Foilsithe ar
Leithroinnt maoinithe a chuideoidh leis an earnáil ealaíon agus cultúir a shocrú i gcomhthéacs na ndúshlán atá tagtha chun cinn de bharr Covid-19 fógartha ag an Aire Martin
D'fhógair Catherine Martin TD, an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta inniu réimse de bhearta maoinithe chun cuidiú leis an earnáil Ealaíon agus Cultúir teacht acu féin ó Éigeandáil Covid19.
I Meitheamh 2020, d'fhógair an rialtas tacaíochtaí breise €25 milliún don earnáil, earnáil a raibh tionchar mór ag géarchéim Covid-19 uirthi. Tá an maoiniú breise seo á chur ar fáil tríd an gComhairle Ealaíon (€20 milliún) agus go díreach tríd an Roinn (€5 milliún).
Cuireadh €31 milliún eile d'infheistíocht san earnáil leis sin an tseachtain seo caite, infheistíocht a d'fhógair an tAire Martin mar chuid den phacáiste Spreagtha Post.
Is cuid é fógra maoinithe an lae inniu den tsraith beart foriomlán seo, ar fiú €56 milliún ar an iomlán é, atá tugtha isteach chun tacú leis an earnáil. Go sonrach inniu:
- €1 mhilliún eile i gcúnamh deontais do phríomheagraíochtaí cultúir a fhaigheann maoiniú bliantúil ón Roinn mar chuid de na tacaíochtaí breise atá curtha ar fáil chun cuidiú leis an earnáil Ealaíon agus Cultúir teacht chuici féin ón Éigeandáil Covid-19. Coinnítear bailiúcháin den oidhreacht chultúir a bhfuil tábhacht náisiúnta leo is féidir a bhogadh, nó a bhaineann go sonrach leis an tír agus a bhaineann le cúrsaí leas na tíre sna heagraíochtaí seo - Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Iarsmalann Hunt, Leabharlann Ardeaspag Marsh, an Músaem Náisiúnta Cló agus Músaem Bád Aeir agus Muirí Fhainge ina measc.
- Ciste rannpháirtíochta lucht spéise nua €2 mhilliún do mhúsaeim bheaga, réigiúnacha agus sainmhúsaeim. Tá an Scéim forchoimeádta d'iarsmalanna beaga, réigiúnacha agus sain-iarsmalanna seachbhrabúsacha nach bhfuil ag fáil maoiniú oibriúcháin ón Roinn ná ó chomhlachtaí a thagann faoina coimirce. Is éard atá i gceist leis ná tacú le músaeim i gceantair réigiúnacha agus thuaithe nó a dhíríonn go sonrach ar an leas áitiúil agus náisiúnta araon a raibh tionchar ach háirithe ag Éigeandáil Covid-19 orthu.
- Leithroinnt €58,000 le haghaidh Business to Arts le bheith ina thacaíocht leanúnach dá gcuid compántas atá leagtha amach chun tacú le hinfheistíocht a fháil ó eagraíochtaí cultúir agus sin a fheabhsú maidir le feachtais bailithe airgid, acmhainní daonna agus cur le hacmhainní a fhorbairt. Léiríonn sin tiomantas leanúnach do thacú le comhlachtaí cultúir cuidiú le hacmhainní a fhorbairt agus a bheith rannpháirteach leis an daonchairdeas d'fhonn cuidiú leo ina gcuid gníomhaíochtaí.
- Fógraíodh maoiniú iomlán €134,095 inniu chomh maith chun tacú le tionscadail chultúir a mbaineann gnéithe suntasacha trasteorainn leo faoin gComhoibriú le Scéim Thuaisceart Éireann 2020 a rachaidh chun tairbhe 12 thionscadal lena n-áirítear imeacht ealaíon traidisiúnta a bheidh le sruthú beo le NYAH an Chabháin agus saineolas ar cheardaíocht agus ar oilteacht na gceardaithe a roinnt thar an teorainn le Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin (sonraí in aguisín 1).
- Tá maoiniú iomlán €137,581 fógartha ag an Aire Martin chomh maith le haghaidh cúig thionscadal déag faoi Scéim Taispeántais na Músaem Réigiúnach 2020 lena n-áirítear taispeántas ar shaol agus ar shaothar an ealaíontóra Nano Reid ag Gailearaí na Lánaí Arda, i gCo Lú chomh maith le bus dhá stór RA105 den tseanré a athchóiriú sa Mhúsaem Náisiúnta Iompair i mBinn Éadair, Co. Bhaile Átha Cliath (sonraí in aguisín 2).
