Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire McHugh go bhfuil na Scrúduithe Stáit curtha ar athló Leanann na hathruithe an chomhairle sláinte is déanaí a bhaineann le dúnadh na scoileanna go dtí go bhfógrófar a mhalairt

Scrúduithe scríofa na hArdteistiméireachta curtha ar athló go dtí deireadh Iúil/Lúnasa

Scrúduithe agus measúnaithe scoilbhunaithe go luath sa scoilbhliain nua in ionad scrúduithe na Sraithe Sóisearaí i mí an Mheithimh

 

Tá an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh TD, tar éis sraith d’athruithe a fhógairt faoi na Scrúduithe Stáit inniu (Dé hAoine, 10 Aibreáin 2020), de bharr Covid-19, agus cur siar scrúduithe na hArdteistiméireachta san áireamh.

Bunaíodh na cinntí seo ar chomhairle sláinte phoiblí nua ón bhFhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (FNÉSP)

Dúirt an tAire McHugh go raibh pleananna á eagrú le scrúdú na hArdteistiméireachta a chur ar athló go dtí an tseachtain dheireanach de mhí Iúil nó go luath i mí Lúnasa, ag brath ar chomhairle sláinte poiblí.

Reáchtálfar scrúduithe agus measúnuithe scoilbhunaithe don tSraith Shóisearach in ionad na scrúduithe deiridh mhí an Mheithimh go luath sa scoilbhliain nua.

Tá sraith de shocruithe eile ann freisin –

-       Mar chuid de na socruithe a bhaineann le sláinte phoiblí i gcoitinne, fanfaidh na scoileanna dúnta go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

 

-       Tá na Trialacha Praiticiúla do scoláirí na hArdeistiméireachta a bhí le reáchtáil i mí Bealtaine, á chur ar athló chomh maith. Déanfar iad a athsceidealú do dheireadh mhí Iúil/tús mhí Lúnasa.

-       Cinnteofar an clár ama nua don Ardteistiméireacht go luath i mí an Mheithimh.

Dúirt an tAire McHugh:

Tá gach cinneadh atá á dhéanamh againn, a bhaineann le hathsceidealú na scrúduithe bunaithe ar chomhairle sláinte phoiblí reatha agus ar leas na scoláirí ar an gcéad dul síos. Tá leas na scoláirí agus leas a dteaghlaigh de dhlúth agus d’inneach i ngach cinneadh a ghlactar.

Beidh socruithe deiridh na scrúduithe, na hionaid scrúdaithe, scaradh sóisialta agus bearta eile deimhnithe ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) agus bunaithe ar an gcomhairle sláinte poiblí i mí Meitheamh. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le CSS as ucht na hoibre ar fad atá déanta acu chun na bearta nua seo a chur i gcrích.

Tá soiléireacht iarrtha ag scoláirí agus ag a dteaghlaigh. Freagraíonn fógra an lae inniu dá n-iarratais. Tugann sé fógra roinnt mhaith seachtainní dóibh freisin chun ullmhú do na scrúduithe. Tá súil agam go dtugann sé faoiseamh ón strus atá ar scoláirí agus ar a muintir ag an am seo.

Ní go bog a iarraimid ar scoláirí agus ar a dteaghlaigh, diriú isteach ar chúrsaí scoile arís ó Mheitheamh go Lúnasa. Is é mo bharúil, áfach, gurb é seo an tslí is cothroime le scoláirí a mheasúnú agus chun teastas ar a ngnóthachtáil ar scoil agus conair chuig ollscolaíocht, institiúidí teicneolaíochta, breis oideachais agus oiliúna agus printíseacht nó obair a thabhairt dóibh.

 

Dúirt an tAire McHugh chomh maith:

Tabharfar tacaíocht iomlán do scoláirí le riachtanais speisialta oideachais agus iad ag tabhairt faoi scrúduithe na hArdteistiméireachta athsceidealaithe ag teacht leis na scoruithe réasúnta atá ar fáil dóibh cheana féin. 

