Foilsithe ar 

Fáilte curtha ag an Aire Madigan roimh chraoladh chlár faisnéise nua Scoileanna Ildánacha

Is clár faisnéise é Creative Kids a dhéanann ceiliúradh ar thionscnamh Scoileanna Ildánacha Chlár Éire Ildánach agus beidh sé á chraoladh Dé Domhnaigh an 3 Bealtaine ar RTÉ One ag 6.30pm

Chuir an tAire Madigan fáilte freisin roimh an síneadh atá curtha ag an gComhairle Ealaíon leis an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais i ndáil leis an gcéad bhabhta eile de thionscnamh Scoileanna Ildánacha go dtí an 25 Meitheamh 2020.

Tá sonraí maidir le craoladh Creative Kids, clár faisnéise nua, fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan inniu (an 30 Aibreán 2020) a bheidh á chraoladh Dé Domhnaigh an 3 Bealtaine ag 6.30pm ar bhealach teilifíse RTÉ One.

Dúirt an tAire Madigan inniu:

Is príomhthionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach é Scoileanna Ildánacha – ceann de réimse tionscnamh a bhfuil mar aidhm leo tacaíocht a thabhairt maidir le cumas cruthaitheachta gach páiste agus duine óg in Éirinn a chumasú sa bhaile, sa phobal agus sna scoileanna. Le roinnt blianta anuas tá tacaíocht tugtha againn do na céadta scoileanna ar fud na tíre d'fhonn tús a chur lena n-aistear cruthaitheachta agus is cinnte go n-éiríonn leis an gclár faisnéise seo - a choimisiúnaigh Clár Éire Ildánach - a gcuid taithí a léiriú ar an scáileán mar aon lena rath a chur in iúl.

Insítear sa chlár faisnéise seo scéal cúig scoil atá ag glacadh páirt i Scoileanna Ildánacha – tionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach a bhfuil mar aidhm leis iarracht a dhéanamh tacú le scoileanna glacadh go fonnmhar leis na healaíona agus an chruthaitheacht agus iad a cheiliúradh agus a chinntiú go mbeidh taithí dearfach agus toradh láidir i gceist do gach dalta a ghlacann páirt mar aon le caidrimh idir scoileanna agus pobail na n-ealaíon, an chultúir agus na cruthaitheachta a neartú. Faoi threoir na Comhairle Ealaíon le tacaíocht ón Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige atá an tionscnamh.

Dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh TD:

Cuireann tionscnamh Scoileanna Ildánacha - ceann d'iomaí tionscnamh atá ag tacú leis an gcruthaitheacht laistigh den chóras oideachais - ar ár gcumas soláthar níos iomláine a dhéanamh maidir leis an uaillmhian atá againn tacú le hacmhainn na cruthaitheachta laistigh de phobail scoile na tíre chun go mbeidh teacht ag gach leanbh agus duine óg in Éirinn ar fhoghlaim sna healaíona cruthaitheacha, mar chuid d'oideachas iomlán agus cuimsitheach. Tugann Creative Kids léargas ar thaithí cúig scoil agus iad ag tabhairt na huaillmhéine sin chun fíre.

Chuir an tAire Madigan fáilte chomh maith roimh chinneadh na Comhairle Ealaíon le déanaí síneadh a chur leis an gcéad bhabhta eile maidir le hiarratais ar thionscnamh Scoileanna Ildánacha i bhfianaise na srianta reatha sláinte poiblí agus níos mó ama a thabhairt do scoileanna a n-iarratas a chomhlánú.

Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir ar an gComhairle Ealaíon, agus an síneadh atá curtha leis an spriocdháta á dheimhniú aici:

Mar a fheicfidh gach uile dhuine sa chlár faisnéise iontach seo, tá ag éirí thar barr le Scoileanna Ildánacha cheana féin agus athrú déanta ar shaol na gcéadta duine óg ar fud réimse leathan scoileanna ar fud na tíre mar thoradh air. Tá an-bhród ar an gComhairle Ealaíon an clár seo a chur ar fáil, agus mholfaimis go láidir do phríomhoidí agus do mhúinteoirí iarratas a dhéanamh chun go mbeidh a gcuid scoileanna ábalta páirt a ghlacadh i Scoileanna Ildánacha. Tá síneadh curtha leis an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais go dtí an 25 Meitheamh 2020.

NÓTA DON EAGARTHÓIR

Is clár cultúrbhunaithe é Clár Éire Ildánach atá ina thionscnamh uile-Rialtais trína gcuirtear an chruthaitheacht i gcroílár an bheartais phoiblí. Is é an bunsmaoineamh ná go gcuireann páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí cultúir folláine aonair, pobail agus an náisiúin chun cinn.  Leagtar amach trí Phlean Óige Ildánach  – ceann de chúig cholún Chlár Éire Ildánach  – na modhanna ina dtabharfar i gcrích aidhmeanna an Chláir uile maidir le leanaí agus daoine óga agus tá mar aidhm leis "cumas cruthaitheach gach linbh a chumasú".  Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Tá Scoileanna Ildánacha ar cheann de phríomhthionscnaimh Chlár Éire Ildánach agus é faoi threoir na Comhairle Ealaíon i gcomhar leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.

·         Seoladh Scoileanna Ildánacha in 2018, agus roghnaíodh 150 scoil le bheith páirteach sa chéad bhabhta (ag tosú ag tús na bliana acadúla 2018/19) – tá 150 scoil eile ag glacadh páirt sa tionscnamh ó Mheán Fómhair 2019.

·         Glacfaidh scoileanna a roghnófar páirt ar feadh timthriall dhá bhliain, agus leithdháilfear deontas bliantúil €2,000 ar gach scoil chun a bpleananna don chruthaitheacht a chur i bhfeidhm.

·         Beidh Comhpháirtí Ildánach ar fáil do scoileanna a ghlacfaidh páirt chun cuidiú le gach scoil plean cruthaitheach a fhorbairt – D'fhéadfadh Comhpháirtithe Cruthaitheacha a bheith ina múinteoirí nó a bheith bainteach le réimse gairmeacha cruthaitheacha a bhaineann leas as an taithí phraiticiúil atá acu sa 'chruthaitheacht' chun freastal ar na riachtanais faoi leith atá ag gach scoil.

·         Beidh scoileanna ábalta iarratas a dhéanamh ar an tríú babhta chun páirt a ghlacadh sa bhliain acadúil 2020/2021 as seo go dtí an 25 Meitheamh 2020 – is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Clár Éire Ildánach a choimisiúnaigh Creative Kids i gcomhar le RTÉ agus a léirigh Frontline Films. Is iad seo a leanas na scoileanna a bheidh ar an gclár:

·         Scoil an Chroí Naofa, Trá Lí, Co Chiarraí

·         Scoil Naomh Pádraig, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo

·         Meánscoil Ag Foghlaim Le Chéile na Céime, Co. Bhaile Átha Cliath

·         Bunscoil na Toirbhirte Warrenmount, Na Cuithí Dubha, Baile Átha Cliath 8

·         Scoil Athphoirt, Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall