Foilsithe ar 

Lá Domhanda an Chrotaigh 2020 seolta ag an Aire

An t-ealaíontóir aitheanta Don Conroy i bpáirt leis an NPWS chun imeacht speisialta ealaíne a reáchtáil ar a chainéal YouTube
An fhoireann caomhnaithe ag mealladh leanaí le bheith páirteach in ábhar spraíúil faoin gCrotach ar leathanach Facebook in Éirinn

Tá an t-ealaíontóir aitheanta as Éirinn Don Conroy ag dul i bpáirt leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) chun Lá Domhanda an Chrotaigh 2020 a chur chun cinn agus a bheidh ar siúl an 21 Aibreán. Taispeánfaidh an gníomhaí timpeallachta, a bhfuil an-ghean air, a shaothar ealaíne atá bunaithe ar an gCrotach agus labhróidh ar a chainéal YouTube, a seoladh le gairid, faoin éan atá i mbaol.
Iarrfar ar leanaí ar fud na tíre a dtarraingtí agus líníochtaí féin a dhéanamh den Chrotach bunaithe ar obair Don agus iad a sheoladh ansin chuig leathanach Facebook ar leith na hÉireann do Lá Domhanda an Chrotaigh, leathanach ar a mbeidh ábhar spraoi bunaithe ar an gCrotach.


Dúirt Josepha Madigan, T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus í a seoladh ócáid na bliana seo:

Is deis iontach í seo an óige, an chruthaitheacht, an dúlra agus caomhnú a thabhairt le chéile agus táim ag súil go mór le toradh an chomhoibrithe. Tá an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ag obair chun an t-éan uasal seo a thabhairt ar ais faoin tír, le go mbeidh ceol an chrotaigh le clos agus tríd an tionscnamh seo, go mbeidh an ghlúin óg in ann an t-éan a chur ar phár arís.


Dúirt Don Conroy:

Is údar sásaimh dom na leanaí a fheiceáil ag foghlaim faoin dúlra tríd an ealaíon. Tá an Crotach ar cheann de na héin is aitheanta in Éirinn, lena ghob fada agus cosa fada agus an glaoch álainn atá aige. Is bocht é go bhfuil an t-éan beagnach ar léig mar speiceas póraithe in Éirinn.
Tá súil agam go dtabharfaidh an físeán seo ugach do ghlúin óg foghlaim faoin gCrotach agus go spreagfaidh sé tuismitheoirí a chinntiú go mbeidh an t-éan ann ag a gcuid leanaí le péinteáil.


Is cuid thábhachtach d’oidhreacht an oileáin an Crotach, ar ceangal díreach é le ré ár seanmhuintire agus glúnta go leor roimhe sin. In 2018 a seoladh Lá Domhanda an Chrotaigh chun feasacht a ardú faoi stádas an Chrotaigh sa bhaile agus thar lear agus déantar an lá a cheiliúradh i dtíortha eile- an Bhreatain, an Fhrainc agus an Astráil ina measc.
Tá titim 97 faoin gcéad ar líon na gCrotach in Éirinn ó dheireadh na 1980í agus titim 34 faoin gcéad le deich mbliana ann féin. Tugann Lá Domhanda an Chrotaigh gníomhaithe timpeallachta agus an pobal le chéile chun an Crotach a choinneáil sa spéir in Éirinn go ceann glúnta le teacht.
Faoi Chlár Caomhnaithe an Chrotaigh, clár a bunaíodh in 2017 ar mhaithe leis an éan seo a bhfuil an-ghean air, oibríonn foirne comhairleoirí, cosantóirí agus oifigigh chosanta neadacha atá bunaithe sa phobal go dlúth le húinéirí talún agus dreamanna eile spéise chun iarrachtaí an Chrotaigh neadú a chosaint agus chun caighdeán na gnáthóige a fheabhsú.
Tá an ceangal an-láidir cultúir againn leis an gCrotach - a bhfuil cosa fada air agus gob fada cuartha. Tá cáil i bhfad agus i ngearr ar an nglaoch nó ar an gcaoineadh atá ag an gCrotach a deirtear atá “caointeach”, “uaigneach”, “plobach”.
Spreag an Crotach damhsaí, amhráin agus lear mór saothair scríbhneoireachta nó bhí luaite iontu - ina measc saothair de chuid WB Yeats agus Seamus Heaney. Is seo tréimhse ríthábhachtach ina bhfuil glúin daoine a bhfuil cuimhní geana acu ar an gCrotach ag éirí aníos dóibh sa samhradh ach a bhfuil glúin eile daoine nach bhfeicfidh ná nach gcloisfidh an Crotach go deo, b’fhéidir.
Tá sé ríthábhachtach go mbeadh úinéirí talún agus pobail páirteach i scéal an Chrotaigh; tá ceangal againn leis an éan seo leis na mílte bliain agus ba chóir go leanfadh sin go ceann i bhfad eile.
“Seachas ceol nó fuaim aon éan eile ar m’eolas níl ceann is ansa liom ná ceol an Chrotaigh san earrach...Ní ceol galánta atá ón gCrotach ach leis tagann suaimhneas, sos, cneasú, smaointe cinnte glé ar an am a caitheadh, ar an am i láthair agus misneach don am atá le teacht. Níl ní is fearr a d’fhéadfadh duine a bhfuil gean aige ar éin a dhéanamh ná éisteacht leis an gCrotach lá geal Aibreáin ag fógairt go bhfuil an chuid is fearr den earrach fós le teacht. - Edward Grey