Foilsithe ar 

Fáilte curtha ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann roimh thaispeántas ghrianghrafadóireachta clúiteach chuig an Eoraip den chéad uair

Tá an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD leis an taispeántas “Moment in Time – Photography from the Bank of America” a sheoladh tráthnóna anocht ag imeacht i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann.

 

Tá Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ag cur 180 bliain de ghrianghrafadóireacht chlúiteach os comhair an phobail lena thaispeántas is déanaí ‘Moment in Time:A Legacy of Photographs | Works from the Bank of America Collection’. Is é seo an chéad uair ar tugadh an taispeántas chuig an Eoraip.

 

Sular cuireadh tús leis an imeacht dúirt an tAire Madigan: "Is iontach go deo an bailiúchán é seo a léiríonn saothair 'chlasaiceacha' ghrianghrafadóirí ar nós Henry Fox Talbot agus Henri Cartier-Bresson atá curtha le taobh a chéile agus íomhánna teibí ó ealaíontóirí ar nós Man Ray agus Arthur Siegel. Bhí léiritheoirí an taispeántais dílis do stádas na grianghrafadóireachta a ardú mar fhoirm ealaíne. Tá sé i gceist ag an nGailearaí Náisiúnta aithris a dhéanamh orthu sin leis an gcéad taispeántas grianghrafadóireachta seo i gcomhar le bailiúchán grianghrafadóireachta an Ghailearaí féin, atá fós ag méadú, ar a dtugtar Radharc ar Éire"

 

Is iad tírdhreacha clúiteacha Mheiriceá, radharcanna ar an saol mar a bhí sé san Eoraip le linn na tréimhse idir an dá chogadh domhanda, imprisin theibí ar an domhan nádúrtha agus an domhan atá déanta ag an duine araon a bheidh i measc na n-ábhar a bheifear in ann a fheiceáil sa taispeántas is déanaí i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann, a osclóidh Dé Sathairn an 30 Samhain. Baineann an taispeántas leas as bailiúchán príobháideach ollmhór Bank of America, atá ar cheann de na bailiúcháin chorparáideacha grianghrafadóireachta is mó ar domhan.

 

Moment in Time:A Legacy of Photographs | Works from the Bank of America Collection á oscailt Dé Sathairn, 30 Samhain 2019 agus beidh sé ar siúl go dtí Dé Domhnaigh, 22 Márta 2020.