Foilsithe ar 

Busanna Leictreacha NPWS, Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha

Is ábhar ríméid ag an Aire Madigan agus ag an Aire Ring a fhógairt go bhfuil conradh sínithe le Harris Group, dáilitheoir feithiclí tráchtála, maidir le dhá bhus leictreacha a chur ar fáil  i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha i nDún na nGall.  Tá comhchistíocht á chur ar fáil don togra ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ag Fáilte Éireann agus ag an Roinn Gnóthaí Tuaithe agus Pobail faoin gCiste Forbartha maidir le hAthbheochan na Tuaithe.

I ndeireadh na bliana 2019, d'fhógair an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Comórtas Oscailte maidir le Tairiscint Soláthair i ndáil le busanna leictreacha a cheannach a chuirfí ag obair i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha.  Socraíodh i mí Márta 2020 an conradh a thabhairt do Harris Group, comhlacht atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

Tríd an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, déanann an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta bainistíocht ar chóras lena mbaineann 6 cinn de Pháirceanna Náisiúnta agus níos mó ná 80 anaclann dúlra.  Tá achar iomlán níos mó ná 87,000 heicteár i gceist i gcuid de na réimsí tíre is sceirdiúla agus is iomráití in Éirinn.  Caomhnú ar na gnáthóga tábhachtacha seo agus ar an mbithéagsúlacht iontu atá de chuspóir ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus tá beart cosanta maidir leis an aeráid agus ísliú ar an méid carbóin a úsáidtear mar gheall ar fheithiclí leictreacha a thabhairt isteach ag teacht go dlúth dílis lena leagtar de dhualgas ar an tseirbhís. STEED (maidir le Sustainable Transport Electric Energy Delivered) a thugtar ar na feithiclí a bhfuil caomhchóiriú de réir mar a shonraigh Harris Group tugtha orthu ag Higer, an comhlacht táirgíochta atá ar an gcomhlacht is mó a easpórtálann busanna as an tSín.  Beidh an STEED ar an gcéad fheithicil den sórt seo a chuirtear in úsáid i gcóras iompair na hÉireann agus tagann sé le haidhmeanna an Rialtais maidir le leibhéil astaíochta a mhaolú.  Tarlaíonn na busanna leictreacha seo a thabhairt isteach tar éis deiseanna luchtaithe do dhaoine den phobal a thabhairt isteach i nGleann Bheatha sa bhliain 2018.

 

Cúis áthais ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D., síniú an chonartha:

Faoi bhainistíocht ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, déantar caomhnú an dúlra agus cosaint ghnáthóga na speiceas dúchais i bPáirceanna Náisiúnta na hÉireann.  Tá na Páirceanna agus na hAnaclanna Náisiúnta le háireamh, gan aon agó, ar roinnt de na háiteanna is scéimhiúla ar domhan.  I ngach Páirc Náisiúnta agus anaclann dúlra, tá gnáthóga, fásra agus fiadhúlra faoi leith, chomh maith le radharcanna éagsúla ar thaobh tíre faoi leith, ionas go mbíonn nithe éagsúla faoi leith le taithí ag an gcuairteoir.  Tá caomhnú na timpeallachta sin buntábhachtach maidir leis na haidhmeanna fadtéarmacha le Páirceanna Náisiúnta.  Cuideoidh na feithiclí leictreacha seo de scoth an domhain le lorg carbóin na gcuairteoirí a mhaolú i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta an Rialtais maidir le cúrsaí Aeráide chomh maith leis an tionchar atá ag ardú ar líon na gcuairteoirí ar láithreacha a thabhairt isteach agus léiríonn sé éiteas chosaint na timpeallachta nádúrtha atá chomh láidir sin inár bPáirceanna náisiúnta agus inár n-Anaclann Dúlra.

 

Dúirt Denise Harris, Príomhfheidhmeannach Harris Group:

Tá Harris Group tugtha do nuacht smaointeoireachta, rud a fhágann go dtagaimid ar sheifteanna nuálaíochta agus is breá linn a bheith ag obair i gcomhar leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le seifteanna iompair atá dírithe ar an am atá romhainn a chur i bhfeidhm.

Tá an STEED ar an gceann is deireanaí de bhearta ceannródaíochta an Harris Group agus is é an comhartha é go bhfuil an Grúpa ar an dáilitheoir is mó feithiclí tráchtála leictreacha in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Bíonn aird i gcónaí againn ar an am atá i ndán, agus sa lá atá inniu ann, leis an aird ar athrú aeráide, ciallaíonn sin athrú go dtí teicneolaíocht gluaisteáin gan aon astaíocht agus córais iompair atá "glas".

