Foilsithe ar Saturday28thJuly2018

Tugann an tAire Kehoe Cuairt ar Reilig Ghlas Naíon Chun Cloch Chros Victoria Tiomnaithe don Mhaor Edward “Mick” Mannock V.C. a chur i láthair

D’fhreastail an tAire atá freagrach as Cosaint, an tUasal Paul Kehoe, i dteannta a Shoilse, Ambasadóir na Breataine, an tUasal Robin Barnett, agus an tUasal John Green, Cathaoirleach Iontaobhas Ghlas Naíon, inniu ar shearmanas ag Reilig Ghlas Naíon chun onóir a léiriú don Mhaor Edward “Mick” Mannock, ar ar bronnadh Cros Victoria.

D’fhreastail an Príomh-Aermharascal, Sir Stephen Hillier, Ceann na hAerfhoirne sa Ríocht Aontaithe, agus an Briogáidire-Ghinearál Seán Clancy, Ginearáloifigeach i gCeannas ar an Aerchór ar an searmanas, chomh maith, a leag fleasca ag Cros na hÍobartha mar chuid den searmanas. Ina measc siúd a bhí i láthair, bhí pearsanra sinsearacha Míleata, baill de Chumann an Aerfhórsa Ríoga agus ionadaithe ó Eagraíocht na nIar-Bhall de na Fórsaí Armtha Náisiúnta.

Chuir an tUasal Green tús leis an searmanas trí fháilte a chur roimh na haíonna ar tugadh cuireadh dóibh agus trína mheabhrú do dhaoine scéal, saintréithe agus gnéithe pearsanta an Mhaoir Edward “Mick” Mannock. Dúirt an tUasal Green

“Más mian leat léargas a fháil ar chastacht ár staire sa tréimhse deich mbliana a fhad lenár Neamhspleáchas, is fiú saol agus eachtraí “Mick” Mannock a fhiosrú agus foghlaimeoidh tú go leor. Ba mhac le déchéileach, tréigtheoir agus Ceannaire é Edward. Thóg a mháthair thréigthe, arb as Baile an Chollaigh di, é aníos mar Chorcaíoch agus thug sé aire dó féin ó aois óg. Níorbh é a aistiogmatacht throm ina shúil chlé an t-aon chúis go raibh sé éagsúil ó na hOifigigh eitilte eile. Ba Náisiúnaí Éireannach é, bhí sé ar son Rialtas Dúchais, ba cheardchumannaí agus sóisialaí é a chreid go gcruthódh an Cogadh Domhanda deis ar deireadh don “cosmhuintir””.


Agus óráid á tabhairt aige don tionól, dúirt an tAire Kehoe,

“Mar bhall den Rialtas, is mór an phribhléid dom imeachtaí a stiúradh agus páirt a ghlacadh iontu a thugann an deis dúinn súil siar a chaitheamh ar an aistear atá déanta againn agus béim láidir a leagan ar ár gcomhstair agus ár gcomheispéiris. Spreagann imeachtaí ar nós imeacht an lae inniu sinn chun comhchaillteanas daoine muinteartha a thabhairt chun cuimhne, agus íobairt, misneach agus idéalachas ár sinsir a thabhairt ar aird a leag an bhunchloch faoin tsaoirse a mbainimid taitneamh aisti i láthair na linne seo.” Dúirt sé, ina dhiaidh sin, “is mór an sásamh a thugann sé dom cloch Chros Victoria a chur i láthair anseo inniu, a ghníomhóidh mar chomhartha buan de mhisneach agus ghaisce an Mhaoir Edward “Mick” Mannock V.C. 


Dúirt Ambasadóir na Breataine le hÉirinn, Robin Barnett, go raibh onóir air baint a bheith aige i gcomóradh chomh tábhachtach sin ag Reilig Ghlas Naíon agus go raibh gliondar croí air gur éirigh le Ceann na hAerfhoirne, Sir Stephen Hillieran, freastal agus oifigeach chomh tábhachtach sin i stair an Aerfhórsa Ríoga a aithint. Meabhraíonn ollchrógacht an náisiúnaí bhródúil Éireannaigh, an Maor Edward Corringham ‘Mick’ Mannock, duine de na hoifigigh a d’fhóin riamh in éide na Breataine, dúinn an rannchuidiú a thug an oiread sin fir agus mná cróga ón dá thaobh dár n-oileáin i rith eachtraí criticiúla agus casta, amanna, dár gcomhstair. Deis eile thábhachtach atá in imeacht an lae inniu i ndeich mbliana na gcuimhneachán lena chinntiú go ndéanaimid comóradh ar ár gcomhstair ar bhealach a léiríonn cóimheas, atá cruinn i dtaobh staire de agus a chuireann athmhuintearas chun cinn.

I measc ghnéithe eile den searmanas, léigh an Ceannaire Michael Whelan leis an Aerchór athmhachnamh stairiúil, leagadh fleasca, caitheadh nóiméad faoi thost agus seinneadh Caoineadh Píobaire agus séideadh an Ghairm Dheiridh agus Reveille. Cuireadh deireadh leis an searmanas ansin.