Foilsithe ar 

Maoiniú d'Fhéilte Beaga Áitiúla agus Scoileanna Samhraidh fógartha ag an Aire Madigan

Tá leithroinnt maoinithe €54,700 fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta inniu chun tacú le Féilte Beaga Áitiúla agus Scoileanna Samhraidh a bheidh ar siúl ar fud na hÉireann in 2020.

Tá an Scéim leagtha amach chun tacú le himeachtaí áitiúla cultúir nach measfar a bheith incháilithe faoi chritéir mhaoinithe le haghaidh imeachtaí ar scála níos mó amhail na cinn arna dtacú ag Fáilte Éireann, an Chomhairle Ealaíon agus comhlachtaí eile mar sin. An 24 Aibreán 2020 an dáta deiridh a glacadh le hiarratais. Leithdháileadh maoiniú i ndiaidh próiseas iomaíoch iarratas ina raibh deontas €5,000 ar a mhéad ar fáil.

Meascán d'imeachtaí ar líne agus imeachtaí a tharlóidh 'sa saol mar atá' a bheidh sna tionscnaimh a chuirfear maoiniú ar fáil dóibh, imeachtaí a chuirfear ar fáil do lucht spéise na tíre ag teacht le treoir ghinearálta sláinte poiblí. Táthar ag súil go gcuirfear leis an ábhar cultúir le tacaíocht ón Roinn chun ionad cultúir ábhartha a chruthú ar mhaithe le leas an phobail agus an pobal níos leithne.

Seo a leanas an liosta de na hiarratasóirí ar éirigh leo.

Dúirt an tAire Madigan inniu:

Tá sé tábhachtach tacaíocht a thabhairt d'imeachtaí agus do ghníomhaíochtaí áitiúla cultúir, go bunúsach, tosaíonn sé go háitiúil le muintir an phobail agus déantar é a neartú agus a fhorbairt tríd an bpobal féin ansin. Is ríthábhachtach atá sé sin i láthair na huaire agus go leor daoine b'fhéidir ag brath go bhfuileadar scoite amach ón bpobal agus leo féin amach is amach.

Tá an-chuid teacht aniar léirithe ag na heagraíochtaí a tugadh maoiniú dóibh faoin scéim seo mar aon le hoiriúnacht maidir lena gcuid tionscadal a phleanáil agus beidh tionchar dearfach ag na himeachtaí seo ar fholláine gach duine a mbeidh an t-ádh orthu a bheith i láthair nó a bheith páirteach. Táthar ag súil go eascróidh mórtas an phobail ar a gcultúr áitiúil féin fad agus atá gach duine ag fanacht amach óna chéile agus go mbeidh pobail cultúir agus cóngaracht le mothú de bharr na n-imeachtaí a dtabharfar maoiniú dóibh tríd an scéim.