Foilsithe ar 

Cruinniú na nÓg 2020 á sheoladh ag an Aire Madigan – lá náisiúnta na hÉireann don ghníomhaíocht chruthaitheach saor in aisce do leanaí agus do dhaoine óga Dé Sathairn an 13 Meitheamh 2020

Mar chuid d'fheachtas #InThisTogether an Rialtais, cuirfidh Clár Éire Ildánach agus RTÉ Cruinniú na nÓg ar líne don bhliain 2020

Mhol an tAire Madigan do dhaoine óga páirt a ghlacadh, tabhairt faoin gcruthaitheacht sa bhaile agus a bheith réidh chun an cumas ealaíne atá iontu a chur ar ardán Dé Sathairn an 13 Meitheamh

D'fhógair Josepha Madigan, TD, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta inniu (an 5 Bealtaine 2020) sonraí maidir le Cruinniú na nÓg 2020 lá náisiúnta na hÉireann don ghníomhaíocht chruthaitheach saor in aisce do dhaoine faoi 18 mbliana d'aois 18. Comhoibriú idir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Clár Éire Ildánach, údaráis áitiúla agus RTÉ é Cruinniú na nÓg agus is cuid de fheachtas #InThisTogether an Rialtais é atá ag tacú le gach duine a choinneáil nasctha, gníomhach agus aire a thabhairt den fholláine fhisiciúil agus mheabhrach.

Dúirt an tAire Madigan agus Cruinniú na nÓg 2020 á fhógairt aici: 

Is bealaí cumhachtacha iad an chruthaitheacht agus an cultúr trínar féidir le leanaí agus daoine óga tuilleadh a fháil amach faoi chumarsáid agus comhoibriú, cruthaitheacht na samhlaíochta a mhúscailt agus leas a bhaint as a bhfiosracht nádúrtha. Cuidíonn an chruthaitheacht freagracht shóisialta agus buanna pearsanta a bhaineann le folláine mar teacht aniar, bá agus an cumas caidreamh agus cairdeas a dhéanamh a spreagadh. Le dhá bhliain anuas, is imeacht tábhachtach é Cruinniú na nÓg san fhéilire do leanaí agus do dhaoine óga d'fhonn triail a bhaint as rud éigin cruthaitheach, grá don taiscéalaíocht a fhorbairt agus scileanna nua a fhoghlaim - agus ní thiocfaidh athrú air sin in 2020.

I bhfianaise na srianta sláinte poiblí atá i bhfeidhm i láthair na huaire, tá roinnt "glao chun gnímh" don chruthaitheacht, cultúr agus rannpháirtíocht forbartha déanta ag Clár Éire Ildánach agus comhpháirtithe an chláir ina mbeidh leanaí, daoine óga - an teaghlach ar fad go deimhin - ábalta dul i mbun na cruthaitheachta ina dteach agus ina ngairdín féin Dé Sathairn an 13 Meitheamh. Áireofar ar na buaicphointí:

·         Céilí sa Chistin – Glao chun gnímh i gcomhar do leanaí, do dhaoine óga agus dá muintir Céilí a bheith acu ina gcistin féin do Chruinniú le hÁirc Damhsa a threoróidh tríd an traidisiún Gaelach a bhaineann leis na himeachtaí sóisialta poiblí seo muid a bheidh ar siúl sna tithe.

·         Cuirimis Eitleog in Airde – Glao chun gnímh i gcomhar do leanaí, do dhaoine óga agus dá muintir eitleog a dhéanamh ag úsáid dathanna a gcontae dúchais agus í a chur in airde do Chruinniú. Ar an Satharn an 13 Meitheamh, i gcomhar le Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann, ag cúl an tí nó ar do shráid agus do dhroim leis an ngaoth, scaoil go mall le d'eitleog agus breathnaigh uirthi ag ardú sa spéir. 

·         Bí i do Choimeádaí Scéil – Tá Fighting Words agus Great Lighthouses of Ireland ag tabhairt cuireadh do scríbhneoirí óga idir 7 agus 12 bliana d'aois a bheith ina gCoimeádaithe Scéil - scéal a chumadh ina bhfuil tionchar tithe solais le brath air.  Is áiteanna iad tithe solais atá lán le hiontas, áiteanna a choinníonn daoine slán agus iad á dtreorú ó bhaol agus iad ar thuras farraige.

