Foilsithe ar 

2019 - bliain inar cuireadh Bithéagsúlacht, Oidhreacht agus Cultúr i gcroílár bheartas an Rialtais

Déanann an tAire Madigan machnamh ar bhliain inar tharla dul chun cinn mór, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

 

-          Méadú ar an gcosaint do bhithéagsúlacht na hÉireann

-          Méadú ar an tacaíocht d’ealaíontóirí na hÉireann

-          Méadú ar an rochtain ar chultúr agus ar chruthaitheacht

-          Méadú ar an tacaíocht don oidhreacht fhoirgnithe

 

Tá sá ráite ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, go gcabhróidh bearta a rinneadh i mbliana go mór lenár n-iarrachtaí chun bithéagsúlacht na hÉireann a chosaint.

Áirítear an méid seo a leanas i measc na mbeart sin:

-          Leithroinnt mhéadaithe €2 mhilliún thar 3 bliana le haghaidh maoiniúchán deontais do thionscadail údaráis áitiúil lena ndéantar tionscnaimh a chuimsítear sa Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht (NBAP) 2017-2021 a chur chun cinn.

-          Rinneadh €7m a leithroinnt mar mhaoiniúchán chun dul i mbun clár luathaithe oibreacha athbhunaithe, bainistithe agus caomhnaithe tailte móna sa bhliain 2020, rud a ghinfidh suas go 100 post i lár na tíre. Trínár gcuid portach ardaithe a athbhunú, cinnteofar go ndéanfar an cion carbóin sa mhóin i ngach portach a stóráil go suthain.

-          Leithroinneadh €1m breise sa bhuiséad chun dlús a chur le cláir thábhachtacha maidir le caomhnú an dúlra agus bithéagsúlacht sa tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus áireoidh sé sin earcú speisialtóirí caomhantais túslíne.

-          Tá difríocht á déanamh ag cláir de chuid na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus de réir thuarascálacha na bliana 2019 tá torthaí dearfacha oibre ann e.g. léirigh an Tuarascáil ar Chlár Caomhnaithe an Chrotaigh go bhfuil méadú tagtha ar thorthaí pórúcháin i leith an éin i limistéir chaomhantais, féach Conservation Programme Report 2019. Mar thoradh ar chlár na Patraisce Broinnliath, níl an t-éan íocónach seo i mbéal a dhíothaithe a thuilleadh mar a bhí roimhe seo.

-          I mí Feabhra, reáchtáladh an chéad Chomhdháil Náisiúnta Bithéagsúlachta agus, mar thoradh air sin, tháinig roinnt mórthionscnamh nua Rialtais chun cinn , mar shampla, reachtaíocht chun dualgas bithéagsúlachta a thabhairt isteach, rud a fhorchuirfidh ceanglas ar chomhlachtaí poiblí chun caomhnú bithéagsúlachta a chur chun cinn le linn a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh, ar reachtaíocht í atá ag céim an Oireachtais, agus leithroinneadh maoiniúchán chun forbairt a dhéanamh, i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta, Foraoiseachta agus Mara, ar fhorbairt acmhainní don tionscadal ‘Feirmeoireacht ar mhaithe leis an Dúlra’.

 

-          Fuair an Roinn maoiniúchán AE ilbhliantúil le haghaidh mór-Chlár Caomhantais

 

-          Tacaíocht d’Fhundúireacht Phobail Éireann chun 56 Chlár Bithéagsúlachta pobail a fhorbairt

 

-          Leanamar don chomhoibriú leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide & Comhshaoil ar chlár Observe. An aidhm atá leis an gclár seo ná feabhas a chur lenár dtuiscint ar speiceas agus gnáthóga san fharraige amuigh atá faoi chosaint. Bhuaigh an togra Gradam na Státseirbhíse 2019.

 

I dtaca le cúrsaí Cultúir agus Cruthaitheachta de, dar leis an Aire Madigan – tráth a bhfuil stuamacht bhuiséadach ar leith á cur i bhfeidhm - tarraingíonn na bearta a rinneadh sa bhliain 2019 aird ar thiomantas an Rialtais i leith tacú le healaíontóirí na hÉireann, in Éirinn agus thar lear.

Áirítear an méid seo a leanas i measc na mbeart sin:

           

-          D’fhógair Markievicz Bursaries na chéad fhaighteoirí i leith Ghradam Markievicz; is scéim nua sparánachta d’ealaíontóirí é sin, agus é ainmnithe amhlaidh chun comóradh a dhéanamh ar chothrom 100 bliain cheapadh an chéad bhanaire comh-aireachta, is é sin le rá, Constance de Markievicz

 

-          I gcomhar leis an Roinn Oideachais, lainseáladh tionscnaimh nua fheabhsaithe chun tacú le cruthaitheacht. Tiocfaidh méadú faoi dhó ar an líon Scoileanna Ildánacha/Creative Schools, is é sin, go dtí 300, agus beidh 150 scoil breise ann sa ghrúpa píolótach tosaigh.

 

-          Le linn ócáide chun aitheantas a thabhairt d’ealaíontóirí Éireannacha ag Féile Dhún Éideann i mbliana, d’fhógair an tAire ceadú €680,200 mar mhaoiniúchán deontais ó Chultúr Éireann chun ealaín na hÉireann a chur chun cinn ar bhonn domhanda.