 

Dúirt Orla Carroll, Stiúrthóir Forbairt Táirgí ag Fáilte Éireann:

Cúis áthais d'Fháilte Éireann an scéal go bhfuil busanna leictreacha á gceannach den chéad uair do Pháirceanna Náisiúnta na hÉireann.  Tá buntábhacht le cúrsaí inmharthanachta chun an timpeallacht nádúrtha a chosaint agus a chaomhnú agus is maith an beart maidir le hinmharthanacht breise i ndáil le taithí an chuairteora ar na Páirceanna Náisiúnta busanna leictreacha a chur ar fáil.  Seasann Fáilte Éireann le samhailchóras VICE mar phríomhghné bhunúsach maidir le gach cor nua forbartha agus is dea-eiseamláir an togra seo d'fhorbairt inmharthana. Is ábhar ríméid againn a bheith ag obair i gcomhar straitéiseach leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra i mbun forbairt bhreise ar a dtaithíonn an cuairteoir i bPáirceanna Náisiúnta agus in Anaclanna Dúlra na hÉireann

Mar fhocal scoir, dúirt Michael Ring T.D., an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail:

Is cúis mhór áthais domsa gur fhéad an Roinn cistíocht a chur ar fáil don tionscnamh seo faoin gCiste Forbartha maidir le hAthbheochan na Tuaithe. Seod náisiúnta atá i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus is rímhaith an áit í le hinfheistíocht a dhéanamh i seifteanna iompair atá saor ó astaíocht ar mhaithe leis na haidhmeanna náisiúnta maidir le hathbheochan sóisialta i gceantair tuaithe a chur chun cinn.

 

Nótaí don Eagarthóir

Eolas Teicniúil maidir leis na Busanna

Tá curtha in iúl ag Harris Group go bhfágann an teicneolaíocht de scoth na linne seo sna busanna STEED go ndéanfar caomhchóiriú mionchruinn ionas go dtéann in oiriúint go díreach do na bealaí a mbítear ag tiomáint orthu i nGleann Bheatha agus go mbaintear an leas is fearr i gcónaí as na ceallraí agus go mbíonn an gá is lú is féidir lena luchtú.

Faoi thiomáint cheallraí ian litiam CATL a chuireann 174 kW amach a bheidh an STEED ar féidir suas le 48 paisinéir a iompar air.  Cuirtear bonnchóras luathluchtaithe CCS2 DC dá cuid féin ar fáil le gach feithicil ionas gur féidir na ceallraí a luchtú go hiomlán in imeacht níos lú ná dhá uair a chloig rud a fhágann oiread ama ar an mbóthar agus is féidir agus costas oibriúcháin níos ísle.  Tá buntáiste leis an STEED chomh maith ó thaobh áisiúlacht do phaisinéirí le hurlár íseal, ré, cothrom ionas gur furasta cathaoir rothaí a thabhairt isteach. Ar na gnéithe breise, áirítear aerchóiriú sa salún agus comharthaí ardghléine atá éadrom ó thaobh ídiú cumhachta.

 

HARRIS GROUP

Is é Harris Group an comhlacht iompórtála agus dáiliúcháin is mó in Éirinn maidir le feithiclí tráchtála do thionscal na tógála, don tionscal dáilitheoireachta agus don tionscal olliompair.  Robert ‘Pino’ Harris (1942-2017) a bhunaigh an chuideachta a bhfuil iomrá uirthi mar gheall ar bhrandaí feithiclí tráchtála de leithéid Isuzu, LDV, Hino, Sino agus Higer. Ar champas gnó Harris Group ar Bhóthar an Náis, tá seomraí taispeántais, réimse ollmhór feithiclí agus ionad dáiliúcháin páirteanna den scoth, chomh maith le háiseanna fairsinge ceirde agus an t-aon mhonarcha cóimeála le creidiúnú ISO maidir le feithiclí HGV & LDT in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe.

Tá Harris Auto ar cheann de na comhlachtaí dáilitheoireachta is mó in Éirinn maidir le busanna agus cóistí le réimse leathan feithiclí ar a n-áirítear an Higer Super 9 XL – an cóiste 9m le hinneall chun deiridh is mó díolacháin in Éirinn – Isuzu AOS Visigo agus cineálacha Crusader.

Tagann an STEED a thabhairt isteach in earnáil an olliompair tar éis rath den chineál céanna a bheith ar shaothar Harris Group in earnáil na bhfeithiclí éadroma tráchtála leis an veain suaitheantais LDV EV80 agus an veain nua LDV EV30 a bhfuil éileamh tréan orthu ag úinéirí gnólachta agus oibritheoirí flíteanna seachadta in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, An Post san áireamh, chomh maith le DPD.

 

FIOSRÚCHÁN Ó LUCHT NA MEÁN CUMARSÁIDE

Is féidir breis eolais a fháil ó Pat Kierans.

pk@dyjaho.ie

00 353 +21 239 0600

 

Seasann an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra le teicneolaíocht "ghlas" a thabhairt isteach 

Seasann an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra go forbheartach le teicneolaíocht de chineál "glas" a thabhairt isteach sna Páirceanna agus cuireadh tús, chun na críche sin, le háiseanna luchtaithe leictreachais a chur isteach le húsáid ag daoine den phobal i láithreacha i bPáirceanna Náisiúnta éagsúla (Gleann Bheatha, Baile Cruaich & Conamara). Chomh maith leis sin, tá tástáil phíolótach á dhéanamh ag an tSeirbhís ar veaineanna tráchtála faoi thiomáint leictreachais a úsáid agus é d'aidhm laghdú ar líon na bhfeithiclí díosail de réir mar a bhíonn acmhainní ar fáil chuige sin.