Published on 

Cathair Saidhbhín aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ag an Aire Stáit O’Donovan agus ciste €560,000 ceadaithe don bhaile

Agus é ag tabhairt cuairt ar Chathair Saidhbhín inniu, d’fhógair an Aire Stáit don Ghaeltacht, Patrick O’Donovan T.D. go bhfuil plean teanga Chathair Saidhbhín ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga. Is ionann seo agus an t-ochtú baile a bheith aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta faoin bpróiseas pleanála teanga agus an 37ú plean in iomlán atá ceadaithe faoin bpróiseas ar cuireadh tús leis naoi mbliana ó shin.

 

Chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean d’fhógair an tAire Stáit O’Donovan go mbeidh ciste suas le €80,000 in aghaidh na bliana ar feadh tréimhse seacht mbliana ar fáil - rud a chuirfidh ar chumas lucht stiúrtha an phlean Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú chun cabhrú le feidhmiú an phlean.

 

 

Dúirt an tAire Stáit O’Donovan:

 

“Ba mhaith liom tréaslú le Comhairle Contae Chiarraí a ghlac leis an ról mar cheanneagraíocht ar an gcúram seo i gcomhar le páirtithe leasmhara go háitiúil. Tréaslaím freisin le gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a chur le chéile don bhaile. Ach an oiread leis na pleananna eile ar fad atá ceadaithe roimhe seo, tabharfar deiseanna do phobal an bhaile an Ghaeilge a chur chun cinn go háitiúil. Tacóidh ceadú an phlean seo le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga i gCathair Saidhbhín agus i nGaeltacht Chiarraí trí chéile.”

 

 

CRÍOCH

 

 

Press and Information Office

Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Tel: 087 6737338 / 087 7374427

Email: press.office@tcagsm.gov.ie

Website: www.gov.ie/dtcagsm

Twitter: https://twitter.com/DeptCulturelRL

Facebook: https://www.facebook.com/DepartmentofCultureIRL

Instagram: https://www.instagram.com/tourism.culture.gaeltacht/

LinkedIn: https://www.linkedin.com/company/departmentofcultureirl

Chun d’ainm a bhaint de liosta na ríomhphost, cliceáil ANSEO.

 

 

Nóta don Eagarthóir:

  

  • Tá ciste iomlán ar fiú €6.55m é á chur ar fáil mar thacaíocht don phróiseas pleanála teanga sa bhliain reatha. Is ionann seo agus ardú de €750,000 ar an gciste a bhí ar fáil in 2022.
  • Tá gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta ceadaithe anois. 
  • Tá 7 mBaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas roimhe seo - Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe, An Clochán Liath, Trá Lí, Chaisleán an Bharraigh agus Dún Garbháin
  • Tá pleananna teanga á n-ullmhú i 3 Bhaile Seirbhíse Gaeltacht faoi láthair - Cathair Chorcaí, Baile an Róba agus An Clochán
  • Tá 3 Líonra Gaeilge ceadaithe faoin bpróiseas freisin – Inis, Baile Loch Riach agus Cluain Dolcáin.  Anuas air sin, tá pleananna neamh-reachtúla ceadaithe ag Foras na Gaeilge i leith dhá Líonra Gaeilge sa Tuaisceart in Iarthar Bhéal Feirste agus Carn Tóchar.