Foilsithe ar 

Ceapacháin chuig an gComhairle Ealaíon fógartha ag an Aire Madigan

Jillian Van Turnhout Uasal ar feadh tréimhse 5 bliana go dtí Deireadh Fómhair 2024

Claudine McMahon Uasal ar feadh tréimhse 5 bliana go dtí Deireadh Fómhair 2024

Melatu Uche Okorie Uasal ar feadh tréimhse 5 bliana go dtí Deireadh Fómhair 2024

 

Comhairleoir Sinsearach a bhfuil taithí aici sna réimsí a bhaineann le Rialachas, Comhlíonadh, Bainistiú Athruithe, Pleanáil Straitéiseach, Tacaíocht, Cuardach Feidhmeannaigh, Oiliúint do Bhoird agus Measúnú ar Bhoird í Jillian van Turnhout. Tá sí ina Stiúrthóir agus ina Iontaobhaí i láthair na huaire ar One in Four Ireland Ltd agus chaith sí seal ina Seanadóir.

Gairmí AD a bhfuil taithí mhór aici í Claudine McMahon agus is í Ceann reatha ar Thallann, Forbairt Eagraíochtúil agus Oibríochtaí Daoine í i Vodafone Ireland.  Bhí post sinsearach AD aici roimhe seo le Centric Health, Grúpa AIB agus le Walt Disney Studios.

Áisitheoir ar cheardlanna scríbhneoireachta cruthaithí do leanaí agus do dhaoine óga í Melatu Uche Okorie agus is mac léinn PhD í chomh maith i gColáiste na Tríonóide.  Comhalta Boird í chomh maith i láthair na huaire ar an Líonra Náisiúnta um Imircigh Mná in Éirinn  AKIDWA.

Tá cothromaíocht inscne reachtúil i bhfeidhm ar an gComhairle Ealaíon, agus ní mór 6 fear agus 6 ban ar a laghad a bheith uirthi. De bharr na gceapachán seo, tá an Chomhairle comhdhéanta anois de 7 fear agus 6 ban.

Maidir leis na ceapacháin, dúirt an tAire Madigan:

Tá áthas orm an 3 iarrthóirí ardchumasacha seo a cheapadh agus déanaim comhghairdeas leo ar na ceapacháin.

Guím gach rath ar an triúr le linn a dtéarmaí agus gabhaim buíochas leo faoi ghlacadh leis na róil thábhachtacha seo.