamh ar mhórchomórtais spóirt anseo, lena n-áirítear Euro 2028, Corn Ryder 2027 agus Corn an Domhain sa Chruicéad 2030

 

 

 

Na Meáin agus an Chraoltóireacht

 

Tá an Rialtas tiomanta d’earnáil éagsúil agus iolraíoch meán a chur chun cinn agus a thacú mar cheann de phríomhcholúin ár gcórais daonlathaigh agus ár sochaí i gcoitinne. Bainfear é seo amach trí chomhlacht nua, Coimisiún na Meán, a bhunú chun tacú le soláthar meán seirbhíse poiblí ar ardchaighdeán, ábhar ardchaighdeáin do phobal na hÉireann, agus rialáil éifeachtach ar shábháilteacht ar líne.

  • Tacóidh €7m de mhaoiniú ón Státchiste in 2023 le bunú an rialtóra nua meán, Coimisiún na Meán, a dhéanfaidh maoirsiú ar an gcóras rialála um shábháilteacht ar líne agus a chuirfidh creat forbartha agus tacaíochta fairsingithe i bhfeidhm d’earnáil na meán i gcoitinne

 

  • Príomheilimint den chreat seo is ea Ciste Meán nua, arna mholadh ag an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán, a sholáthróidh tacaíochtaí d’earnáil iomlán na meán ar bhonn ardán-neodrach

 

  • Is í an chéad chéim €6m a chuirfidh an Rialtas ar fáil chun gur féidir Scéimeanna nua Tuairiscithe na gCúirteanna agus an Daonlathais Áitiúil a thabhairt isteach in 2023. Bainfidh sé seo leis na meáin áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta 

 

  • Is comhlánú iad na tacaíochtaí nua seo ar na hathruithe ar CBL ar nuachtáin agus ar thréimhseacháin nuachta i bhformáidí clóite agus digiteacha, rud a chuirfidh ar chumas nuachtán infheistíocht a dhéanamh i ngach ardán nuachta agus san iriseoireacht neamhspleách

 

  • Mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán €15m de mhaoiniú eatramhach do RTÉ in 2022

 

  • Tá €15m á chur ar fáil in 2022 do chraoltóireacht seirbhíse poiblí; úsáidfear an maoiniú seo chun díriú ar mholadh an Choimisiúin maidir le maoiniú do RTÉ.  Cuirfear an maoiniú seo ar fáil do RTÉ trí shásra na gceadúnas teilifíse agus is aitheantas é ar an líon mór ceadúnas teilifíse saor in aisce a chuirtear ar fáil do dhaoine atá 70 bliain d'aois agus os a chionn

 

  • Cuirfear €7.3m breise ar fáil trína gcumasófar do TG4 leanúint dá ról ríthábhachtach chun a chinntiú go soláthrófar ábhar closamhairc Gaeilge ar ardchaighdeán, a fhreastalóidh ar ár bpobail Ghaeilge, agus a thacóidh le cruthaitheacht agus táirgeadh ábhair sna réigiúin, agus a chomhlíonfaidh tiomantas leanúnach an Rialtais dá Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus don Phlean Gníomhaíochta 5 Bliana a ghabhann leis

 

  • Tacóidh an méadú ar mhaoiniú le seoladh cainéal nua ar leith do leanaí – Cúla4 – chun seirbhísí don lucht féachana is óige a fheabhsú.

 

Ministers Martin and Chambers announce

details of Budget 2023 for the Department

of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

 

  • €30m continued additional funding to support tourism development at home and amongst overseas visitors
  • Record €130m funding for Arts Council retained for a further year
  • €35m for pilot Basic Income for the Arts scheme
  • €2m funding increase for Culture Ireland for the promotion of Irish arts worldwide
  • New €7m capital funds for artists’ spaces, and for climate adaptation measures 
  • Additional €8.5m to support the Irish language and the Gaeltacht
  • Additional funding to Sport Ireland of €8m – to support high-level performance sport, develop a new coaching fund, grow participation at all levels, and deliver first-ever national swimming strategy,
  • €7.5m to enable Coimisiún na Meán commence the vital work of online safety and media regulation
  • €6m for new Media Fund’s Courts and Local Democracy Reporting Schemes as part of wider support package for local, regional and national media and journalism
  • Largest ever increase to TG4 will support the launch of a new dedicated Children’s Channel, as part of their continued provision of quality Irish language programming

