Foilsithe ar 

Fógraí foilsithe ag Aire Stáit na Gaeltachta i dtaca leis na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta

D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., inniu (16 Meitheamh 2014) go bhfuil 6 fhógra foilsithe aige faoi Acht na Gaeltachta 2012 i dtaca leis na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta. Is iad na limistéir atá i gceist ná:

· Na Déise, Co. Phort Láirge

· Ciarraí Theas, Co. Chiarraí

· An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

· Ceantar na nOileán, Co. na Gaillimhe

· Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall

· Dún na nGall Theas, Co. Dhún na nGall

Dúirt an tAire Stáit:

"Tá lúcháir orm go bhfuil 6 fhógra eile foilsithe agam inniu faoi alt 7(3) d'Acht na Gaeltachta 2012. Cuireann na fógraí seo tús oifigiúil leis an phróiseas pleanála teanga sna limistéir seo. Is céim eile chun cinn é seo mar a bhaineann sé le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht."

Ach an oiread leis na fógraí a bhain leis an gcéad trí Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta a rinneadh i mí na Nollag 2013, tabharfar tréimhse suas le 2 mhí ón 16 Meitheamh d'eagraíochtaí chun iarratais a dhéanamh chuig Údarás na Gaeltachta le bheith roghnaithe mar eagraíochtaí chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna limistéir sin. Tabharfar tréimhse suas le 2 bhliain ón dáta ar a roghnaíonn Údarás na Gaeltachta an eagraíocht chun plean teanga a chur faoi bhráid na Roinne le measúnú i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga forordaithe.

Ina dhiaidh sin, beidh tréimhse 7 mbliana ag na heagraíochtaí chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm le cabhair ó Údarás na Gaeltachta. Déanfaidh an Roinn athbhreithniú tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm na bpleananna le linn na 7 mbliana sin.

Maidir leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, dúirt an tAire Stáit:

"Ba dheas liom an deis seo a thapú chun aird a tharraingt ar an phróiseas comhairliúcháin atá ar bun ag mo Roinn chun na bailte is oiriúnaí a roghnú le bheith aitheanta faoi Acht na Gaeltachta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta. Is féidir moltaí a chur faoi bhráid mo Roinne idir seo agus an 20 Meitheamh."

Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas pleanála teanga ar fáil ag http://www.ahg.gov.ie/ie/Straiteis20BliaindonGhaeilge2010-2030/AnProiseasPleanalaTeanga/.