Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Oideachais agus Scileanna bearta chun rochtain a mhéadú ar an nGaeloideachas mar chuid den phróiseas pátrúnachta

Ainmneofar cúig bhunscoil nua mar Ghaelscoileanna

 

D’fhógair Joe McHugh TD, an tAire Oideachais agus Scileanna, inniu go bhfuil cúig bhunscoil nua a bhunófar sa tréimhse 2020-2022 le hainmniú don Ghaeloideachas.

 

Rinne an tAire an cinneadh sin tar éis anailís a dhéanamh ar an bhfáil atá ann ar Ghaelscoileanna i roinnt codanna de Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.

 

Freastalóidh na cúig scoil nua ar dhaonraí méadaitheacha i limistéir nach bhfuil aon bhunscoil Ghaeilge iontu faoi láthair nó a bhfuil níos mó ná scoil nua amháin le bunú iontu idir na blianta 2019 agus 2022.

 

Dúirt an tAire McHugh: “Is céim thábhachtach é seo i dtreo cur leis an nGaeloideachas agus leis na tairbhí uile a ghabhann leis. Tabharfaidh sé ardú croí do líon mór tuismitheoirí sna limistéir lena mbaineann agus beidh tuilleadh cinnteachta acu as seo amach faoin bhfáil atá ann ar an nGaeloideachas dá leanaí.”

 

Is ar na cúig limistéar seo a leanas a fhreastalóidh na cúig scoil atá le hainmniú mar Ghaelscoileanna:

 

Limistéar pleanála scoile

Bliain an Bhunaithe

Domhnach Bat

2020

An Caisleán Nua_Ráth Cúil/Teach Sagard*

2020

Domhnach Míde_Binn Éadair_Baile Átha Cliath 13

2021

Baile Átha Cliath 2_Baile Átha Cliath 4

2021

An Naigín_Cill Iníon Léinín_Dún Laoghaire-Ráth an Dúin/Coill na Silíní

2020 nó 2022**

 

* Beidh an scoil nua lonnaithe i limistéar Theach Sagard/Iarthar na Cathrach.Beidh sí cóngarach do Limistéar Pleanála Scoile Thamhlachta, nach bhfuil aon Ghaelscoil ann faoi láthair. Is eol don Roinn go mbíonn an t-éileamh déimeagrafach ag méadú i Ráth Cúil agus go mbíonn forbairt cónaithe sa bhreis ar siúl ann freisin. Dá bhrí sin, tá athbhreithniú gníomhach á dhéanamh aici ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann le scoil nua a bhunú i Ráth Cúil.

 

** Tá dhá bhunscoil nua le hoscailt ar an Naigín_Cill Iníon Léinín_Dún Laoghaire-Ráth an Dúin/Coill na Silíní – ceann amháin sa bhliain 2020 agus an ceann eile sa bhliain 2022. Is mar Ghaelscoil a ainmneofar ceann amháin de na scoileanna. Cinnfear an t-ord tar éis phróiseas an Chórais Phróiseála Pátrúnachta Ar Líne níos déanaí i mbliana.

Chinn an tAire teanga na gcúig scoil lena mbaineann a ainmniú tar éis dó leasú a dhéanamh ar na critéir a bhreithnítear le linn éiteas agus teanga teagaisc aon bhunscoileanna nua a chinneadh mar chuid den phróiseas pátrúnachta do scoileanna nua.

 

Tá an t-athrú sin á dhéanamh tar éis an Córas píolótach Próiseála Pátrúnachta Ar Líne a bunaíodh do bhunscoileanna i mí Mheán Fómhair 2019 a sheoladh agus tar éis don Roinn Oideachais agus Scileanna dul i dteagmháil le comhlachtaí pátrúnachta scoile agus le geallsealbhóirí eile.

 

Thug an tAire McHugh breac-chuntas ar dhá athrú a rinneadh.

