Published on 

Leithdháiltear €5 mhilliún ar 25 thionscadal raidió agus teilifíse dochláir a bhaineann le hAthrú Aeráide agus Gníomhú ar son na hAeráide

Inniu d’fháiltigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, mar aon leis an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Éamon Ryan, roimh fhógra Údarás Craolacháin na hÉireann go gcuirfear beagnach €2m i ndámhachtainí ar fáil do 10 dtionscadal raidió agus teilifíse faoi Scéim Fuaime agus Físe an Chiste Craolacháin.

 

Bronntar na dámhachtainí faoi bhabhta tiomnaithe na Scéime don Athrú Aeráide agus Gníomhú ar son na hAeráide, a chómhaoiníonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, chun tacú le hábhar nua agus ábhartha le feasacht a ardú ar an athrú aeráide agus ar ghníomhú ar son na haeráide.

 

Ag labhairt inniu dúirt an tAire Martin:“Tá ról lárnach ag earnáil na meán maidir le heolas agus oideachas a chur ar dhaoine faoi thionchar an athraithe aeráide, agus le feasacht a chur chun cinn agus béim a leagan ar na gníomhartha dearfacha is féidir linn a dhéanamh agus muid ag iarraidh ár spriocanna aeráide a bhaint amach. Sna tionscadail a fhógraítear inniu soláthrófar ábhar suimiúil agus inathraithe ní hamháin faoin athrú aeráide, ach faoi cad is féidir linn a dhéanamh chun tionchar an athraithe aeráide a stopadh agus a aisiompú chomh maith.”

 

Tagann an babhta maoinithe tar éis ghealltanas an Rialtais faoin bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2021 chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt ábhar ábhartha meán, lena n-áirítear tríd an earnáil léiriúcháin neamhspleách, chun bealaí nuálaíocha a sholáthar le hoideachas a chur ar an lucht féachana faoin ábhar.

 

Agus é ag cur fáilte roimh na fógraí, dúirt an tAire Ryan:  “Comhghairdeas leis na 25 craoltóir agus déantóir clár ar bronnadh an maoiniú seo orthu. Soláthróidh na tionscadail seo ábhar nuálach agus cruthaitheach faoi ghníomhú ar son na haeráide, feasacht aeráide agus cumasú do thithe ar fud na hÉireann. Tá a fhios againn ónár gComhráite Aeráide le linn 2022 gur mhaith le daoine tuilleadh eolais a fháil faoin athrú aeráide, agus cad is féidir leo a dhéanamh chun a bpáirt a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt air. Tá ról cumhachtach ag na meáin chumarsáide maidir le feasacht ar an aeráid ardú, go cruthaitheach agus ar bhealach ar féidir le daoine é a thuiscint.”

 

Tá sonraí na bhfaighteoirí, lena n-áirítear 10 dtionscadal raidió agus 15 thionscadal teilifíse, a bhfuil 5 cinn acu dátheangach nó i nGaeilge, ar fáil anseo.

 

CRÍOCH

 

Press and Information Office

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Tel: 087 6737338 / 087 7374427 Email: press.office@tcagsm.gov.ie Website:  Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

Nóta d’Eagarthóirí

I measc na dtionscadal a maoiníodh tá cláir faisnéise, siamsaíochta agus oideachais agus díríonn an ceathrú cuid de na tionscadail a gheobhaidh maoiniú ar aoisghrúpa 15-34. Beidh an lucht féachana in ann blaiseadh a fháil de thaisteal mall tríd an Eoraip agus cuairt a thabhairt ar chuid de na tithe is glaise in Éirinn.

Beidh roinnt tionscadail raidió nua ann freisin, lena n-áirítear breis agus 1200 clár thar 12 mhí. Tiocfaidh 24 stáisiún raidió le chéile chun oideachas a chur ar dhaoine maidir le hathruithe iompraíochta agus a chur ar a gcumas na hathruithe sin a dhéanamh le hábhar a tháirgtear go háitiúil.

Tá sonraí na 25 tionscadal ar éirigh leo ar fáil ar shuíomh gréasáin Údarás Craolacháin na hÉireann. 

Tá an babhta dámhachtainí seo ar cheann de go leor a maoiníodh trí Scéim Maoinithe Craolacháin Fuaime agus Físe, a fuair maoiniú breise €10.5 milliún ón Státchiste níos luaithe i mbliana, agus a chuir ar chumas an Údaráis roinnt babhtaí maoinithe speisialta a thosú.

Chomh maith leis an mbabhta maoinithe a fógraíodh inniu (a chómhaoiníonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide), i measc na mbabhtaí maoinithe eile tá:

  • €2 mhilliún d’ábhar craolacháin Gaeilge (dámhachtainí a fógraíodh i mí na Samhna);
  • €2 mhilliún le haghaidh tionscadail chraolta ceoil bheo (dámhachtainí a fógraíodh i mí Dheireadh Fómhair); agus
  • €1.5 mhilliún do thionscadail faoi Bhabhta 42 den Scéim Fuaime agus Físe a fógraíodh níos luaithe i mbliana).

D'fhógair an tAire Martin le déanaí freisin go bhfuil €2.5 milliún breise á leithdháileadh don earnáil neamhspleách raidió tráchtála.