Foilsithe ar 

Fáiltíonn an tAire roimh léirithe spéise do roinnt folúntas ar údaráis rialaithe institiúidí ardoideachais

Inniu, d’fháiltigh an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh T.D. agus an tAire Ardoideachais Mary Mitchell O’Connor T.D. roimh léirithe spéise do roinnt folúntas ar údaráis rialaithe institiúidí ardoideachais.

 

Fáiltítear roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cáilíocht agus taithí chuí acu chun iad a bhreithniú don ainmniúchán mar cheapaithe an Aire:

  • údaráis rialaithe Choláiste na hOllscoile Corcaigh, Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, Ollscoil Mhaigh Nuad agus An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, agus freisin Comhairle Bhéaloideas Éireann
  • cathaoirleach chomhairle Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, cathaoirleach an bhoird rialaithe ar cheann de thrí chomh-scoileanna na hinstitiúide, nó baill de bhoird rialaithe thrí chomh-scoileanna na hinstitiúide.

Dúirt an tAire McHugh: “Tá córas ardoideachais a mbíonn rialachas agus tacaíocht láidir aige ríthábhachtach do thodhchaí na hÉireann. Bíonn ról lárnach ag údaráis rialaithe chun treo straitéiseach iomlán institiúide a bhrú chun cinn mar aon le trédhearacht agus cuntasacht a dheimhniú ionas gur féidir na cuspóií straitéiseacha sin a bhaint amach.”

 

Dúirt an tAire Mitchell O’Connor: “Tá an córas ardoideachais in Éirinn ag tréimhse ríthábhachtach agus spreagúil faoi láthair agus cruthaíonn na folúntais seo deis do dhaoine a bheith páirteach ar bhealach bríoch agus a réimsí taithí agus saineolais a thabhairt chuig na heagraíochtaí seo.”

Ceapacháin d’údaráis rialaithe institiúidí ardoideachais

Tá an próiseas chun na folúntais seo a líonadh á láimhseáil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Déanfar na léirithe spéise a fhaightear a mheas agus déanfar gearrliosta iarratasóirí, a meastar atá oiriúnach don ainmniúchán mar cheapaithe an Aire chuig údaráis rialaithe na hollscoile agus mar bhaill de Chomhairle  Bhéaloideas Éireann, a chur ar fáil don Aire óna ndéanfaidh an tAire roghnachán.

 

Tá fáil ar leabhrán mioneolais agus ar fhoirm iarratais anseo: https://www.education.ie/ga/An-Córas-Oideachais/Ardoideachas/Ceapachain-ag-an-Aire-ar-Bhoird/leabhrán-eolais .pdf

 

Is féidir léirithe spéise a dhéanamh trí fhoirm iarratais, curaclam vitae agus litir chumhdaigh mhionsonraithe a chur chuig boardvacancies@education.gov.ie.

 

Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil ná 21 Feabhra 2020.

 

Ceapacháin chuig Comhairle agus Bord Rialaithe Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath

 

Tá an próiseas chun na folúntais seo a líonadh á láimhseáil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Déanfar na léirithe spéise a fhaightear a mheas agus déanfar gearrliosta de na hiarratasóirí, a meastar atá oiriúnach le ceapadh ar an gcomhairle nó ar bhord rialaithe scoileanna, a chur ar fáil don Aire óna ndéanfaidh an tAire an roghnachán.

 

Tá fáil anseo ar leabhrán mioneolais: https://www.education.ie/ga/An-Córas-Oideachais/Ardoideachas/Ceapachain-ag-an-Aire-ar-Bhoird/dias-2020-leabhran-mionsonraithe-faisneise.pdf

 

Déantar léirithe spéise trí churaclam vitae agus litir mhionsonraithe chumhdaigh a chur chuig diasboardvacancies@education.gov.ie

 

Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil ná 7 Feabhra 2020.

 

CRÍOCH 

Nótaí don Eagarthóir

Coláiste na hOllscoile Corcaigh

 

Is é an téarma oifige d’údarás rialaithe Choláiste na hOllscoile Corcaigh ná tréimhse 5 bliana.

 

Tá tuilleadh eolais ar UCC ar fáil ar a láithreán gréasáin, www.ucc.ie

 

Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath

 

Is é an téarma oifige d’údarás rialaithe Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath ná tréimhse 5 bliana.

 

Tá tuilleadh eolais ar Choláiste na Tríonóide ar fáil ar a láithreán gréasáin, www.tcd.ie

 

Ollscoil Mhaigh Nuad

 

Is é an téarma oifige d’údarás rialaithe Ollscoil Mhaigh Nuad ná tréimhse 5 bliana.

 

Tá tuilleadh eolais ar Ollscoil Mhaigh Nuad ar fáil ar a láithreán gréasáin, www.maynoothuniversity.ie.

 

An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

 

Is é an téarma oifige d’údarás rialaithe An Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ná tréimhse 4 bliana.

 

Tá tuilleadh eolais ar UCD ar fáil ar a láithreán gréasáin, www.ucd.ie.

