Foilsithe ar 

Osclaíonn Michael Ring an Mol Digiteach agus nuálaíoch go hoifigiúil, gteic@ An Spidéal

An chéad tionscadal faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe curtha i gcrích
An Mol ina chuid de ghréasán áiseanna leathanbhanda ardluais i gceantair thuaithe sa Ghaeltacht
Béim leagtha ar phoist a chruthú sna hearnálacha cruthaitheachta agus meán digiteach

D'oscail Michael Ring, TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, go hoifigiúil inniu (Dé hAoine an 25 Deireadh Fómhair 2019) an chéad tionscal atá tugtha chun críche le maoiniú a cuireadh ar fáil faoi Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe an Rialtais, a bunaíodh mar chuid de Thionscadal Éireann 2040.

Maidir le hoscailt gteic@An Spidéal inniu, dúirt an tAire Ring:

Tá an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe – ar fiú €1 billiún é agus atá á riar ag mo Roinnse, ina dhlúthchuid de Thionscadal Éireann 2040.   Féachtar leis tacaíocht a thabhairt do thionscadail straitéiseacha, mórscála a bhfuil sé d'acmhainn acu dul chun cinn geilleagrach agus sóisialta a chur chun cinn i gceantair thuaithe in Éirinn. 

Is ceann de na tionscadail den scoth sin é Mol Digiteach agus Nuálaíochta gteic@An Spidéal, arna fhorbairt anseo sa Spidéal ag Údarás na Gaeltachta, agus bhí ríméad orm a bheith ábalta €548,887 a leithdháileadh ón gCiste sin chun an tionscadal seo a chur i gcrích.

trí gteic@An Spidéal, cuideofar le deiseanna fostaíochta a chruthú agus cuirfear áis bhríomhar, nua-aimseartha agus ardluais leathanbhanda ar fáil d'fhiontair nuathionscanta agus seanbhunaithe. Tríd an Mol, tacófar le fostaíocht sa cheantar áitiúil go díreach agus go hindíreach agus beidh béim faoi leith ar na hearnálacha cruthaitheachta agus meán digiteach

Tríd an gCiste um Athghiniúint agus Forbartha Tuaithe, cuirtear deis gan fasach ar fáil tionchar suntasacht a bheith againn ar phobail tuaithe agus iad a athrú ó bhonn: cuirfidh sin leis an teacht aniar agus le cuspóirí Thionscadal Éireann 2040.

Ceadaíodh maoiniú don Mhol gteic sa chéad ghlaoch ar thionscadail a fuair maoiniú faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbartha Tuaithe. Faoin gcéad ghlaoch, d'fhógair an tAire Ring maoiniú €86 milliún do thionscadail ar fud na tíre.

Dúirt an tAire Stáit Seán Kyne T.D. ag an imeacht:

Táim an-sásta a bheith anseo in éineacht le mo chomhghleacaí, an tAire Ring, agus an Mol gteic á oscailt anseo sa Spidéal.  Tríd an Mol seo, cuirfear deiseanna ar fáil do ghnóthaí agus d'fhiontraithe na háite agus ag an am ceanna, spreagfar daoine chun smaoineamh ar fhilleadh ar an gceantar nó gnó a bhunú ann.

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Údarás na Gaeltachta:

Tá ríméad orainn in Údarás na Gaeltachta an mol iontach, nua-aimseartha, nuálach agus tarraingteach seo a fhorbairt laistigh dár ngréasán gteic trí chúnamh maoinithe suntasach á fháil ó RRDF. Tá gteic@An Spidéal ina chuid de ghréasán bríomhar atá ag méadú d'áiseanna leathanbhanda ardluais atá á bhforbairt againn i gceantair thuaithe sa Ghaeltacht agus cuideoidh sin le poist a chruthú, tacú le cianoibrithe agus spreagfaidh sé agus cuirfidh sé ar chumas Diaspóra na Gaeltachta filleadh ar an mbaile, forbairt coincheapa agus gnó nua a éascú agus chomh maith leis sin, forbrófar líon mol ina gcuireann cultúr faoi leith na Gaeltachta cruthaitheacht agus nuálaíocht chun cinn.