- €270,000 leithdháilte ar an Scéim Caipitil Ceoil arna riar ag Music Network, gníomhaireacht náisiúnta camchuairte ceoil agus forbartha na hÉireann. Tá os cionn €2m bronnta ar 160 eagraíocht agus 119 cheoltóir aonair ar fud an Stáit ó cuireadh tús leis an ngníomhaireacht, agus is ceoltóirí iad sin a bhíonn ag ceol i seánraí éagsúla lena n-áirítear ceol traidisiúnta na hÉireann, ceol clasaiceach, ceol tíre, snagcheol, ceol leictreafhuaime, ceol luath/barócach agus rac-cheol/popcheol.
Nóta don Eagarthóir
Aguisín 1: Comhoibriú le Scéim Thuaisceart Éireann 2020
Iarratasóir | Cur síos ar an Tionscadal | Suim an chistithe atá beartaithe |
Cinemagic | Féile Scannán agus Teilifíse Bhaile Átha Cliath 2020 - ag cur deiseanna cruthaitheachta ar fáil do dhaoine óga | €15,000 |
BEAM | Ceardlanna ealaíon agus cultúir i gcomhar le cumann Staire an Chlochair | €7,095 |
NYAH an Chabháin | Imeacht dhá lá de na healaíona traidisiúnta ag dhá áit trasteorainn agus déanfar é a chraoladh ar cheamara gréasáin | €10,000 |
Músaem Chontae Dhún na nGall | Taispeántas a dhéanann 1500 bliain Cholmcille a chomóradh | €15,000 |
Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann | Tionscadal Oidhreachta ar an nGorta Mór agus cábáin choiteora ina ndéantar taispeántais oidhreachta, straitéisí léirmhínitheacha agus ailtireacht na gcábán coiteora agus cábáin ó aimsir an ghorta agus na daoine a bhí ina gcónaí iontu sa 19ú céad in Éirinn a fhiosrú. | €6,000 |
Children's Books Ireland | Tacar a dhéanfaidh an bealach a dtéann leanaí i mbunscoileanna agus i meánscoileanna i mbun na léitheoireachta agus leabhair. | €10,000 |
Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin | Faoin tionscadal seo táthar ag tabhairt grúpa díograiseach de cheardaithe den scoth ó Thuaisceart Éireann agus ó Dheisceart na hÉireann le chéile chun ceird, stíleanna agus an oidhreacht a bhaineann le lása a choinneáil. | €10,000 |
IMA | Tionscadal nuálach ar líne is ea Interpreting Museums ina bhfiosraítear an fhéidearthacht a bhaineann le gluaiseacht luathaithe a dhéanamh i dtreo chur chuige digiteach agus lucht spéise ar dtús i ndáil le cleachtas músaeim do thaighde, foghlaim comhpháirtithe, agus rannpháirtíocht phoiblí. | €9,000 |
Preabthionscadail | Ar feadh 10 lá i Lúnasa, déanfaidh beirt scríbhneoirí a bhfuil ábhar foilsithe acu - scríbhneoir amháin as Poblacht na hÉireann, maisitheoir amháin ó Thuaisceart Éireann - cúig lá de cheardlanna scríbhneoireachta agus maisitheoireachta an grúpa a chur ar fáil do suas le 50 duine óg LGBTQ+ i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste, arna n-earcú agus arna n-óstáil ag na heagraíochtaí LGBTQ+ Outhouse agus Cara-Friend. | €9,000 |
Fighting Words | Tionscadal na nDrámadóirí Óga ó Thuaidh agus Dheas - ceardlanna Drámadóireachta do dhaoine óga | €9,000 |
Bunscoil Mhuire | Dhá phobal ar thaobhanna eile den tír a cheangal go fíorúil trí thionscadal i gcomhar ina ndéantar taighde ar an stair a bhaineann leis an dá scoil agus an tionchar a bhí ag forbairt na scoileanna sin ar an tsráidbhaile, ar an bpobal agus ar an gceantar máguaird. Cruthóidh an tionscadal ceangal idirghlúine idir na pobail agus cuirfidh na daltaí daoine níos sine sa phobal faoi agallamh faoi shaol na scoile fadó agus roinnfidh siad an taithí atá acu féin ag an am céanna ar úsáid a bhaint as seomraí ranga fíorúla in 2020. | €10,000 |
