Foilsithe ar 

Léirítear i dTuarascáil Stádais go bhfuil Gnáthóga in Éirinn a bhfuil cosaint AE acu neamhfhabhrach agus go bhfuil formhór na speiceas seasmhach nó ag feabhsú

Tá fáilte curtha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D. roimh an tuarascáil achomair atá foilsithe ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) ina dtugtar forléargas ar an 3ú measúnacht de chuid na hÉireann ar stádas na ngnáthóg agus speiceas atá liostaithe san AE a cuireadh ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach in Aibreán 2019.

Deir an tAire Madigan go léirítear sa tuarascáil na dúshláin a bhaineann leis an mbithéagsúlacht a chaomhnú in Éirinn agus an gá atá ann go n-oibreodh gach earnáil den sochaí le chéile chun dul i ngleic leis.

Tuairiscítear stádas Neamhfhabhrach a bheith ag 85% de ghnáthóga (46% Neamhfhabhrach - easnamhach agus 39% Neamhfhabhrach - go dona) agus léirítear laghdú leanúnach maidir le 46% díobh. Tá stádas na speiceas atá liostaithe ag an AE ábhairín níos fearr agus 57% de na speicis a ndearnadh measúnú orthu Fabhrach agus stádas Neamhfhabhrach bainte amach ag 30% díobh (i.e. Easnamhach agus Go Dona), agus léirigh 72% go rabhthas seasmhach nó ag feabhsú cé go léirítear go leanúnach go bhfuil laghdú ag teacht ar 15% díobh.

Dúirt an tAire Josepha Madigan 

tá cláir ar bun againn chun bearta a chur i bhfeidhm d'fhonn gnáthóga dúlra agus speicis fhiáine a mheastar a bheith leochaileach san Eoraip agus atá liostaithe ar Threoir AE maidir le Gnáthóga a choinneáil nó a thabhairt ar ais mar a bhí. 59 ngnáthóg agus 68 speiceas in Éirinn atá liostaithe ar an Treoir.

Áirítear i measc go leor gníomhartha dearfacha ar fud na hÉireann:

  • An Plean Bainistíochta Náisiúnta maidir le Limistéir Speisialta Caomhantais Portaigh Ardaithe 2017-2022 ina leagtar amach an plean oibre chun SACanna portach ardaithe a thabhairt ar ais agus a chaomhnú in Éirinn. Sa Phlean, leagtar amach sprioc foriomlán chun 3,747 ha de phortach ardaithe gníomhach a bhaint amach laistigh de líonra SACanna agus Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (NHAanna). Tá 12 Phortach ardaithe á dtabhairt ar ais mar chuid de chlár na bPortach Beo arna maoiniú ag LIFE.
  • Tá 23 Comhpháirtíocht Eorpach sa Nuálaíocht (EIPanna) ar bun, agus tá go leor acu dírithe ar 'bithéagsúlacht a thabhairt ar ais, a chaomhnú agus a fheabhsú'; trí na comhpháirtíochtaí seo is féidir tionchar dearfach a imirt ar na gnáthóga agus speicis atá liostaithe ar an Treoir maidir le Gnáthóga
  • Trí Scéim na Coillearnaí Dúchasaí, tacaítear leis an gcoillearnach dhúchasach atá ann cheana a thabhairt ar ais agus coillte buaircíneacha sonraithe a aistriú go coillearnach dhúchasach.
  • Tá toirmeasc trálaeireachta domhainfharraige AE i bhfeidhm faoi 800m do threalamh luasctha, rud a thabharfaidh cosaint do choiréil dhomhainmhara. Cuirfear toirmeasc ar thrálaeireacht cois cladaigh i bhfeidhm ar bháid mhóra chun iasclanna a chosaint.
  • Glacadh le cur chuige dobharcheantair faoi Threoir Réime Uisce an AE lena chinntiú go gcuirfear fadhbanna uisce agus tuillte san áireamh laistigh de phleanáil ar thalamhúsáid agus aithníodh 726 dobharlach laistigh de 190 Réimse Tosaíochta le haghaidh Gníomhaíochta. Cinnteoidh sin go ndíreofar ar bhealach níos fearr ar bhearta i leith uiscí fionnuisce agus idirchreasa lena n-áirítear murlaigh mar shampla, trí chomhairle a chur ar fáil d'fheirmeoirí agus tacaíocht airgid a chur ar fáil chun fuíolluisce uirbeach a chóireáil agus do chórais cóireála baile níos fearr.

Deir an Dr Deirdre Lynn ón NPWS

Ar an drochuair, ní hionadh ar bith é go bhfuil stádas neamhfhabhrach ag go leor dár ngnáthóga toisc gurb í seo an chúis ar liostaíodh iad ar an Treoir; is iad na laghduithe leanúnacha an t-ábhar imní, áfach, go háirithe sna gnáthóga a bhaineann le tailte portaigh, féaraigh, coillearnacha agus muirí.” Dúirt sí freisin “is iad cleachtais talmhaíochta is mó is cionsiocair le laghdú gnáthóg. Tá na cleachtais ag imirt tionchar diúltach ar níos mó ná 70% de ghnáthóga, trí innilt nach bhfuil feiliúnach ó thaobh an chomhshaoil de, tréigean agus truailliú.

Nótaí d'Eagarthóirí:

Beidh gach tuarascáil ar fáil le híoslódáil ag https://www.npws.ie/article-17-reports-0 faoi am scoir gnó an 21/08/19.

-  Tá tuarascáil achomair foilsithe ag NPWS ina gcuirtear achoimre ar fáil ar na modheolaíochtaí measúnachta agus ar phríomhthorthaí na measúnachtaí. Chomh maith leis sin foilsíodh tuarascálacha mionsonraithe faoi mheasúnachtaí ina gcuimsítear níos mó ná 2000 leathanach. Thug breis agus 40 saineolaí eolaíochta san NPWS, Iascach Intíre Éireann agus saineolaithe seachtracha faoi na measúnachtaí seo.

I measc na speiceas atá liostaithe ar an Treoir tá speicis de mhíolta móra agus deilfeanna, gach speiceas ialtóige, mamaigh eile ar nós an madra uisce, giorria agus cat crainn; ocht speiceas plandaí, seacht speiceas inveirteabrach, seacht speiceas iasc agus trí speiceas amfaibiach agus reiptílí. Níl sna speicis seo ach fo-thacar beag de na speicis ar fad atá in Éirinn, ach is táscairí tábhachtacha cuid mhaith acu ar shláinte an éiceachórais níos leithne. Ní liostaítear éin ar an Treoir seo. Tá Éire ar cheann de na háiteanna is mó san Eoraip a bhfuil fáil ar go leor de na speicis atá liostaithe (e.g. an madra uisce (Lutralutra) agus lus na bpeiteal (Petalophyllumralfsii)).

Déantar na measúnachtaí bunaithe ar chur chuige riailbhunaithe a comhaontaíodh ag leibhéal an AE. Is féidir gnáthóga agus speicis a mheasúnú mar Fabhrach, Neamhfhabhrach - easnamhach nó Neamhfhabhrach go Dona.