Foilsithe ar 

Fógartha ag an Aire Stáit Kyne go bhfuil Aerfort Chonamara ceannaithe ag an Stáit

Tá fógartha inniu ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD, go bhfuil Aerfort Chonamara ceannaithe ag an Stáit ar chostas €2.75m.

Is as allúntas buiséid na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a tháinig an maoiniú don togra seo. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an ceithre aerfort ar a bhfuil an tseirbhís aeir chuig na hOileáin Árann ag brath in úinéireacht an Stáit.

Ag labhairt dó faoin gceannach, dúirt an tAire Stáit Kyne: “Tá tábhacht straitéiseach le hAerfort Chonamara do phobail Oileáin Árann mar is é an pointe tuirlingthe ar an mórthír don tseirbhís aeir chuig na hoileáin atá á maoiniú ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Le hós cionn bliana, d'oibrigh mo chuid oifigigh agus mé féin i dtreo Aerfort Chonamara, atá suite sna Mine i gCeantar Indreabháin, a cheannach. “

“Agus Aerfort Chonamara in úinéireacht an Stáit anois, is féidir le pobail Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr a bheith muiníneach go mbeidh tacaíocht an Rialtais ann don tseirbhís aeir seo sa bhfadthéarma”, a dúirt an tAire Stáit Kyne.