·         Cuir Aip Físchluiche le chéile – Dá mbeadh tú ábalta d'aip físchluiche féin a chruthú cén sórt aip a bheadh inti? Cluiche rásaíochta nó boinn airgid a bhailiú? Sprioc-chluiche nó ardán? Níl deireadh leis an rogha agus is fútsa atá sé an rogha sin a dhéanamh. Cuir scéal againn agus in éindí le Whizz Kids Training trína Seomra Ranga Fíorúil Scileanna Digiteacha ceannródaíoch, cuideoimid le daoine óga cuairt a thabhairt ar dhomhan dearaidh bogearraí le 4 rang éasca.

 

Tá Clár Éire Ildánach i gcomhar le hÁirc Damhsa, Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann, Great Lighthouses of Ireland, Fighting Words, Whizz Kids Training agus RTÉ ar cur tacaíochtaí agus acmhainní ar fáil ar líne chun a chur ar chumas leanaí agus daoine óga féith na cruthaitheachta a chur ag obair. Tugtar cuireadh do chách ár gcultúr agus an chruthaitheacht a cheiliúradh agus páirt a ghlacadh ar líne anois agus muid ag fáil faoi réir do Chruinniú na nÓg Dé Sathairn an 13 Meitheamh 2020. Beidh tuilleadh sonraí agus acmhainní ar fáil ar láithreán gréasáin Éire Ildánach agus ardáin RTÉ ó seo go dtí Dé Sathairn an 13 Meitheamh, an dáta sin san áireamh – féach www.creativeireland.gov.ie agus www.rte.ie. Chomh maith leis sin beidh údaráis áitiúla ag reáchtáil réimse gníomhaíochtaí cultúir agus cruthaitheachta agus imeachtaí Cruinniú na nÓg ar líne - beidh na sonraí ar fad le fáil ar www.creativeireland.gov.ie.

Dúirt an tAire Madigan chomh maith: 

I gcroílár na físe atá mar bhun agus barr le Clár Éire Ildánach tá an tuairim go gcuireann páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht chultúir folláine aonair, pobail agus an náisiúin chun cinn. Tá sé níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh aire a thabhairt dár folláine fisiciúil agus intinne agus ba í sin an chúis a sheol an Taoiseach feachtas Éire Shláintiúil #InThisTogether le gairid - tionscnamh ina bhfuil páirt á ghlacadh ag mo Roinnse agus ag Clár Éire Ildánach ann.

Nóta D'Eagarthóirí

Is clár cultúrbhunaithe é Clár Éire Ildánach atá ina thionscnamh uile-Rialtais trína gcuirtear an chruthaitheacht i gcroílár an bheartais phoiblí, agus atá leagtha amach chun folláine aonair, pobal agus an náisiúin a chur chun cinn. Is é an bunsmaoineamh go mbíonn páirt i ngníomhaíocht chultúrtha ina spreagadh ag an gcruthaitheacht phearsanta agus ag cruthaitheacht an chomhair, agus go mbíonn tionchar aici sin ar fholláine agus gnóthachtáil an duine aonair agus an tsochaí. Tá sé bunaithe ar chúig cholún: Scód a ligean le Cumas na Cruthaitheachta i ngach Leanbh; Bonn a chur faoin gCruthaitheacht i ngach Pobal; Infheistíocht in Infreastruchtúr na Cruthaitheachta agus an Chultúir; Éire mar Lárionad Barr Feabhais maidir le Léiriúchán na Meán Cruthaitheachta; Clú na hÉireann ar fud an Domhain. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil anseo.

 

Tionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach é Cruinniú na nÓg agus is ceann de phríomhghníomhaíochtaí Creative Youth é  – plean chun cumas cruthaitheach gan linbh agus duine óig a chumasú. Faigheann Cruinniú na nÓg tacaíocht ó Údaráis Áitiúla agus ó RTÉ. Reáchtáladh an chéad Cruinniú na nÓg, a raibh breis is 500 gníomhaíocht chruthaitheacha saor in aisce mar chuid de, Dé Sathairn an 23 Meitheamh 2018.  Reáchtáladh os cionn 750 imeacht ar fud na tíre anuraidh, agus bhí teacht níos fearr ag leanaí fud fad na tíre ar ghníomhaíochtaí saor in aisce don chruthaitheacht.

 

Maidir le Cruinniú na Óg 2020 leanfaidh údaráis áitiúla de bheith ag obair i gcomhar le grúpaí agus cleachtóirí ealaíona agus cruthaitheachta chun go mbeidh Cruinniú na nÓg ar fáil i dtithe ar fud na tíre, agus tabharfaidh Clár Éire Ildánach tacaíocht maidir le réimse gníomhaíochtaí agus dúshlán - moltar do rannpháirtithe torthaí na ngníomhaíochtaí agus na ndúshlán a roinnt ar líne le hÉire Ildánach agus le RTÉ #ÉireIldánach.