Dúirt an tAire McHugh go raibh sé i gceist go gcaithfí coicís, ar a laghad, ar scoil sula dtosódh scrúduithe na hArdteistiméireachta.

Ní féidir cur síos ar an méid oibre atá á dhéanamh ag scoileanna agus ag múinteoirí, chun teagmháil a dhéanamh le scoláirí agus chun iad a choimeád ag foghlaim. Tá ardmholadh tuillte ag múinteoirí, príomhoidí agus foireann na scoileanna as an dtiomantas do thacaíocht a thabhairt do scoláirí lena n-obair scoile agus lena bhfolláine.

Is féidir leo cur leis an gcianobair scoile más féidir linn a chinntiú go mbeidh coicís ar a laghad acu sa seomra ranga ar scoil sula dtosóidh na scrúduithe chun a bheith i mbun teagaisc agus ullmhúcháin do na scrúduithe aghaidh-ar-aghaidh lena scoláirí.

Mar chuid de na hathruithe don tSraith Shóisearach rachfar i mbun cainteanna le ceardchumainn na múinteoirí agus bainistíocht scoileanna chun na scrúdaithe seo, nasctha leis na Measúnuithe Rangbhunaithe, na Tascanna Measúnachta agus obair thionscadail a chríochnú mar mheasúnuithe scoilbhunaithe go luath sa scoilbhliana nua.

Thug an tAire McHugh aitheantas do cheardchumainn, do chomhlachtaí bainistíochta agus do na hearnálacha breisoideachais agus oiliúna agus ardoideachais as ucht an chur chuige dearfach a bhí acu agus na saincheisteanna seo ar fad á bplé. 

Tá mé fíor-bhuíoch as ucht an chomhoibrithe a thaispeáin gach duine a bhí páirteach sna cainteanna seo in ainneoin na ndúshlán mór atá ann do dhaoine óga, dá dteaghlaigh agus dá múinteoirí. Táim cinnte de gur féidir linn coinneáil ag obair le chéile chun an toradh is fearr do na scoláirí a bhaint amach,

a dúirt an tAire.

Dúirt an tAire Stáit um Ard-Oideachas, Mary Mitchell O’Connor:

Tá na hInstitiúidí Tríú Leibhéal ag súil le fáilte a chur roimh scoláirí Ardteistiméireachta na bliana seo atá tar éis iarratas a chur isteach ar a gcúrsaí. Tuigim na deacrachtaí atá agus a bheidh rompu agus cuirim fáilte roimh an cur chuige solúbtha atá an earnáil ag cur i bhfeidhm agus iad ag iarraidh go mbeadh na scoláirí seo in ann áit a ghlacadh sa chúrsa atá roghnaithe acu.

Beidh an próiseas iontrála ardoideachais, atá á stiúradh ag an Lár-Oifig Iontrála (CAO), chomh cóngarach agus is féidir don ghnáth-thréimhse le haghaidh tairiscintí agus beidh moill ar an dáta iontrála do scoláirí ag dul isteach sa chéad bhliain.

Tá iarrtha ag an Roinn ar an Údarás um Ard-Oideachas agus ar an earnáil ardoideachais bealaí a chruthú a chinnteodh go mbeadh rochtain ag scoláirí ó ghrúpaí a bhfuil tearcionadaíocht acu ar ardoideachas.

 

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ

Dúnadh na scoileanna

-       Dúnadh na scoileanna ar chomhairle sláinte phoiblí ag 6pm ar an 12 Márta agus beidh siad dúnta go dtí go bhfógrófar a mhalairt

-       Tá 15 lá sa seomra ranga caillte ag scoláirí go dtí seo ó dúnadh na scoileanna

 

Staitistic Ardteistiméireachta

-       Meastar go bhfuil níos mó ná 61,000 scoláire ag déanamh na hArdteistiméireachta nó na hArdteistiméireachta Feidhmí i 2020

-       Áirítear anseo 44,396 scoláire atá ag déanamh na hArdteistiméireachta bhunaithe agus 13,668 ag déanamh Ghairmchláir na hArdteisiméireachta agus 2,999 ag déanamh na hArdteistiméireachta Feidhmí.