Foras Oidhreachta Airm na hÉireann | Scéal Chogadh Mór na hÉireann - Scéal faoi Chogadh, Íobairtí agus Easaontas - Féachtar leis an tionscadal seo an scéal faoin bpáirt a bhí ag Arm na tíre seo sa Chogadh Mór (1914 - 1918) a fháil, a thaifeadadh, a chaomhnú agus a insint chomh maith leis an tionchar a bhí ag an gcoimhlint ar oileán na hÉireann a chur in iúl. | €9,000 |
Smashing Times | Naisc Chruthaitheacha do Thodhchaí níos Fearr - tionscadal ina n-úsáidtear próisis ealaíonta chruthaitheacha ar ardchaighdeán chomh maith le teicneolaíochtaí digiteacha nua chun saothar oibre a chruthú ina ndéantar ceiliúradh ar na healaíona agus ar an tsíocháin agus chun dul i mbun oibre le naoi gcinn de ghrúpaí ilchineálacha ó oileán na hÉireann. | €15,000 |
Iomlán | | € 134,095 |
Aguisín 2: Scéim Taispeántais na Músaem Réigiúnach 2020
Iarratasóir | Contae | Cur síos ar an Tionscadal | Maoiniú |
Músaem Luimnigh | Luimneach | Taispeántas chun 100 bliain ó bhí na toghcháin áitiúla ar siúl i gcathair agus i gcontae Luimnigh sa bhliain 1920 a chomóradh | 3,000 |
An Músaem Náisiúnta Iompair | Baile Átha Cliath | Taispeántais chun bus dhá stór RA105 den tseanré chomh maith leis an staighre ar a cúl a athchóiriú | 7,500 |
IAA | Baile Átha Cliath | An chéim deiridh de thaispeántas a bhfuil ceangail idirnáisiúnta aige ar a dtugtar "Alternative Histories" a bhaineann le teicnící ailtireachta idirnáisiúnta. | 9,785 |
Músaem Bád Aeir agus Muirí Fhainge | Luimneach | Teilgeoir pictiúrlainne agus coimeádaíocht a dhéanamh ar scannán atá ceangailte le ceiliúradh leathnaithe ar chothrom céad bliain ó rugadh Maureen O'Hara, chun airnéisí a dhigitiú chomh maith le turas fíorúil a áireamh | 10,946 |
Músaem Beag Bhaile Átha Cliath (LMD) | Baile Átha Cliath | Clár oideachais agus for-rochtana ar an raidió faoina bhféachfaidh an LMD le teachtaireacht an mhúsaeim a chur i measc phobal na tíre le taispeántais léirmhínitheacha ar na ráillí ag Faiche Stiabhna | 10,000 |
The Model | Sligeach | Digitiú a dhéanamh ar ghnéithe den bhailiúchán d'fhonn féachaint le foilseachán iomlán daite dírithe ar Bhailliúchán Niland a scaipeadh go náisiúnta | 10,000 |
Músaem Scríbhneoirí Chiarraí | Ciarraí | Cur leis an taispeántas 'Listowel through the Ages' lena n-áirítear painéil nua, múnlaí ar mhéid nádúrtha agus trealamh AV | 11,000 |
Músaem Chontae Thiobraid Árann | Tiobraid Árann | Tipperary’s Road to Independence - forbairt ar thaispeántas a bhaineann le Tiobraid Árann idir na blianta 1919 agus 1921 | 15,000 |
Músaem Chontae Dhún na nGall | Dún na nGall | Taispeántas chun comóradh a dhéanamh ar cothrom 1500 bliain Cholmcille, a bheidh ar siúl ar feadh na bliana 2021 agus le linn na bliana 2020 nuair is féidir | 5,850 |
Leabharlann Marsh | Baile Átha Cliath | Taispeántas fisiciúil agus ar líne (a ndéanfar a chur chun cinn ar ardáin meán sóisialta) ar dtugtar "China: The fragrance of books" faoin tSín trí théacsanna a bhaineann leis an 16ú agus 17ú Céad | 10,000 |
DIAS Dunsink Observatory | Baile Átha Cliath | Comharthaíocht nua lasmuigh | 10,000 |
Gailearaí na Lánaí Arda (Highlanes) | Lú | Taighde mhór agus coimeádú ar thaispeántas a bhaineann le saol agus saothar an ealaíontóra Nano Reid, a bheidh mar bhunús le Scoil Samhraidh 2021 | 10,000 |
Músaem CLG | Baile Átha Cliath | Taispeántas trína léirítear agus trína ndéantar comóradh measúil ar an méid a tharla Domhnach na Fola | 5,000 |
Ionad Ealaíon Sirus | Corcaigh | Taispeántas pobal-fhoinsithe faoi Chóbh - agus níos forleithne, an tOileán Mór - mar an chéad tionscadal ó Oifig Chathartha an Chóibh don tSamhlaíocht san ionad | 7,000 |
Iarsmalann Hunt | Luimneach | taispeántas fisiciúil agus ar líne den fheisteas a chaith aisteoirí Éireannacha | 12,500 |
137,581 |