Foilsithe ar 

Gealltanas tugtha ag an Aire Madigan Tacú le Gaillimh 2020

Tá gealltanas tugtha inniu ag Josepha Madigan T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Cultúir, go dtabharfar tacaíocht do Ghaillimh 2020 de réir mar a thosóidh sé ag scrúdú féidearthachtaí le haghaidh clár leasaithe.

Luaigh sí a tiomantas d'earnáil ealaíon na hÉireann arís agus thug sí focal do Ghaillimh 2020 go gcuirfear an maoiniú atá fanta ag a Roinn do Chathair Chultúir na hEorpa ar fáil do na tionscadail is féidir a chur i gcrích. Cuirfidh sin ar chumas Ghaillimh 2020 dul i mbun cainte arís leis na páirtnéirí cultúir ón gclár buacach i ndáil le Príomhchathair Chultúir na hEorpa, chun roghanna lena gcuid tionscadal a chur ar fáil amach sa bhliain nó ag tús na bliana seo chugainn a phlé, i gcomhréir leis na treoirlínte sláinte poiblí atá ann.

Dúirt an tAire Madigan:

Tá áthas orm mo thacaíocht do Ghaillimh 2020 agus do léiritheoirí cultúir a dheimhniú chun go mbeidh siad ábalta dul i mbun plé ar chlár leasaithe a chur ar fáil atá dírithe ar na príomhthionscadail atá samhalta le blianta fada agus a bhfuil forbairt mhór déanta ortha ó shin i leith."

Is mór an onóir é d'Éirinn an teideal Cathair Chultúir na hEorpa agus bhí an chuma ar an gclár go mbeadh an ócáid ar an obair is mó, is éagsúla agus is iontaí cultúir dá leithéid riamh le bheith ar siúl in Éirinn. Cé go bhfuil tionchar ollmhór ag géarchéim COVID-19 ar an gclár, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do dhúthracht ealaíontóirí áitiúla agus don tábhacht atá leo de réir mar a leanann siad de bheith ag obair le Gaillimh 2020 agus de mheasúnú a dhéanamh ar an bpoitéinseal atá ann dá dtionscadail.  Ní hamháin go bhfuil deis a thabhairt do na healaíontóirí a gcuid saothar ealaíne den scoth a chur ar ardán tábhachtach do na healaíontóirí iad féin, tá sé tábhachtach don phobal áitiúil agus do cháil na hÉireann mar ionad don chruthaitheacht.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl arís do bhord, foireann, ealaíontóirí agus léiritheoirí cultúir Ghaillimh 2020 as an obair mhór a dhéanann siad agus dá dtiomantas do Chathair Chultúir na hEorpa ar mhaithe le muintir na Gaillimhe. Admhaím go bhfuil cinntí thar a bheith deacair déanta mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19, go háirithe an cinneadh roinnt den fhoireann a ligean chun siúil. Tá mé ag iarraidh a chur in iúl do na daoine sin go bhfuil tacaíochtaí uile COVID an Rialtais ar fáil dóibh.

Géarchéim í seo nach facthas a leithéide riamh cheana anseo in Éirinn, ná sa chuid eile den domhan. Beart amháin is ea mo thiomantas leanúnach do Ghaillimh 2020 lena chinntiú go mbeidh ealaíontóirí anseo in Éirinn ábalta leanúint leis an gcruthaitheacht, leis an taibhiú agus go mbeidh an rath orthu amach anseo. Tá sé feicthe le roinnt seachtaine anuas leis an tsraith Éire i mbun Taibhithe, le clár Courage Other Voices, agus le tionscadal Dear Ireland in Amharclann na Mainistreach, an méid dearfach a chuireann na healaíona, an cultúr agus an chruthaitheacht leis an saol sna cúinsí is dúshlánaí. Tá eolas ar na tionscnaimh chultúir seo go léir agus ar thionscnaimh eile le fáil mar chuid den fheachtas ar líne #InThisTogether a sheol an Taoiseach an tseachtain seo caite. Is é mo thiomantas dúthrachtach i gcónaí é mo chuid acmhainní go léir a úsáid lena chinntiú go dtiocfaidh na hearnálacha faoi mo chúram slán ón ngéarchéim seo agus go dtiocfaidh siad acu féin arís ina diaidh.