 

Béaltrialacha agus trialalcha praiticiúla feidhmíochta

-       Bhí béaltrialacha na hArdteistiméireachta agus roinnt Trialalcha Praiticiúla don tSraith Shóisearach agus don Ardteistiméireacht le bheith ar siúl idir Dé Luain 23 Márta agus Dé hAoine 3 Aibreáin 2020.

-       Cuireadh na scrúduithe seo ar ceal agus bronnadh 100% de na marcanna a ghabhann leis na comhphairteanna seo ar na hiarrthóirí. .

-       Seasann an cinneadh sin mar atá tar éis an fhógra seo inniu.

 

Tionscadail phraiticiúla agus obair chúrsa

-       Tá baint ag na hábhair seo a leanas leis na heilimintí sin – Eolaíocht Ríomhaireachta, Corpoideachas, Teicneolaíocht, Ealaín, Eolaíocht Talmhaíochta, Eacnamaíocht Talmhaíochta, Stair, Tíreolaíocht, Oideachas Reiligiúnach, Polaitíocht agus an tSochaí, Cumadóireacht Cheoil, Staidéar Foirgníochta agus Eacnamaíocht Bhaile (Teicstílí)

-       Beidh an spriocdháta anois díreach roimh thús na scrúduithe scríofa sa tréimhse sin ag deireadh mí Iúil/Lúnasa

 

Scrúduithe praiticiúla

-       Beidh roinnt scrúdaithe praiticiúla, maoirsithe ag feitheoirí ceaptha ag an scoil agus a bhí le déanamh idir 27 Aibreán agus 8 Bealtaine san Innealtóireacht, Sceitseáil Ealaín/Beo agus Staidéar Foirgníochta, agus scrúduithe scríofa agus praiticiúla in Eolaíocht Ríomhaireachta a bhí le déanamh ar 27 Bealtaine, ar siúl anois sa tréimhse sin ag deireadh mí Iúil/Lúnasa.

 

An Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF) agus Nascmhodúil Ghairmchlár na hArdteistiméireachta

Is clár Ardteisiméireachta dhá bhliain atá leithleach agus neamhspléach é an Ardteistiméireacht Fheidhmeach agus is í an aidhm atá aige ná scoláirí a ullmhú don saol oibre agus don saol go ginearálta.

Is clár Ardteisiméireachta é Gairmchlár na hArdteistiméireachta atá dírithe don chuid is mó ar ghairm. Is féidir an clár seo a dhéanamh in éindí le hábhair eile.

-       Beidh tasc machnaimh phearsanta na hArdteistiméireachta Feidhmí, a bhí le bheith déanta tráth nach déanaí ná 1 Bealtaine, le bheith déanta tráth nach déanaí ná tús na scrúduithe scríofa sa tréimhse sin ag deireadh mí Iúil/Lúnasa

Beidh na gnéithe seo a leanas athsceidealaithe go dtí an tréimhse sin ag deireadh mí Iúil/Lúnasa

-       Béaltrialacha ATF

-       Na Trialalcha Praiticiúla ATF, sa Lónadóireacht Óstáin agus Turasóireacht, Riarachán Oifige agus Cúram Custaiméirí, Staidéar um Scíth Ghníomhach, Folt agus Áilleacht agus Talmhaíocht/Gairneoireacht

-       Na Trialalcha Praiticiúla ATF sa Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) agus scrúduithe scríofa

-       Scrúduithe scríofa do Nascmhodúil Ghairmchlár na hArdteistiméireachta