Foilsithe ar 

Fáilte curtha ag an Aire Noonan leis an Seicliosta nua ar Bhrífítí Eorpacha atá foilsithe ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ar obair i gcomhar é idir speisialtóirí ó ar fud na hEorpa

Tá fáilte curtha ag an Aire Malcolm Noonan, an tAire Stáit sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ag foilsiú an "Seicliosta agus stádas tíre na Brítíte Eorpaí - nuashonrú 2020". Tagarmharc atá sa bhfoilseachán seo, mar go léiríonn sé an obair mhór uilig atá déanta ag speisialtóirí brítíte na hEorpa le roinnt blianta anuas.

Grúpa de speicis phlandaí iad brífítí a atáirgeann le spóir seachas le bláthanna agus síolta. Cnuastéarma atá sa bhfocal “brífít” a áiríonn caonaigh agus aeluasanna.Tá saibhreas de fhlóra brífíte in Éirinn agus tacaíonn sé le beagnach 48% de fhlóra iomlán na hEorpa.

Cuirtear na torthaí atá ar thaighde i gcomhar, arna mhaoiniú agus comhordú ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS), ar stádas caomhnaithe na mbrífítí Eorpacha i láthair sa bhfoilseachán seo, mar Lámhleabhar ar Fhiadhúlra Éireannach. Níorbh fhéadfaí dul i mbun an tionscadail seo gan comhoibriú idirnáisiúnta agus ionchur ó bhrífít-eolaithe ó ar fud gach stát agus críoch san Eoraip. Chuidigh Baill den Choiste Eorpach um Chaomhnú Brífítí agus brífít-eolaithe eile ar fud na hEorpa leis an tuarascáil seo trína bheith flaithiúil leis an eolas a bhí acu.

Cuirtear táblaí ina liostaítear 2,137 tascón brífíte (speicis, fospeicis agus cineálacha) a taifeadadh san Eoraip, chomh maith lena ndáileadh agus stádas ar an Liosta Dearg de réir tíre/críoch, i láthair. Cuirtear leabharliosta agus liosta litríochta fairsing ar fáil chomh maith le haguisín ina bhfuil tagairtí úsáideacha. Cuirtear aguisíní ina bhfuil liostaí de chumainn, irisí, flóra brífíte san Eoraip chomh maith le teagmhálaithe i dtíortha éagsúla ar an gCoiste Eorpach um Chaomhnú Brífítí i láthair ag cúl na tuarascála.

Rinne an tAire Noonan comhghairdeas leis an NPWS agus dúirt,

Tá sé soiléir nach bhfuil aon eolas ag brífítí ar theorainneacha! Is maith an rud é go bhfuil saineolas eolaíochta fiú sna plandaí is bige á spreagadh agus ardán á thabhairt dó i bhfoilseacháin ar nós é seo. Tá áthas orm go bhfuil catalaíoch mar seo curtha ar fáil ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra don taighde seo ar fud na hEorpa.

 

Nóta d'Eagarthóirí:

Is féidir an tuarascáil a íoslódáil ó:

https://www.npws.ie/publications/irish-wildlife-manuals

Sliocht: Hodgetts, N. & Lockhart, N. (2020) Checklist and country status of European bryophytes – update 2020. Irish Wildlife Manuals, Uimh. 123. An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Éire.