Foilsithe ar 

Maoiniú fógartha ag an Aire Martin agus an Aire Stáit Chambers chun oibreacha caipitil a dhéanamh ar oileáin éagsúla ar fud na tíre.

D’fhógair Catherine Martin, T.D. Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta agus Jack Chambers T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt deontas de luach beagnach €700,000  chun oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ar oileáin éagsúla ar fud na tíre.  Is do Chomhairlí Chontae Chorcaí, Mhaigh Eo agus Dhún na nGall atá na deontais ceadaithe mar seo a leanas:

 

Comhairle Contae Chorcaí

€279,054

Comhairle Contae Mhaigh Eo

€341,250

Comhairle Chontae Dhún na nGall

€79,500

 

Beidh na Comhairlí Contae ag cur cómhaoiniú ar fáil.

 

Tá súil ag an Roinn bheith ábalta deontais a fhógairt do oileáin eile go luath.

 

Is iad na hoileáin atá i gceist ná Faoide, Cléire agus An tOileán Mór, i gContae Chorcaí, Cliara, Inis Toirc, Cloigeann, an céibh ag Rú an Átha agus an Sean Céibh ag Rú An Átha i gContae Mhaigh Eo, Oileán an Bhráighe, Inis Bó Finne agus Árainn Mhór i gContae Dhún na nGall. 

 

Dúirt na hAirí go raibh an-áthas orthu an fógra seo a dhéanamh. 

Léiríonn an fógra seo inniu maidir le cúnamh do mhionoibreacha a chur i gcrích ar na hoileáin go bhfuil an Rialtas tiomanta acmhainní a sholáthar i dtreo na hoileáin le cur lena n-infreastruchtúr

 a dúirt an tAire Martin. 

 

Ag labhairt dó faoin maoiniú seo, dúirt an tAire Stáit Chambers:

Ceadaíodh airgead breise don chlár mionoibreacha mar chuid den phacáiste a d’fhógair an Rialtas le déanaí. Déanfar tuilleadh maoiniú a cheadú do thograí ar oileáin eile go gairid