 

1-    I gcás nach mbeidh aon soláthar Gaeloideachais ann cheana i limistéar pleanála scoile agus go mbeidh bunscoil nua á bunú chun freastal ar éileamh déimeagrafach, ainmneofar an scoil nua mar Ghaelscoil sula n-osclófar an Córas Próiseála Pátrúnachta Ar Líne don limistéar sin, ach amháin i gcás nach mbeadh sé cuí déanamh amhlaidh de bharr imthosca áitiúla ar leith.

 

2-    I gcás go mbeidh roinnt bunscoileanna nua le bunú san aon limistéar pleanála scoile amháin le linn na tréimhse 2019-2022, beidh ceann amháin ar a laghad de na scoileanna sin sa limistéar pleanála scoile lena mbaineann ina Ghaelscoil, ach amháin i gcás nach mbeadh sé sin cuí de bharr imthosca áitiúla ar leith.

Dheimhnigh an tAire McHugh go bhfuil an beart seo mar chuid de chreat atá á fhorbairt sa Roinn, rud a bhfuil mar aidhm leis tuilleadh deiseanna a thabhairt chun an soláthar Gaeloideachais a mhéadú trí scoileanna nua a chruthú agus trí Ghaelscoileanna atá ann cheana a leathnú.

 

Áirítear na nithe seo a leanas leis:

  • A réamhshocrú in imthosca áirithe gurb í an Ghaeilge a bheidh i dteanga na scoile
  • Tástáil a dhéanamh (ar bhonn píolótach) ar an acmhainneacht atá ann freastal ar an éileamh ar an soláthar oideachais trí mheán an Bhéarla agus trí mheán na Gaeilge araon trí, mar shampla, dhá scoil (scoil Bhéarla amháin agus Gaelscoil amháin) ina bhfuil 8 seomra ranga an ceann a sholáthar i bhfoirgneamh comhroinnte/ar champas comhroinnte, seachas scoil amháin ina bhfuil 16 sheomra ranga a sholáthar, faoi réir tosca amhail an t-éileamh agus dálaí láithreáin
  • Iniúchadh a dhéanamh ar an acmhainneacht atá ann Gaelscoileanna atá ann cheana a leathnú chun freastal ar an éileamh neamhchomhlíonta i limistéar ar leith
  • Deiseanna a thabhairt do phátrúin ar scoileanna atá ann cheana chun teanga an teagaisc a athrú ó Bhéarla go Gaeilge, mar a shamhlaítear faoin bpróiseas um Athchumrú Scoileanna ar mhaithe leis an Éagsúlacht.

Dúirt an tAire McHugh: “ Ba mhaith liom cabhrú le dul i ngleic leis an neamhchothroime atá ann san fháil ar an nGaeloideachas. Mar sin, rinne mé athrú ar na critéir a úsáidtear mar chuid de phróisis phátrúnachta ionas gur féidir scoileanna áirithe a ainmniú mar Ghaelscoileanna. Is é an toradh a bheidh air sin go mbeidh tuilleadh rogha ar fáil do thuismitheoirí agus do leanaí agus go mbeidh tuilleadh cinnteachta ag tuismitheoirí maidir leis an bhfáil atá ann ar an nGaeloideachas dá leanaí.”

 

Is níos déanaí i mbliana a thosófar próiseas an Chórais Phróiseála Pátrúnachta Ar Líne do bhunscoileanna nua atá le bunú sa bhliain 2020. Ag an am sin, iarrfar iarratais ó phátrúin ionchasacha ar na scoileanna lena mbaineann. Beidh deis ag tuismitheoirí le leanaí incháilithe ansin an comhlacht pátrúnachta arbh fhearr leo go stiúrfadh sé an scoil a chur in iúl i suirbhé ar líne.

Dúirt an tAire McHugh: “Léiríodh sna próisis phátrúnachta a seoladh do bhunscoileanna nua le déanaí go bhfuil samhlacha um éiteas il-sainchreidmheach á dtairiscint ag gach pátrún ionchasach, beagnach. Is dea-scéala é sin dár gcóras oideachais.

