Foilsithe ar 

Old House New Home


An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta & RIAI

D’fháiltigh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan, TD, inniu roimh fhoilseachán Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann Old House New Home.

Le cúnamh óna Roinn agus ón gclár Éire Ildánach, is ríomhfhoilseachán nuálach é seo ina gcuirtear treoir agus comhairle ar fáil saor in aisce maidir le foirgnimh stairiúla a dheisiú agus a athúsáid. Mínítear ann le tuiscint a fháil ar do theach, le gnéithe ón seanré a chaomhnú agus é a athshamhlú do shaol an lae inniu ach ag an am céanna an carachtar agus an cheardaíocht a bhaineann le tithe stairiúla a choinneáil. Tá lear mó cás-staidéar sa treoir atá bunaithe ar thionscadail de gach méid, nach ionann an bhail atá orthu, ar shuíomhanna éagsúla agus de thréithe éagsúla - ó thithe in áiteanna uirbeacha agus i mbruachbhailte go hathchóiriú ar theach feirme, na clóis agus na sciobóil.

San áireamh freisin tá pictiúir físeáin ina ndéantar cur síos ar na scéalta a bhain le cúig fhoirgneamh éagsúla oidhreachta - dhá áit chónaithe uirbeacha os cionn siopaí, Cró Ba ar fheirm, Teach Cathrach Seoirseach atá roinnte agus Bialann Oifigeach a bhí mar chuid de sheanionad míleata. Ní hionann aon tionscadal díobh ó thaobh méide, an áit a bhfuil siad ná a chasta atá siad ach tá athshamhlú déanta orthu ar fad le gur féidir maireachtáil iontu sa 21ú haois ach go bhfuil carachtar ar leith na bhfoirgneamh coinnithe ag an am céanna. D’éirigh go maith leis na tithe sna cás-staidéir seo ní hamháin mar gheall ar an dearadh a rinneadh ar an obair nua ach freisin mar gheall ar an deisiú agus an caomhnú a rinneadh ar chreatlach staire na bhfoirgneamh agus gur coinníodh an carachtar a bhain leo.

Dúirt an tAire:

Tá na coincheapa seo, is é sin dearadh ar ardchaighdeán, athúsáid agus deisiú mar is ceart, ríthábhachtach maidir le hathnuachan na tuaithe agus na cathrach araon agus níos tábhachtaí ná sin arís chun muid a chur ar an eolas leis an stoc foirgneamh stairiúil atá i gceartlár ár gcuid bailte agus sráidbhailte a athshamhlú.

Lean an tAire agus dúirt

Chomh maith le tithe sainiúla a dhéanamh is freagra tábhachtach ar athrú aeráide agus ar athbheochan na tuaithe foirgnimh atá ann cheana a athúsáid agus a dheisiú. Is rogha neodrach ó thaobh carbóin é smaoineamh ar an stoc reatha foirgneamh atá ann a athúsáid agus a athshamhlú agus is ionann sin agus forbairt inbhuanaithe.

Féachann an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le feasacht a ardú ar ailtireacht agus ar an timpeallacht thógtha stairiúil le beartais agus straitéisí éagsúla chomh maith le tuiscint a thabhairt ar athghiniúint faoi thionchar na hoidhreachta le dearadh a mbeadh an-mhachnamh déanta air le go mbeadh sin chun leasa na timpeallachta agus na sochaí trí chéile.

Dúirt Kathryn Meghen, Príomhfheidhmeannach an RIAI:
Is acmhainn thábhachtach nua ar líne é Old House New Home d’úinéirí foirgnimh atá ann cheana, lena n-áirítear struchtúir chosanta. Cuirtear comhairle ar fáil inti i dtaobh dea-chleachtais i gcúrsaí ailtireachta chomh maith le cás-staidéir atá léirithe go hálainn mar chúnamh d’úinéirí tí agus chun iad a spreagadh na foirgnimh seo a athshamhlú. Is féidir go mbeadh deiseanna ar leith agus sainiúla ag baint le foirgnimh fholmha nó thréigthe a athchóiriú ach is féidir leis a bheith dúshlánach freisin sa chás go mbeadh buntréithe foirgnimh i ndroch-chaoi nó millte ag athruithe a rinneadh roimhe seo. Is próiseas casta é foirgneamh atá ann cheana a chaomhnú nó a chóiriú agus a bhfuil comhairle ailtireachta ag teastáil ina leith ón tús. Tá an tacar riachtanach scileanna ag Ailtirí Cláraithe chun an leas is fearr a bhain as acmhainn do thionscadail. Tá ailtirí a bhfuil saineolas acu ar chaomhnú in ann an chomhairle agus an treoir a theastaíonn a chur ar fáil i dtaobh struchtúir chosanta. Is deiseanna iontacha iad na foirgnimh seo. Ach an chomhairle agus an treoir cheart a fháil is féidir áiteanna áille cónaithe a dhéanamh astu do na glúnta atá le teacht.

Tá súil ag Old House New Home, le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ón gClár Éire Ildánach, a thacaíonn le cumas cruthaitheach daoine, eagraíochtaí agus ranna rialtais i gcomhar, tuilleadh daoine a spreagadh smaoineamh ar fhoirgnimh fholmha nó ar bheagán úsáide i gcomharsanachtaí uirbeacha agus faoin tír a dheisiú nó a athúsáid.

Tá an foilseachán le fáil anseo