Mar fhocal scoir dúirt an tAire Ring:

Is sampla iontach an tionscadal seo ar mar atá pobail thuaithe ar fud na tíre ag baint leas as an leibhéal ollmhór infheistíochta atá déanta mar chuid de Thionscadal Éire 2040 mar aon leis an dul chun cinn geilleagrach agus sóisialta atá á bhaint amach mar gheall ar an maoiniú.  Leanfaidh mo Roinnse den chlár forbartha tuaithe a chur chun cinn ar fud an Rialtais agus leanfar d'fhorbairt a dhéanamh ar an dul chun cinn iontach atá déanta go dtí seo.

Na Meáin Shóisialta:

#RRDF

#Éire2040

#Ireland2040

Nóta d'Eagarthóirí:

Tionscadal Éireann 2040 – An Ciste um Athghiniúint agus Forbartha Tuaithe

Is é Tionscadal Éireann 2040, beartas agus creat pleanála uileghabhálach an Rialtais maidir le forbairt shóisialta, gheilleagrach agus chultúrtha na hÉireann. Áirítear ann plean infheistíochta caipitil mionsonraithe don deich mbliana amach romhainn, an Plean Forbartha Náisiúnta (NDP) 2018-2027, agus an Creat Náisiúnta Pleanála ina leagtar amach prionsabail agus tosaíochtaí níos leithne chun fás ar an daonra agus ar an ngeilleagar suas go dtí an bhliain 2040 a phleanáil.

Mar chuid de Thionscadal Éireann 2040 bunaíodh ceithre chiste caipitil:

  • An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach: €2bn (Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil)
  • An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe: €1bn (An Roinn Forbartha Tuaithe & Pobail)
  • An Ciste um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha: €500m (An Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta)
  • An Ciste um Ghníomhaithe ar son na hAeráide: €500m (An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil)

Bunaíodh an Ciste um Athghiniúint agus Forbartha Tuaithe chun an sprioc atá i bPlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027, Geilleagair agus Pobail Thuaithe Neartaithe, a thabhairt i gcrích agus is thar tréimhse 10 bliana a chuirfear i bhfeidhm é.  An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a dhéanann an Ciste a riar.

Faoin gCiste seo, cuirfear infheistíocht ar fáil chun tacú le tionscadail oiriúnacha i mbailte agus sráidbhailte ina bhfuil daonra níos lú ná 10,000 duine, chomh maith leis na ceantair timpeall orthu, a bhainfidh amach aidhmeanna Thionscadal Éireann 2040 chomh maith le forbairt gheilleagrach agus shóisialta inbhuanaithe a bhaint amach sna réimsí sin. Tá maoiniú tosaigh €315 milliún leithroinnte ar an gciste ar bhonn céimnithe le linn na tréimhse 2019 go dtí 2022.

Fógraíodh maoiniú €86 milliún do 84 thionscadal ón chéad ghlaoch thar dhá fhógra i Sligeach (Samhain 2018) agus i mBaile na Lorgan (Feabhra 2019) faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe.

Is féidir teacht ar liosta na dtionscadal atá fógraithe cheana féin ag:

An chéad fhógra:

https://assets.gov.ie/3235/231118125436-d956244f25c94c9484990fb37bf96c36.pdf

An dara fógra:

https://assets.gov.ie/6885/295393aa4bbb4298b56800ebf1d2f41c.pdf

Seoladh an dara glaoch le haghaidh iarratas i gcomhair Chatagóir 1 den Chiste (tionscadail a bhfuil pleanáil agus toiliú iomlán faighte dóibh) in Aibreán 2019 agus dúnadh an glaoch ar 6 Lúnasa 2019.  Fógrófar na tionscadail a n-éireoidh leo sa dara glaoch roimh dheiridh na bliana seo.

