Foilsithe ar 

Comhghairdeas déanta ag an Aire Martin leis na hAmharc-Ealaíontóirí a bhfuil Gearrliosta Biennale Ealaíne na Veinéise bainte amach acu

Rinne Catherine Martin, an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta comhghairdeas leis na hiarrthóirí a d'éirigh leo áit a bhaint amach ar an ngearrliosta sa phróiseas roghnúcháin chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éire ag Biennale Ealaíne na Veinéise 2022.

Dúirt an tAire Martin:

Léiríonn an liosta breá seo de na daoine a d'éirigh leo an gearrliosta a bhaint amach chomh láidir is atá earnáil amharc-ealaíon na hÉireann agus is iontach an deis a chuireann Biennale na Veinéise ar fáil chun ardán domhanda a thabhairt dá gcuid ealaíontóirí. Déanaim comhghairdeas leis na healaíontóirí agus coimeádaithe a roghnaíodh, is aitheanta agus deimhniú ceart é ar an obair atá déanta agaibh go dtí seo chomh maith leis an bhfís atá agaibh do Biennale na Veinéise.

Is iad na healaíontóirí agus coimeádaithe a d'éirigh leo, a roghnaíodh i ndiaidh glao oscailte a rinne Éire Ildánach i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon ná an t-ealaíontóir, Elaine Byrne agus an coimeádaí Helen Carey, an t-ealaíontóir Marianne Keating agus coimeádaí Miguel Amado, an t-ealaíontóir Niamh McCann agus Peter Carroll, innealtóir agus na coimeádaithe Belinda Quirke agus Hugh Mulholland, an t-ealaíontóir Bea McMahon agus Matt Packer, coimeádaí, an t-ealaíontóir Ailbhe Ní Bhriain agus coimeádaithe Mary Hickson agus Francis McKee agus an t-ealaíontóir Niamh O’Malley agus Temple Bar Gallery + Studios, foireann coimeádaíochta.

Cuirfidh na foirne gearrliostaithe seo a gcuid tograí sonraithe i láthair do phainéal ar a mbeidh ionadaithe ó Éire Ildánach, an Chomhairle Ealaíon agus saineolaithe idirnáisiúnta i bhFómhar 2020 nuair a dhéanfar ionadaí na hÉireann a roghnú. Is tionscnamh de chuid Chultúr Éireann i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon ionadaíocht na hÉireann ag Biennale na Veinéise. Ardán ardphróifíle atá sa Biennale ina bhfaighidh lucht ealaíne idirnáisiúnta léargas ar chleachtas ealaíne comhaimseartha na hÉireann agus ina dtabharfar léiriú ar shaothar amharc-ealaíon na Éireann agus léiríonn an tacaíocht airgeadais €300,000, a bhronntar ar an togra a roghnaítear sin.

Tá Biennale Ailtireachta na Veinéise (2020) curtha siar go dtí 2021 agus tá Biennale Ealaíne na Veinéise (2021) curtha ar siar go dtí 2022 mar gheall ar phaindéim COVID-19.

Tharraing an dá shaothar deiridh a rinne ionadaíocht ar an tíre seo sa Veinéis, The Shrinking Universe le Eva Rothschild (2019) agus Tremble, Tremble le Jesse Jones (2017) cáil dhomhanda agus tá siad fós i mbun camchuairt idirnáisiúnta, le tacaíocht ó Chultúr Éireann.