 

Comhairle Bhéaloideas Éireann

Feidhmíonn Comhairle Bhéaloideas Éireann mar bhord comhairleach do Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, agus baineann trí phríomhfheidhm leis an gComhairle sin. Is iad sin:

 

  • socruithe a dhéanamh do chatalógú, eagarthóireacht agus foilsiú ábhar ón gcnuasach leabhar, lámhscríbhinní, doiciméad agus taifeadtaí eile a bhaineann le béaloideas a cuireadh le Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath nó atá le cur leis.
  • socruithe a dhéanamh don rochtain chuí ar an ábhar sin agus d’úsáid an ábhair sin
  • riarachán a dhéanamh ar na cistí a chuir an Roinn Oideachaisar fáil, nó a chuirfidh sí ar fáil, chun an costas a íoc a bhaineann le catalógú, eagarthóireacht agus foilsiú Bhéaloideas na hÉireann agus staidéir bhainteacha.

 

Is éard atá sa Chomhairle deichniúr comhalta, a cheapfaidh Uachtarán an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath chomh maith le líon nach mó ná ceathrar a ainmneoidh an tAire Oideachais. Beidh gach comhalta i mbun an phoist ar feadh téarma trí bliana, ar féidir é athnuachan de rogha Uachtarán an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus an Aire Oideachais i gcás na gcomhaltaí atá ainmnithe acu.

 

Tá tuilleadh eolais maidir le Comhairle Bhéaloideas Éireann ar fáil ar a láithreán gréasáin, www.comhairlebheal.ie

 

Íocaíochtaí do Bhaill na mBord

Níl aon íocaíocht ann do bhaill údaráis rialaithe na nOllscoileanna ná do Bhord Chomhairle Bhéaloideas Éireann. Íocfar costais taistil agus cothabhála i gcás turasanna a dhéantar chun freastal ar chruinnithe den údarás/bhord agus chun gnó a dhéanamh. Déantar gach costas a íoc de réir rátaí faofa na hearnála poiblí nó de réir pholasaí na hOllscoile do bhaill sheachtracha den údarás rialaithe.

 

Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath

Tá Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath (IALBÁC) mar eagraíocht neamhspleách don  taighde i mbundisciplíní, agus déanann an Roinn Oideachais agus Scileanna í a mhaoiniú, i bpáirt. 

 

Is corparáid í an institiúid a bunaíodh faoin Acht um Institiúid Ard-Léinn 1940. 

 

Déanann an institiúid, trína scoileanna comhpháirteacha, buntaighde i sainréimsí eolais. Is foilsitheoir acadúil í an institiúid ar mhonagraif, leabhair, agus irisleabhair sa léann ceilteach nó in ábhair ard-léinn eolaíochta.

 

Tá trí scoil chomhpháirteach mar chomhdhéanamh ag an Institiúid:

 

  • Scoil an Léinn Cheiltigh bainteach le staidéar breise a dhéanamh ar na teangacha Ceilteacha agus ar an litríocht Cheilteach trí chlár taighde, eagarthóireachta agus foilseacháin;

 

  • déanann Scoil na Fisice Teoiriciúla iniúchadh ar na prionsabail mhatamaiticiúla a bhaineann le dlithe an nádúir;

 

  • tugann Scoil na Fisice Chosmach faoi staidéar theoiriciúil, ríomhaireachtúil agus bhreathnaitheach i réalteolaíocht, réaltfhisic agus geoifisic chun tuiscint ar an gCosmais  a chur chun cinn

 

Déanann gach scoil scoláirí agus comhaltaí a oiliúint agus a mheantóireacht chun ionchur a bheith acu i líon taighde, caipiteal daonna agus sainscileanna na hÉireann.

 

Tá bord rialaithe neamhspleách ag gach scoil le freagracht do threo taighde agus do ghnóthaí acadúla na scoile.

 

Feidhmeoidh téarma na mbord rialaithe do gach ceann de na trí scoileanna comhpháirteacha ó 1 Aibreán 2020 go 31 Márta 2025.

 

Comhairle IALBÁC

 

Tá an Chomhairle freagrach as rialachas ginearálta ghnóthaí riaracháin na hInstitiúide (lena n-áirítear airgeadas, bainstíocht riosca, riachtanais reachtúla a chomhlíonadh agus barrchleachtas a mhaoirsiú). Tá ballraíocht na Comhairle leagtha amach in Acht 1940 agus  tá sí comhdhéanta de Chathaoirleach neamhfheidhmeannach a cheapann Uachtarán na hÉireann ar chomhairle an Rialtais, triúr ball ex-officio (Propast Choláiste na Tríonóide, Uachtarán an Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath agus Uachtarán Acadamh Ríoga na hÉireann) agus seisear ball ceaptha ag boird rialaithe na dtrí scoileanna.

 

Feidhmeoidh téarma na Comhairle ó 1 Iúil 2020 go 30 Meitheamh 2025

 

Táille iníoctha le baill an bhoird

Ní bhíonn íocaíocht ar fáil do bhaill chomhairle na hinstitiúide ná do bhoird scoileanna.  Íocfar costais taistil agus cothabhála i gcás turasanna a dhéantar chun freastal ar chruinnithe den chomhairle agus ar bhoird rialaithe nó chun gnó a bhaineann leo a dhéanamh.