 

  • €35m for sports, €15m for the arts and €10m for the Gaeltacht and community sectors as part of a €60m fund to subsidise energy bills

 

The Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media, Catherine Martin TD, and Minister of State, Jack Chambers TD, today announced details of €1,142m gross funding allocated to the department in Budget 2023. These new funding streams and measures run in parallel to, and in addition to, the wider, all-of-society Cost of Living support measures announced by the Government yesterday. Separately, the Government has announced a strong package of horizontal supports, helping citizens, practitioners, organisations and groups manage the current cost of living increases.

 

Minister Catherine Martin said:

“Cost of Living increases are putting additional pressures on the sectors overseen by my Department, in common with wider society.  These sectors are emerging from the extraordinarily challenging Covid-19 crisis in a relatively stable condition, given the extent of Covid-specific Government supports throughout. The Government has now responded strongly to the fresh pressures brought by increasing energy costs and inflation.

“In that context, Budget 2023 brings a wide range of exciting and important new initiatives, supporting further growth and development with the important sectors of tourism, arts and culture, Gaeltacht, sport and media. Government is committed to strengthening the media sector, which plays such a vital role in our democracy and wider society. This Budget marks a significant step in Government’s commitment to the sector following the publication of the Future of Media Commission report in July. The allocations being announced today lay the foundation for an expanded regulatory and support framework for a sector which has undergone profound change in recent years. To complement the changes in the VAT rates applied to newspapers and news periodicals in printed and digital formats announced by Minister Donohoe, the new Media Fund will enable direct support to the sector, regardless of the platform, to enable the continued provision to the Irish people of high-quality, trusted public service media content. The largest ever increase in funding to TG4 not only underpins Government’s commitment to delivering on the 20-Year Strategy for the Irish Language 2010-2030, but is a further boost to the Irish language creative sector. This increase will also enable TG4 to launch a new dedicated children’s channel, Cúla4, which builds on the success of existing Cúla4 programming, BLOC and Molscéal. This new channel will include a children’s news service, entertainment and education content, drama, Irish animation, and will reflect the diverse backgrounds of children living in all parts of Ireland, but particularly in Gaeltacht and Irish speaking communities.

 

“We continue to invest in the development of the Arts and artists, with the record €130m annual funding for the Arts Council now in place for the third year running, and new funding streams to support artists’ studios and spaces, among a wide range of measures, all detailed below. And our important Tourism Industry will see €15m continued additional funding for Fáilte Ireland initiatives, including support for domestic festivals and marketing; Digital Transformation; US College Football strategy and Sustainable Tourism actions with a further €15m allocated to marketing Ireland overseas as a destination, and the development of the Invitation project.

“In relation to the current cost of living challenges, The Temporary Business Energy Support Scheme announced yesterday will support those businesses in my sectors, mainly in the Tourism sector, dealing with the impact of increased natural gas and electricity costs.

“I will also work with my Government colleagues and sectors in relation to the €60m support provided in 2022 for the impact of increased energy bills on the not-for-profit and voluntary organisations in a number of sectors, including the sectors under my aegis.”

 

Minister Jack Chambers said:

 

“Budget 2023 brings a number of important new initiatives and programmes which will help grow participation in sport and physical activity, as well as building further on the engagement people enjoy when they partake in, or watch, the sports they love.  We are allocating funds to Sport Ireland to continue the support for elite athletes as they prepare for the Olympics and Paralympics in Paris in 2024 on the back of phenomenal recent success at the highest level across a range of sports. We are establishing a dedicated coaching fund for National Governing Bodies of Sport to support coaches and to ensure our best and brightest talents have the expertise they need to achieve their full potential. The funding increase will also deliver on the other key actions set out in the Sports Action Plan 2021-2023 including the further roll out of ‘SportForAll’ initiatives, so there are increased opportunities to play and participate for all people, regardless of age, ability or background. In addition, €35m is being allocated to sports clubs and organisations to help them meet energy costs this winter. This special fund will help clubs with the cost of floodlights, heating gyms and sports halls, as well as other energy costs which I know will be of enormous benefit to the entire sporting system.