 

-          Fógraíodh tús na céime mionsonraithe measúnachta i leith athfhorbairt €80m Amharclann na Mainistreach.

 

-          Foilsíodh an chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le Cur i bhFeidhm an Phlean Gníomhaíochta Closamhairc agus tuairiscíodh dul chun cinn suntasach maidir leis na hiarrachtaí chun Éire a thiontú ina mol domhanda le haghaidh scannán, drámaí teilifíse agus beochan

 

-          Scéim Leasa Shóisialaigh d’Ealaíontóirí Féinfhostaithe lena gcumasaítear do líon níos mó ealaíontóirí féinfhostaithe a bhfuil Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil acu den chéad bhliain díriú ar a n-obair ealaíne agus ar fhorbairt a gcuid punann.

-          Uasdátú déanta ar Scéim an Chéatadáin don Ealaín le go mbeidh bearta ann chun méadú suntasach a dhéanamh ar mhaoiniúchán don Ealaín Phoiblí. Faoin scéim nua a d’fhógair an tAire Madigan, méadófar an banda uachtarach go dtí €50m, rud a chiallaíonn go bhféadfaí 500k a chaitheamh ar shaothar ealaíne.

-          Ceapadh Ambasadóirí Cultúir - ceapadh cúigear pearsana ard-phróifíle de chuid phobal ealaíon agus cultúir na hÉireann chun Éire a chur chun cinn ar bhonn domhanda mar chuid de thionscnamh an Rialtais ar a dtugtar Éire Dhomhanda 2025.

-          Comhdháil Chultúr Éireann i leith Éire Dhomhanda 2025 i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Mar phríomhchuid de thionscnamh an Rialtais dar teideal Éire Dhomhanda 2025, tháinig geallsealbhóirí de chuid shaol na n-ealaíon le chéile chun díospóireacht a dhéanamh i dtaobh conas is féidir le hÉirinn a cáil iomráiteach shainiúil dhomhanda i leith cruthaitheachta a neartú agus a chur ar aghaidh ar bhonn straitéiseach.

Maidir le cosaint ár n-oidhreachta foirgnithe, áiríodh an méid seo a leanas sa dul chun cinn a rinneadh sa bhliain 2019:

-Foilsíonn an tAire Madigan mionsonraí faoi chomhairliúchán poiblí i leith Oidhreacht Éireann 2030.  Anailís ar níos mó ná dhá mhíle aighneacht a fuarthas le linn an chomhairliúcháin phoiblí 4 mhí maidir le forbairt oidhreachta náisiúnta nua

Foilsiú na bPleananna Oiriúnaithe Earnála i leith Athrú Aeráide don Bhithéagsúlacht agus don Oidhreacht Fhoirgnithe agus Seandálaíochta

-  Lainseáil chiste €4.3m chun caomhnú agus deisiú a dhéanamh ar dhéanmhais chosanta stairiúla na hÉireann

-  Táthar ag leanúint d’athghiniúint bhailte stairiúla na h Éireann i bhfianaise fhógairt mhaoiniúchán €1 mhilliún don bhliain 2020

 

Agus, i mí na Nollag, lainseáil an Taoiseach agus an tAire Madigan tionscadal taighde dar teideal Thar 2022 Amach: Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann, is é sin le rá tionscadal taighde suaitheanta an Rialtais trína gcruthófar dea-thoradh uile-oileáin agus idirnáisiúnta ar Dheich mBliana na gCuimhneachán agus lena ndéanfar seacht gcéad bliain de thaifid stairiúla a measadh a cailleadh i ndóiteán sa bhliain 1922 a athchruthú agus a athshamhlú 

Agus í ag machnamh ar bhliain ghnóthach , dúirt an tAire Josepha Madigan TD an méid seo a leanas:Tá an bhliain 2019 lán le cuid mhór gnóthachtálacha móra, torthaí móra rathúla agus cuimhní móra.

Tá béim mhór leagtha againn ar chur chun cinn an chultúir agus na cruthaitheachta, in Éirinn agus thar lear araon. Soláthraíonn an Scéim Leasa Shóisialaigh d’Ealaíontóirí Féinfostaithe slándáil a bhfuil géarghá léi chun a ligean d’ealaíontóirí díriú ar a gcuid oibre ealaíne agus ar fhorbairt a gcuid punann gan aon bhrú breise maidir le fostaíocht a lorg.

Ina theannta sin, tá formhaoirseacht déanta againn ar chlár cuimsitheach gníomhartha ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil chun méadú a dhéanamh ar an gcosaint atá á tabhairt againn dár mbithéagsúlacht. Agus, is tábhachtach an rud é go bhfuil torthaí follasacha á mbaint amach againn agus go bhfuil cuid mhór dár n-ainmhithe agus dár ngnáthóga ag freagairt go dearfach dár gcuid iarrachtaí le déanaí. Ina theannta sin, tháinig méadú suntasach i mbliana ar an infheistíocht a bhí ar fáil le haghaidh cosaint bithéagsúlachta.