Foilsithe ar 

Infheistíocht €500,000 do Chlár Cruthaitheachta nua Chlár Éire Ildánach do Dhaoine Níos Sine fógartha ag an Aire Catherine Martin T.D.

 

Tá sé fógartha ag an Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta Catherine Martin T.D. inniu go mbeidh clár gníomhaíochta cruthaitheachta iontach nua do dhaoine níos sine á sheachadadh ag Clár Éire Ildánach trína chuid comhpháirtithe straitéiseacha náisiúnta agus údaráis áitiúla.

 

Tá an Clár um Chruthaíocht do Dhaoine Níos Sine leagtha amach chun dul i gcoinne na bhfo-iarmhairtí atá mar thoradh ar an bpaindéim, Cuirfear tús láithreach leis agus déanfar é a leathadh amach sna 18 mí amach romhainn.

 

Is éard a dúirt an tAire Catherine Martin T.D. agus í ag cur síos ar an ngá atá le gníomhaíochtaí do dhaoine níos sine:

Is uafásach an éifeacht a bhí ag an bpaindéim ar shaoránaigh na tíre. Bhí orthu iad féin a dheighilt óna muintir agus óna gcairde agus, mar sin, chailleadar na naisc shóisialta as a dtagann sásamh, féinmhuinín agus folláine mheabhrach. Tá a fhios ag mo roinnse go bhfuil cláir ealaíon agus chruthaitheacha ábalta na naisc shóisialta sin atá caillte a thabhairt ar ais.

 

Cuirfidh príomhchomhpháirtithe straitéiseacha Chlár Éire Ildánach na tionscadail a leanas ar fáil:

 

Cuirfidh Aois agus Deis sraith cónaitheachta ar fáil i sé thimpeallacht cúraim ar fud na tíre. Beidh na timpeallachtaí cúraim ar bun ar feadh sé mhí agus díreoidh siad ar dhamhsa, ar cheol agus ar thaibhithe.

 

Cuirfidh Foras Ospíse na hÉireann (IHF) clár de thionscadail ar fáil atá leagtha amach chun míniú a thabhairt ar na deacrachtaí a bhaineann le bheith ar leaba an bháis, leis an mbás féin agus leis an gcroitheadh a bhaineann leis an mbás. Áireofar ar na tionscadail seo cnuasach filíochta By Your Side a chur le chéile a chuideoidh le mothúcháin maidir le bheith ar leaba an bháis, an bás agus caillteanas a chur in iúl.

 

Tacóidh Clár Éire Ildánach le Staidéar Fadaimseartha um Aosú na hÉireann (TILDA) chun staidéar a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí sóisialta agus cruthaitheacha ar shláinte agus ar fholláine daoine aosta 50+.

 

Déanfaidh an Waterford Healing Arts Trust (WHAT) Renew a fhorbairt, clár ilealaíon (ceol, ealaíon, scríbhneoireacht, damhsa agus filíocht) do dhaoine níos sine atá ag clutharú agus a bheidh mar chuid d'Fhéile Folláine na nEalaíon agus Folláine. Leanfaidh WHAT de Healing Sounds on the Wards, clár de cheol beo ar éirigh thar cionn leis in Ospidéal Ollscoile Phort Láirge go dtí deireadh na bliana 2020 a chur ar fáil agus cuirfidh siad síneadh lena nGailearaí Oscailte um Thionscadal Féachana Ealaíne Néaltraithebhá.

 

Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA) Áireofar i gclár mór de chláir chruthaitheacha an IMMA 20 físeán ghearra a mbeidh teacht iomlán orthu a spreagfaidh daoine a n-am a thógáil agus iad ag breathnú ar a mBailiúchán.  Reáchtálfaidh IMMA seisiúin Azure a ghlacann daoine le néaltrú san áireamh uair sa gcoicís, seisiúin a mbeifear ábalta teacht orthu ó chian agus leagfaidh am amach do ghrúpaí thithe altranais uair sa tseachtain chomh maith. Le tacaíocht ó Éire Ildánach tabharfaidh IMMA an deis do dhaoine níos sine turas fíorúil a ghlacadh ar chuid de na bailiúcháin iarsmalainne chlúiteacha an domhain. Cuirfidh an iarsmalann acmhainní clóite ar fáil chomh maith chun rannpháirtíocht insroichte a spreagadh maidir le saothair ealaíne ó bhailiúcháin an IMMA. Cuirfidh na gníomhaíochtaí seo chomh maith le gníomhaíochtaí eile leis an teacht atá ag daoine go náisiúnta a raibh tionchar ag srianta Covid 19 orthu ar an IMMA.

 

Institiúid Mercer um Aosú Bisiúil, Ospidéal San Séamas (MISA). Oibreoidh clár ealaíontóir cónaithe le daoine níos sine ar othair iad in Ospidéal San Séamas i gcomhar le teaghlaigh na n-othar agus foireann an ospidéil.  Cruthóidh siad saothar nua d'fhonn an taithí a bhí acu féin agus ag daoine a bhain úsáid as a gcuid seirbhísí a chur in iúl.

 

Tacóidh Clár Éire Ildánach le tionscadal Ageing Voices Sing Ireland chun acmhainní a chur ar fáil agus cláir oiliúna dea-chleachtais do cheoltóirí agus do chúramóirí atá ag obair le daoine níos sine nuair atá sé sábháilte sin a dhéanamh.

 

Anuas ar an gclár náisiúnta, cuirfidh Éire Ildánach 25 thionscadal cruthaitheachta ar fáil do dhaoine níos sine i gcomhar lenár gComhpháirtithe Údaráis Áitiúil ar fud na tíre.

 

Áirítear ar na buaicphointí teilgean d'fhíseán mallghluaiseachta ar a bhfuil íomhánna de dhaoine níos sine i gCeatharlach, tionscadal Leabhar Nótaí Pobail i gCill Dara, Cleamairí Comhaimseartha i Liatroim, tionscadal scannáin ó ghlúin go glúin i gCo. Lú ina ndéanann daoine óga agus a gcuid comharsana níos sine cur síos ar an saol mar a chaith siadsan é le linn na dianghlasála, dialann a choinnigh duine 77 bliain d'aois a fhoilsiú agus a thaifeadadh i gCo. na Mí agus ceolchoirmeacha soghluaiseachta ceoldrámaíochta i bPort Láirge.

 

Is éard a dúirt an tAire Catherine Martin T.D. agus í ag déanamh cur síos ar rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil i gClár Dul in Aois Dearfach agus Folláine Cruthaitheachta Éire Ildánach: 

Is iontach an rud é an díocas agus an fuinneamh atá taobh thiar de na tionscadail seo a bheidh á gcur ar fáil ag na hÚdaráis Áitiúla. Tá samhlaíocht dhochreidte ag baint leo agus freagraíonn go smior do na riachtanais atá ina bpobail féin. Tá ríméad orm go bhfuilim ábalta tacú lena leithéide de thionscadail dár saoránaigh níos sine, tionscadail thuisceanacha agus tharraingteacha.

 

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gClár um Chruthaitheacht do Dhaoine Níos Sine, téigh chuig www.creativeireland.gov.ie