 

“Tá an cheist maidir le teanga níos casta fós, áfach. Cé go dtéann dátheangachas, foghlaim teanga agus lántumadh chun tairbhe d’oideachas ár leanaí, is mó an líon scoileanna Béarla ná Gaelscoileanna.

 

“Ba cheart do thuismitheoirí le leanaí incháilithe sna limistéir ábhartha phleanála scoile féachaint ar na roghanna pátrúnachta atá ar fáil dóibh agus páirt a ghlacadh sa suirbhé nuair a osclófar é níos déanaí i mbliana. Ag an am sin, beidh deis ag daoine a gcuid tuairimí a chur in iúl agus cabhrú leis an oideachas amach anseo a mhúnlú.”

Críoch

Nótaí d’Eagarthóirí

Tá 13 bhunscoil nua san iomlán le bunú idir 2020 agus 2022.

Tá cúig cinn á n-ainmniú mar Ghaelscoileanna. Nuair a thosófar an próiseas pátrúnachta do na bunscoileanna nua tríd an gCóras Próiseála Pátrúnachta Ar Líne, tabharfar deis do thuismitheoirí le leanaí incháilithe sna limistéir ábhartha phleanála scoile an comhlacht pátrúnachta arbh fhearr leo go stiúrfadh sé an scoil a chur in iúl. Déanfar suirbhé ar thuismitheoirí tríd an gCóras Próiseála Pátrúnachta Ar Líne maidir leis na hocht mbunscoil eile atá le hoscailt idir 2020 agus 2022. Beidh tuismitheoirí in ann a sainroghanna pearsanta maidir le teanga teagaisc gach scoile agus maidir le comhlacht pátrúnachta gach scoile araon a chur in iúl ansin.

I gcás na mbunscoileanna a osclófar i mí Mheán Fómhair 2019, cinneadh cheana féin go mbeadh trí cinn díobh ina nGaelscoileanna, is iad sin na scoileanna ar an gCarraig Dhubh_Baile an Bhóthair i mBaile Átha Cliath theas, i nDroim Conrach_Marino_Baile Átha Cliath 1 i mBaile Átha Cliath láir agus i Maigh Nuad, Co. Chill Dara.

 

Forbhreathnú ar an seasamh teanga maidir leis na 13 bhunscoil nua atá le bunú idir 2020 agus 2022 (i gcás nár seoladh próiseas pátrúnachta go fóill)

 