 

“There is also additional funding of €8.5m for Irish-language and Gaeltacht programmes in the year ahead, as well asa new Digital Plan for the Irish Language, and a Strategy for the Language-based Arts. Language-related social inclusion measures will be expanded, with additional funding of €2.5m for Gaeltacht Support Schemes which will be used primarily to support the Irish summer colleges sector and expand social inclusion measures allowing students from DEIS schools to visit the Gaeltacht.  In addition, increased funding is being made available for TG4, which will help consolidate the use of Irish as a community language in Gaeltacht areas, and indeed its use across Ireland as a whole.  Seen alongside the Government’s historic Cost of Living supports package announced yesterday which will also support the Gaeltacht regions, Budget 2023 represents a measured and targeted approach to supporting our important sectors over the coming year.”

 

Key highlights of Budget 2023

 

Tourism

The Department’s Tourism Services programme aims to support the tourism industry to recover and grow in a sustainable way. 

 

  • Budget 2023 has secured continued additional funding of €15m for overseas marketing of Ireland as a leading holiday destination and the development of the Invitation project

 

  • Domestically, continued additional funding of €15m will deliver a range of measures to support the sector including domestic marketing, transforming the digital capabilities of tourism businesses, boosting the industry’s recruitment and retention efforts, sustainable tourism initiatives, long-term investment in the US College Football Classic series, and establishment of a register of short-term letting properties as part of the Government’s “Housing for All” reforms

 

Arts and Culture

 

The Department’s Arts and Culture programme aims to promote and develop Ireland’s world class artistic and creative strengths at home and abroad, maximising their societal and economic value for the country, and supporting the Arts, Culture and Creative sectors to continue to develop and expand.

  • The retention of the record €130m funding for the Arts Council in 2023 in recognition of the transformational impact of this funding and to support artists and arts organisations as we look to further develop the sector

 

  • An additional €10m in 2023 to fund the Basic Income for the Arts pilot scheme, a three year, €105m scheme involving 2,000 artists and creative arts workers which will support each beneficiary in developing and sustaining a professional arts practice

 

  • €2m increase in funding for Culture Ireland for the promotion of Irish arts worldwide

 

  • €7m in additional capital funding for artists’ spaces and climate adaptation, including a new scheme, details of which will be announced shortly 

 

  • An additional €2.5m will help ensure the National Cultural Institutions continue to provide high-quality programming, to promote learning and engagement opportunities and to safeguard the National Collections

 

  • Up to €500k for supports for artists and arts workers put in place by my Department in partnership with the Irish Theatre Institute and others  as part of the ‘Safe to Create’ programme, coordinated by ITI. This responds to concerns about harassment and inequality in the sector as found in the  ‘SPEAK UP’ report
  • We will also explore options for up to €2m in capital supports for stakeholders in the Night Time Economy in the context of the implementation of the Night-Time Economy Taskforce Report. This is in addition to €4m in current spending for a range of initiatives and pilot projects to support a more vibrant and diverse Night-Time Economy

 

  • €1m extra for Screen Ireland for the continued implementation of the Government’s ten year Audiovisual Action Plan. This is in addition to a decision by government to extend a key tax incentive for the film industry, Section 481, to 2028.

 

  • An allocation of €3m to develop, oversee and manage a new archive and exhibition space as part of the overall National Centre for Research and Remembrance. This is a significant and unprecedented project of national and international importance which is being developed in partnership with a number of agencies over the coming years including the National Archives and the National Museum of Ireland.

