Published on 

Deichniúr céimithe le ceapadh do Scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh 2022

Deichniúr céimithe le ceapadh do Scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh 2022

D’fhógair Príomhaoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers, T.D., go bhfuil an scéim intéirneachta in institiúidí an Aontais Eorpaigh á réachtáil arís i mbliana. Glacfar le hiarratais ar ríomhphost ón Máirt, 3 Bealtaine 2022 go dtí 12 meánlae Dé Máirt, 17 Bealtaine 2022. Cuireadh tús leis an scéim in 2018 agus tá sé dírithe ar dheiseanna a thabhairt do chéimithe socrúcháin oibre a fháil i réimse speisialtóireachta an aistriúcháin agus na profléitheoireachta.

 

Táthar ag súil go gceapfar deichniúr céimithe i mbliana agus go mbeidh siad i mbun taithí oibre san fhómhar. Beidh ochtar de na céimithe ag cuidiú le haistriú reachtaíocht agus dhlíthe an Aontais Eorpaigh - an acquiscommunautaire - go príomha le linn an tsocrucháin oibre. Beidh beirt ag obair mar phrofléitheoirí faoi mhaoirseacht in Oifig na bhFoilseachán nó i bParlaimint na hEorpa agus doiciméid i nGaeilge le profléamh acu. Beidh liúntas €2,000 in aghaidh na míosa ar fáil do na hintéirneachtaí seo ar feadh tréimhse 10 mí.

 

Ag fógairt na scéime i mbliana dúirt an tAire Stáit Jack Chambers, T.D:

Tá an-rath ar an scéim seo ó cuireadh ar bun é in 2018. Tugann sé deis do dhaoine blaiseadh a fháil den saol oibre san Eoraip, oiliúnt a fháil ó na hinstitiúidí, agus cur lena gcuid scileanna chun deis níos fearr a thabhairt dóibh sna comórtais earcaíochta amach anseo. Cheana féin tá roinnt mhaith de na hintéirnigh tar éis poist eile a fháil sna hinstitiúidí tar éis dóibh an intéirneacht seo a dhéanamh agus tá súil agam go n-éireoidh go geal le hintéirnigh na bliana seo chomh maith.”

 

Is féidir gach eolas faoin scéim a fháil ag: https://www.gov.ie/ga/nuacht/ed02d-comortas-dinteirneacht-in-institiuidi-an-aontais-eorpaigh-maoinithe-ag-an-roinn-turasoireachta-cultuir-ealaion-gaeltachta-spoirt-agus-mean/

 

Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe a chur chuig Mairin.NiFhlatharta@tcagsm.gov.ie roimh mheánlae, Dé Máirt, 17 Bealtaine 2022.

 

CRÍOCH

 

An Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán Gréasáin: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Nóta do na heagarthóirí

Bronnadh stádas mar theanga oifigiúil agus oibre ar an nGaeilge san AE ón 1 Eanáir 2007 faoi Rialachán 920/2005. San áireamh sa Rialachán, bhí maolú ar úsáid na teanga a bhí le hathbhreithniú gach cúig bliana agus an chéad tréimhse le leanúint go dtí an 31 Nollaig 2011. Mar thoradh ar an gcéad athbhreithniú, cuireadh síneadh leis an maolú go dtí an 31 Nollaig 2016 faoi Rialachán 1257/2010. Faoi théarmaí an mhaolaithe atá i bhfeidhm ó bhí 2007 ann, níor ghá ach dlíthe AE a rinneadh faoi nós imeachta na comhchinnteoireachta a aistriú go Gaeilge.

 

I mí na Nollag 2015, ghlac an Chomhairle Eorpach le rialachán dírithe ar dheireadh a chur leis an maolú ar bhonn incriminteach faoi dheireadh na bliana 2021. Tá institiúidí an AE anois ag cur seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil ag an leibhéal céanna le teangacha oifigiúla eile an AE.

 

 

Tuesday, 3 May 2022

Ten graduates to be appointed for Internship Scheme in European Union Institutions

It has been announced by the Government Chief Whip and Minister of State for the Gaeltacht and Sport, Jack Chambers, T.D. that the Internship Scheme in European Union Institutions will go ahead again this year. Applications via email will be accepted from Tuesday, 3 May 2022 until 12 midday on Tuesday, 17 May 2022.

 

The scheme commenced in 2018 and is focused on the provision of opportunities for graduates to acquire work placements in the specialised subject field of translation and proofreading.

 

This year it is hoped that ten graduates will be appointed and undertake work experience in the autumn. Eight of the graduates will assist in the translation of European Union legislation and laws – primarily the acquis communautaire – during the work placement. Two of the graduates will undertake work in the proofreading of Irish language documents under the supervision of the Publications Office or the European Parliament. An allowance of €2,000 per month will be made available for the internships for a period of ten months.

 

The Minister of State Jack Chambers, T.D., said:

“This scheme has been very successful since it was established in 2018. It provides people with an opportunity to experience working life in Europe, to receive training from the institutions, and to add to their skills, providing them with improved prospects in recruitment competitions in the future. Already quite a few of the interns have secured other jobs in the institutions after completing this internship and I hope that this year’s interns will have great success also.”

 

Further information regarding the scheme is available at:

https://www.gov.ie/en/news/ed02d-comortas-dinteirneacht-in-institiuidi-an-aontais-eorpaigh-maoinithe-ag-an-roinn-turasoireachta-cultuir-ealaion-gaeltachta-spoirt-agus-mean/

 

Completed application forms must be sent to Mairin.NiFhlatharta@tcagsm.gov.ie before midday on Tuesday, 17 May 2022.

 

ENDS