Limistéar pleanála scoile

Bliain

Seasamh teanga

Carraig Uí Leighin

2020

Le cinneadh tar éis phróiseas an Chórais Phróiseála Pátrúnachta Ar Líne*

Domhnach Bat

2020

Gaelscoil ainmnithe

An Caisleán Nua_Ráth Cúil/Teach Sagard

2020

Gaelscoil ainmnithe

An Naigín_Cill Iníon Léinín_Dún Laoghaire-Ráth an Dúin/Coill na Silíní

2020

Le cinneadh tar éis phróiseas an Chórais Phróiseála Pátrúnachta Ar Líne

Bré/Sruthán na Coille agus Seangánach

2021

Le cinneadh tar éis phróiseas an Chórais Phróiseála Pátrúnachta Ar Líne

Cluain Dolcáin_Baile Átha Cliath 22

2021

Le cinneadh tar éis phróiseas an Chórais Phróiseála Pátrúnachta Ar Líne

Domhnach Míde_Binn Éadair_Baile Átha Cliath 13

2021

Gaelscoil ainmnithe

Baile Átha Cliath 2_Baile Átha Cliath 4

2021

Gaelscoil ainmnithe

Garrán na mBráthar_Cathair Chorcaí

2021

Le cinneadh tar éis phróiseas an Chórais Phróiseála Pátrúnachta Ar Líne

Cill Chainnigh/Cathair Chill Chainnigh, an Ceantar Thiar Máguaird

2021

Le cinneadh tar éis phróiseas an Chórais Phróiseála Pátrúnachta Ar Líne

An Nás

2021

Le cinneadh tar éis phróiseas an Chórais Phróiseála Pátrúnachta Ar Líne

An Naigín_Cill Iníon Léinín_Dún Laoghaire-Ráth an Dúin/Tuaisceart na Cathrach

2021

Le cinneadh tar éis phróiseas an Chórais Phróiseála Pátrúnachta Ar Líne

An Naigín_Cill Iníon Léinín_Dún Laoghaire-Ráth an Dúin/Coill na Silíní

2022

Gaelscoil ainmnithe (ach amháin i gcás go gcinnfear Gaelscoil a bhunú tar éis phróiseas an Chórais Phróiseála Pátrúnachta Ar Líne sa bhliain 2020)**

* An Córas Próiseála Pátrúnachta Ar Líne

** Is mar Ghaelscoil a réamhshocrófar ceann amháin den dá bhunscoil nua ar an Naigín_Cill Iníon Léinín_Dún Laoghaire-Ráth an Dúin/Coill na Silíní.  Tá sé beartaithe an Córas Próiseála Pátrúnachta Ar Líne a sheoladh ar an ngnáthbhealach don scoil atá le bunú sa bhliain 2020 sula roghnófar an t-ord. 

 

Forbhreathnú ar na 14 bhunscoil nua atá le bunú sa bhliain 2019 (fógraíodh pátrún agus teanga na scoileanna cheana féin)

Contae

Limistéar

Pátrún

 

Teanga an Teagaisc

Corcaigh

An Glaisín_Cathair Chorcaí

Oideachas Le Chéile

 

Béarla

Baile Átha Cliath

Baile an Bhóthair_An Charraig Dhubh

An Foras Pátrúnachta

 

Gaeilge

 

Droim Conrach_Marino_Baile Átha Cliath 1

An Foras Pátrúnachta

 

Gaeilge

 

Domhnach Míde_Binn Éadair_Baile Átha Cliath 13

Oideachas Le Chéile

 

Béarla

 

Baile Átha Cliath 6_Cluain Sceach agus Baile Átha Cliath 6W

Oideachas Le Chéile

 

Béarla

 

Baile na nGabhar_Stigh Lorgan_Dún Laoghaire-Ráth an Dúin

Oideachas Le Chéile

 

Béarla

 

Cill Easra_Ráth Eanaigh_Cluain Tarbh

Oideachas Le Chéile

 

Béarla

 

Sord Thuaidh*

Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire

 

Béarla

 

Sord Theas

Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire

 

Béarla

Cill Dara

Léim an Bhradáin

Oideachas Le Chéile

 

Béarla

 

Maigh Nuad

An Foras Pátrúnachta

 

Gaeilge

An Mhí

Cill Dhéagláin

Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí

 

Béarla

 

Dún Seachlainn

Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí

 

Béarla

Cill Mhantáin

Cill Chomhghaill_Baile an Chinnéidigh

Oideachas Le Chéile

 

Béarla

 

*Cuireadh oscailt na scoile sa limistéar seo siar go dtí an bhliain 2020.

Tá sonraí faoi na socruithe a raibh feidhm acu maidir le pátrúnacht na scoileanna nua seo agus Tuarascálacha Measúnaithe mionsonraithe do gach ceann de na limistéir lena mbaineann ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne ag http://www.education.ie/en/Schools-Colleges/Information/Establishing-a-New-School/ 