 

 

Gaeltacht

The aim of the Department’s Gaeltacht programme is to support the Irish Language and to further strengthen its use as the principal community language of the Gaeltacht in the context of the 20-Year Strategy for the Irish Language 2010-2030. Highlights include:

  • An initial allocation of €1m (in 2023) to accelerate the implementation of the Official Languages (Amendment) Act 2021 with a view to achieving the Act’s ambitious recruitment targets for Irish language speakers into the public service by 2030

 

  • An additional allocation of €1.75m for the Department’s Irish Language Support Schemes, supporting the implementation of the imminent Digital Plan for the Irish Language and Strategy for the Language-Based Arts

 

  • Additional funding of €2.5m for the Department’s Gaeltacht Support Schemes which will be used for a number of initiatives including the provision of additional support to the Irish summer colleges sector and the expansion of language-related social inclusion measures

 

  • Provision of €400k for the expansion of the TEG testing system for proficiency in Irish (operated by Maynooth University), catering  for greater use of TEG in the context of enhanced Irish language training in the Civil & Public Service

 

  • Over €300,000 for the expansion of the EU Internships Scheme to enhance capacity in specialised linguistic departments. Expansion of the scheme to include Conference Interpreting to ensure that Irish maintains its strong standing as an EU official language

 

  • Increased funding totalling €1.3 million for Údarás na Gaeltachta and Foras na Gaeilge for these organisations‘ work in supporting the Gaeltacht community and Irish language publishing sectors respectively

 

  • An additional €0.75m for the statutory language planning process

 

Sport

The Department’s Sports and Recreation programme aims to contribute to a healthier and more active society by promoting sports participation and by supporting high performance and the provision of sports facilities.

  • Additional funding to Sport Ireland of €8m, which will support increased funding to High Performance sport in the lead-in to the 2024 Paris Olympic and Paralympic Games and the ongoing implementation of key actions in the Action Plan for Sport 2021-2023 to drive increased participation, including completion of a National Swimming Strategy and the establishment of a dedicated coaching fund for National Governing Bodies of Sport

 

  • Continue the development of the Sport Ireland Campus in Blanchardstown to deliver world class, state of the art sporting infrastructure and facilities for high performance athletes and the general public

 

  • Support sports measures via the Dormant Accounts Funding to target hard-to-reach communities including people with disabilities to promote and sustain participation in sport and physical activity as part of the ‘SportForAll’ approach

 

  • Fund the Major Events Division to consider and host major sporting competitions here including Euro 2028, the 2027 Ryder Cup and the 2030 Cricket World Cup

 

Media and Broadcasting

Government is committed to promoting and supporting a diverse and plural media sector as one of the key pillars of our democracy and wider society. This will be achieved through the establishment of a new body, Coimisiún na Meán, to support the provision of high quality public service media, high quality content for the Irish public, and effective regulation of online safety.

  • Exchequer funding of €7.5m in 2023 will support the establishment of the new media regulator, Coimisiún na Meán, which will oversee the regulatory regime for online safety and put in place an expanded development and support framework for the wider media sector

 

  • A key element of this framework will be a new Media Fund, recommended by the Future of Media Commission, providing supports to the entire media sector on a platform-neutral basis

 

  • As a first step, Government is providing €6m to enable the introduction of Courts Reporting and Local Democracy Reporting Schemes in 2023. This will apply to local, regional and national media.

 

  • These new supports complement the changes to VAT on newspapers and news periodicals in printed and digital formats, which will enable newspapers to invest in all news platforms and independent journalism The Future of Media Commission recommended interim funding of €15m for RTE in 2022.
  • €15m is being made available in 2022 for public service broadcasting; this funding will be used to address the Commission’s recommendation on funding for RTE.  This funding will be provided to RTE through the licence fee mechanism and recognises the increasing number of free TV licences being provided to the over 70s  

 

  • An additional €7.3m will allow TG4 continue to fulfil its vital role in ensuring the provision of high-quality Irish language audiovisual content, serving our Irish-speaking communities, and supporting regional creativity and content production, and delivering on Government’s continued commitment to its 20-Year Strategy for the Irish Language 2010-2030 and associated 5-Year Action Plan

 

  • This increased funding will also support the launch a new dedicated Irish language children’s channel, Cúla4, to enhance services for younger audiences.

 

ENDS