Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Stáit Calleary go mbeidh campaí samhraidh sa Ghaeltacht in ann dul ar aghaidh

D’fhógair Dara Calleary TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta, Gaeilge agus Spóirt inniu go mbeidh campaí samhraidh in ann dul ar aghaidh sa Ghaeltacht faoi shrianta áirithe mar gheall ar Covid-19.

De thoradh na paindéime, bhí sé idir dhá cheann na meá go dtí seo an mbeifí in ann dul ar aghaidh le reachtáil campaí samhraidh sa Ghaeltacht ar chor ar bith ach tar éis an cheist a bheith cíortha go cúramach ag an Roinn le páirtithe leasmhara eile, tá curtha in iúl do Mhuintearas  - a dhéanann an scéim a riar faoi scáth Údarás na Gaeltachta thar ceann na Roinne, go mbeifear in ann dul ar aghaidh le campaí samhraidh a eagrú faoi Scéim na gCampaí Samhraidh.  

I measc na gcoinníollacha breise atá le bheith curtha i bhfeidhm beidh gá do lucht eagraithe na gcampaí  prótocal docht Covid-19 a fheidhmiú agus is campaí lasmuigh faoin spéir amháin a bheidh inghlactha.

Dúirt an tAire Stáit Calleary:

Is údar áthais ann dom féin, agus ar ndóigh do phobal na Gaeltachta gan amhras, go bhfuil campaí samhraidh  in ann dul ar aghaidh an samhradh seo - bíodh is go mbeidh srianta i gceist ar leas sláinte phoiblí, mar a thuigfear. Tugann Scéim na gCampaí Samhraidh de chuid mo Roinne deis iontach d'aos óg na Gaeltachta chun tabhairt faoi imeachtaí taithneamhacha i gcomhluadar a chéile gach samhradh i dtimpeallacht Ghaeilge -  rud atá ar leas an aosa óige agus na Gaeilge araon. Tuigeann muid ar fad na dúshláin faoi leith lena bhfuil daoine ag maireachtáil faoi láthair de thoradh na paindéime agus tá sé an-tábhachtach dá réir go leanfaidh lucht eagraithe na gcampaí samhraidh na treoirlínte breise atá i bhfeidhm i mbliana mar gheall ar Covid-19.

Mar thaca breise don aos óg, tá dhá shraith teilifíse á craoladh faoi láthair ag TG4:  Campaí Cúla4a thosaigh ar 29 Meitheamh agus atá á chraoladh go laethúil ag 10:00 go dtí 10:30 am -  le tacaíocht na Roinne agus Foras na Gaeilge; ina theannta sin craoltar Cúl Camps ó 10:30 go dtí 11:00  am (i gcomhar le CLG/Kellogs).  Tuigtear go ndéantar na cláracha sin a athchraoladh go laethúil san iarnóin agus go bhfuil fáil orthu chomh maith ar youtube/TG4.

Is le tacaíocht mhaoinithe ón Roinn atá Scéim na gCampaí Samhraidh á riar mar chuid d'fheidhmiú Plean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge

 

Nóta don Eagarthóir

Faoi Scéim na gCampaí Samhraidhtugtar deis do bheagnach 6,000 páíste de bhunadh na Gaeltachta go bliantúil chun freastal ar c. 180 campa a eagraítear i ngach ceantar Gaeltachta ó thús go deireadh an tsamhraidh. Ar mhaithe leis na táillí a ghearrtar ar thuismitheoirí/chaomhnóirí i leith na gcampaí a laghdú ceadaítear allúntas d’Údarás na Gaeltachta ar fiú suas le €330,000 go bliantúil é chun an scéim a riar.

I measc na gcoinníollacha breise a bheidh i bhfeidhm an samhradh seo ar mhaithe le baol Covid-19 a mhaolú tuilleadh, beidh gá do Mhuintearas a chinntiú:

  • Nach gceadófar campa maidine agus iarnóna in aon áit faoi leith;

·       Go bhféachann Muintearas chuige  - i gcás campaí atá á n-eagrú faoi scáth leithéidí CLG nó eagraíocht náisiúnta spóirt eile, go gcloíonn lucht eagraithe na gcampaí sin mar is cuí le prótacal COVID-19 na n-eagraíochtaí úd lena mbaineann siad i gcaitheamh an ama;

·       I gcás campaí samhraidh eile a bheidh á n-aithint faoin scéim ní foláir do Mhuintearas a chinntiú  go gcuirtear i bhfeidhm prótacal COVID-19 Muintearais féin;

·       Gur faoi Mhuintearas (faoi scáth an Údaráis) a bheidh sé iad féin a shásamh go bhfuil na campaí a aithnítear rite i gcomhréir le prótacal/treoirlínte COVID agus go ndearbhaíonn lucht eagraithe na gcampaí ar fad do Mhuintearas go bhfuil siad sásta gníomhú dá réir;

·       Go bhfeiceann Muintearas chuige go ndéantar cúram cuí dá fhoireann féin mar a bhaineann sé le COVID-19 agus iad i mbun monatóireachta ar champaí.