Ba ar an 19 Lúnasa anuraidh a tosaíodh an próiseas pátrúnachta do na bunscoileanna agus na hiar-bhunscoileanna atá le bunú i mí Mheán Fómhair 2020. Ag an am sin, iarradh iarratais ó chomhlachtaí pátrúnachta scoile ar mhian leo iarratas a dhéanamh ar phátrúnacht na scoileanna sin.  Osclóidh an Roinn suíomh Gréasáin an Chórais Phróiseála Pátrúnachta Ar Líne le haghaidh phróiseas pátrúnachta iar-bhunscoile na bliana 2020 ar ball ionas gur féidir le tuismitheoirí a sainroghanna pearsanta a chur in iúl.  Leis an gcóras sin, tabharfar faisnéis oibiachtúil do gach tuismitheoir chun cabhrú leo rogha eolasach a dhéanamh agus an tsamhail pátrúnachta ab fhearr leo le haghaidh oideachas a linbh á cur in iúl.

Is níos déanaí i mbliana a thosófar an próiseas pátrúnachta do na bunscoileanna atá le bunú sa bhliain 2020.

Ina dhiaidh sin, seolfar an próiseas pátrúnachta do na bunscoileanna agus na hiar-bhunscoileanna atá fágtha.  Foilseofar an t-eolas is deireanaí ar shuíomh Gréasáin an Chórais Phróiseála Pátrúnachta Ar Líne agus ar shuíomh Gréasáin na Roinne.

Tá gach ceann de na scoileanna á mbunú chun freastal ar riachtanas déimeagrafach sainaitheanta. 

An Grúpa um Bunú Scoileanna Nua 

Is é an Grúpa um Bunú Scoileanna Nua a mhaoirsíonn an próiseas pátrúnachta le haghaidh scoileanna nua. Bunaíodh an grúpa comhairleach neamhspleách seo sa bhliain 2011 chun comhairle a chur ar an Aire maidir le pátrúnacht na scoileanna nua, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar thuarascáil arna hullmhú ag an Roinn ar na hiarratais arna bhfáil.

 

Is iad seo na baill den Ghrúpa:

  • An tUas. Joe Hamill (Cathaoirleach), IarArd-Rúnaí ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta; 
  • An tOllamh Gerry Mac Ruairc, Ceann Scoil an Oideachais, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh;
  • An tOllamh Sarah Moore, Ollamh le Teagasc agus Foghlaim, Ollscoil Luimnigh.

 

 

Cé na critéir atá le húsáid i dtaca leis an nGaeilge a réamhshocrú mar theanga aon bhunscoile nua?

 

  • I gcás scoileanna nua atá le bunú chun freastal ar éileamh déimeagrafach, is amhlaidh, i gcás nach mbeidh aon soláthar Gaeloideachais ann cheana sa limistéar pleanála scoile, go réamhshocrófar an scoil nua mar Ghaelscoil sula n-osclófar an Córas Próiseála Pátrúnachta Ar Líne, ach amháin i gcás nach mbeadh sé cuí déanamh amhlaidh de bharr imthosca áitiúla ar leith. 

 

  • I gcás go mbeidh roinnt scoileanna nua le bunú san aon limistéar pleanála scoile amháin le linn na tréimhse 2019-2022, beidh ceann amháin ar a laghad de na scoileanna sin i ngach limistéar ábhartha pleanála scoile ina Ghaelscoil, ach amháin i gcás nach mbeadh sé sin cuí de bharr imthosca áitiúla ar leith. 

 

  • Is féidir go mbeidh na cásanna seo a leanas i gceist le himthosca áitiúla ar leith den sórt sin:

-          i gcás gur cosúil go bhfuil soláthar dóthanach Gaeloideachais ann i ndlúthghaireacht don limistéar pleanála scoile;

-          i gcás nach bhfuil aon soláthar il-sainchreidmheach Béarla ann;

-          i gcás gurb ann do thosca sonracha próifíle déimeagrafaí nó do thosca geografacha sonracha a thabharfadh le fios gur cheart an teanga a chinneadh tar éis phróiseas an Chórais Phróiseála Pátrúnachta Ar Líne, seachas Gaeilge a réamhshocrú mar theanga na scoile ar an gcéad ásc.