Foilsithe ar 

Fáilte curtha ag an Aire Madigan roimh thuarascáil Covid-19 an tSainghrúpa Chomhairligh

Tá fáilte curtha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, roimh thuarascáil nua atá curtha i dtoll a chéile ag Sainghrúpa Comhairleach speisialta chuig An Chomhairle Ealaíona a bunaíodh chun bealaí a aimsiú le go mbeadh earnáil na n-ealaíon ábalta dul i ngleic le géarchéim Covid-19.

Dúirt an tAire:

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don Sainghrúpa Comhairleach agus dóibh sin go léir in earnálacha na n-ealaíon agus an chultúir a bhí páirteach sa tuarascáil seo. Tuigeann an Rialtas an tionchar ollmhór a bhí ag an ngéarchéim ar earnáil na n-ealaíon agus, chomh tábhachtach céanna, ar na healaíontóirí, cleachtóirí ealaíon agus gach duine atá fostaithe sna hearnálacha seo. Tá treoir thar a bheith luachmhar curtha ar fáil dúinn mar thoradh ar an tuarascáil seo agus obair eile na Comhairle Ealaíon.

Ó thosaigh an ghéarchéim, táimid i mbun plé leis na hearnálacha, tá cluas tugtha againn dóibh agus tá freagra tugtha ag an Rialtas le tacaíochtaí, lena n-áirítear síneadh a chur le hÍocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim Covid-19 agus leis an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá, chomh maith leis an nuacht an tseachtain seo go mbeidh pacáiste tacaíochtaí thar a bheith suntasach €25 milliún le cur ar fáil. Lorgaíodh freagra práinneach ón Stát agus is é sin atá déanta againn.

Ina theannta sin dúirt sí

Ach an oiread le mo chuid comhghleacaithe sa Rialtas, creidim go mór sa chumhacht atá ag na healaíona agus ag an gcultúr chomh maith leis an bhfiúntas mór a bhaineann leo inár saol. Cé go bhfuil deacrachtaí ollmhóra tagtha chun cinn de bharr na paindéime seo, tá todhchaí inmharthanach agus iontach amach roimh ealaíontóirí, cleachtóirí ealaíon agus oibrithe cultúir agus táimid tiomanta tacú leo agus sin a thabhairt chun fíre.