Seolfar an dara glaoch le haghaidh iarratas i gcomhair Chatagóir 2 (tionscadail a bhfuil forbairt bhreise de dhíth orthu chun go mbeidh siad réidh do Chatagóir 1) roimh dheiridh na bliana seo freisin.

gteic

 

Gréasán moil nuálach agus digiteach atá i gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta agus tá ceangal leathanbhanda ardluais á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta ar fud cheantair Ghaeltachta na tíre. Is ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, i gContae Dhún na nGall, i gContae Mhaigh Eo, i gContae na Gaillimhe, i gContae Chiarraí agus i gContae Chorcaí a chuirfear na moil nuálacha ar fáil. Beifear á gcur ar fáil i gContae Phort Láirge agus i gContae na Mí i Sean-Oirthear na hÉireann chomh maith. Chomh maith leis sin, tá sé oileán Gaeltachta agus seacht n-oileán nach bhfuil sa Ghaeltacht mar chuid den éiceachóras digiteach seo atá ag méadú trína gcuirtear infreastruchtúr ríthábhachtach ar fáil agus trína ndéantar ceangal domhanda leis na ceantair thuaithe seo a éascú.

Tá seacht mol oscailte go dtí seo i nGaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall, Béal an Mhuirthead i gCo. Mhaigh Eo, Carna, An Cheathrú Rua agus Na Forbacha i gCo. na Gaillimhe, Béal Átha an Ghaorthaidh i gCo. Chorcaí agus an Mol Teic/Dingle hub i nDaingean Uí Chúis i gCo. Chiarraí. Táthar ag súil go bhfuil seacht mol gteic eile ar an mbóthar ceart maidir len iad a chur i gcrích agus go mbeidh custaiméirí i mBaile an Sceilg (Ciarraí Theas), Cill Charthaigh (Dún na nGall), Oileán Chléire (Corcaigh), Acaill, An Eachléim, Gaoth Sáile and An Corrán Buí (Maigh Eo) faoi dheireadh 2019.

Trí na moil gteic cuirfear gréasán bríomhar áiseanna leathanbhanda ardluais ar fáil i gceantair thuaithe sa Ghaeltacht trína gcuideofar le poist a chruthú, tacú le cianoibrithe, filleadh abhaile Diaspóra na Gaeltachta a spreagadh agus a chumasú, forbairt coincheapa agus gnó nua a éascú agus chomh maith leis sin, forbrófar líon mol ina gcuireann cultúr faoi leith na Gaeltachta cruthaitheacht agus nuálaíocht chun cinn.

 

Áirítear i moil gteic áiseanna le haghaidh deasca sealaíochta agus spásanna comhroinnte do dhaoine agus ríomhoibrithe a bhíonn ag obair ó chian chomh maith le, ag brath ar an gceantar, spáis oifige agus gorlanna gnó ina bhfuil ceangal idirlín ardluais chun an nuálaíocht agus forbairt smaointí a éascú.

Cuirfidh na forbairtí seo deis ar fáil do phobal na Gaeltachta, anseo sa mbaile agus thar lear, filleadh ar a gceantar dúchais nó cónaí ina gceantar dúchais trí dheiseanna oibre ó chian a chur ar fáil ag deasca sealaíochta, spáis chomhionaid nó oifigí príobháideacha sna moil seo. Dá réir sin, cuirfear tacaíocht, daingniú agus cúnamh do na pobail Ghaeilge ar leith seo agus cuideoidh leo aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le bánú na tuaithe.

Tá an mol digiteach nuálach seo chun ceantair Ghaeltachta na hÉireann a athspreagadh mar go gcuirfidh 31 mol nuálaíochta & digiteacha gteic 500 áit deisce ar fáil do nuálaithe, fiontraithe, daoine a bhíonn ag obair ó chian agus gnóthaí ar fud na 7 gContae Gaeltachta.

Is ionann sin agus éiceachóras digiteach atá ag fás ina gcuirtear deis den scoth ar fáil do chuideachtaí teicneolaíochta nua lena mbunú i gceantair faoin tuath ina gcuimsírtear an Ghaeltacht agus do na fostaithe atá acu chun sásamh a bhaint as an gcothromaíocht oibre is saoil den scoth is féidir le háiteanna áille ar nós iad seo a chur ar fáil.