Foilsithe ar 

Fáiltíonn an Taoiseach roimh ceapachán Hogan mar Choimisinéir Trádála

Ghabh an Taoiseach, Leo Varadkar, comhghairdeas le Phil Hogan maidir lena cheapachán mar Choimisinéir Trádála an AE, agus deir sé gur forbairt an-dearfach é seo d’Éirinn.

Ag labhairt inniu, dúirt an Taoiseach:

Lorg Éire sainchúram mór geilleagrach sa Choimisiún Eorpach nua, agus táim an-sásta gur éirigh linn é a fháil.
Oibreoidh an Coimisinéir Hogan, dar ndóigh, don Eoraip ina hiomláine, ach is cinnte gur buntáiste é go bhfuil Éireannach i gceannas ar an sainchúram ríthábhachtach seo sna chéad chúig bliana eile amach romhainn. Glacfaimid ceannas ar mhargadh trádála an AE i ndiaidh Brexit leis an RA, chomh maith le Mercosur agus ar chaidreamh trádála an AE leis an India, na Stáit Aontaithe agus an tSín.
Rinne Phil jab den scoth sa sainchúram Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe. Tá meas air go fairsing sa Bhruiséil agus ar fud an AE mar idirbheartaí oilte agus mar dhuine a chruthaíonn comhaontais. Cruthaíodh go bhfuil sé glórach i dtaobh Brexit, agus táim cinnte go leanfaidh sé de bheith amhlaidh ina ról nua.
Táimid ag tnúth le hoibriú go dlúth le hUachtarán nua an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, a thaispeáin cheana féin go bhfuil tuiscint dhomhain aici ar an tionchar diúltach a d’fhéadfadh Brexit imirt ar Éirinn agus ar fud an AE.