Foilsithe ar 

Philadelphia Here I Come - Ceoltóirí as Éirinn le dul ar Stáitse in Filideilfia i mí Lúnasa

 

I mí Lúnasa, den chéad uair riamh, tá lá iomlán tiomnaithe ina chlár ag Féile Ceoil Tíre Fhilideilfia do cheoltóirí as Éirinn. Clár 12 uair an chloig a bheidh i gceist agus beidh 18 gcinn de shárbhannaí ceoil na tíre seo ar an ardán ag an 59ú Féile Ceoil Tíre Fhilideilfia Dé Sathairn an 15 Lúnasa le cúnamh ó Chultúr Éireann.

 

Dúirt Catherine Martin, TD, an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta nuair a bhí an clár á fhógairt inniu:

Tá ríméad orm go bhfuil mo Roinnse, i gcomhar le Cultúr Éireann, ábalta tacú leis an gclár seo de cheoltóirí cumasacha na hÉireann len iad a chur os comhair lucht spéise ar fud an domhain ag Féile Ceoil Tíre Fhilideilfia na bliana seo. Cuirfidh ardán speisialta ar líne na féile ar ár gcumas ár gcuid ceoltóirí a roinnt le lucht spéise ar fud an domhain agus cur leis an gcáil mhór atá ar an tír seo don cheol chomh maith le deis tábhachtach, deis a bhfaighidh siad íocaíocht as, a thabhairt do na ceoltóirí dul i mbun taibhithe agus ceangal a dhéanamh leis an lucht spéise atá acu.

 

Áirítear ar na ceoltóirí a bheidh ag ceol ag an bhféile seo ceoltóirí a bhíonn de ghnáth ina bpríomhoirfidigh ag féilte móra an tsamhraidh sna Stáit Aontaithe, leithéidí We Banjo 3, Téada, agus Moxie chomh maith le bannaí eile atá ag teacht chun cinn The Ocelots, Corner Boy agus Karrie in éineacht le Jimmy Smyth.  Tá Daoirí Farrell, Mick Flannery, Lisa O’Neill, Liam Ó Maonlaí ó na Hot House Flowers agus an giotáraí virtuoso Shane Hennessy i measc na gceoltóirí agus na n-aonréadaithe breátha agus a bhfuil tóir mhór orthu a bheidh páirteach. Cuirfear rogha breá de cheoltóirí os comhair an lucht féachana as gach cearn d'Éirinn lena n-áirítear The Henry Girls as Dún na nGall, Lisa Canny as Sligeach, Susan O’Neill as Co. an Chláir, an píobaire uilleann Mark Redmond as Loch Garman agus Kila as Baile Átha Cliath. Tá blas idirnáisiúnta ar na ceoltóirí eile, leithéidí Navá a fhiosraíonn ceol na hÉireann agus na Peirse, chomh maith le Slow Moving Clouds a mheascann gnéithe de thraidisiúin ceoil tíre na hÉireann agus na dtíortha Nordacha le fuaim níos nua-aimseartha.

 

Tá 120 ceolchoirm ar líne curtha ar fáil ag Cultúr Éireann le míonna beaga anuas faoin gclár Éire i mbun Taibhithe. Céim eile atá sa tionscnamh nua seo le stáitse d'fhéile digiteach ag Féile Ceoil Tíre Fhilideilfia a chur i láthair, an fhéile lasmuigh is sine a reáchtáiltear go leanúnach i Meiriceá Thuaidh, lena chinntiú go dtugtar tacaíocht do cheoltóirí na tíre chun leanúint le lucht spéise domhanda a tharraingt.

 

Is éard a dúirt Lisa Schwatrz, Stiúrthóir na Féile agus an Chláir:

Creidim gurb é an ceol a cheanglaíonn le chéile muid go léir agus tabharfaidh a leithéid d'ócáid dhearfach misneach dúinn faoi láthair agus muid uilig ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar an ngéarchéim sláinte seo in éineacht. Dá bhrí sin, tá súil agam gur bealach maith a bheidh anseo chun an pobal go léir a thabhairt le chéile, go háirithe nuair atá muid dírithe ar a bheith deighilte óna chéile, an t-imeacht seo a chur ar bun agus a mbeidh daoine ar fud an domhain ábalta sult a bhaint as ach ceangal idirlín a bheith acu. Rith sé liom, de bharr go raibh ar an oiread ceoltóirí a gcuid camchuairteanna agus ceolchoirmeacha a chur ar ceal, camchuairteanna agus ceolchoirmeacha a bhí pleanáilte le fada an lá, agus deireadh curtha lena slí mhaireachtála, go bhféadfadh sé go mbeadh bealach ann a bhféadfainn cuidiú le ceoltóirí as Éirinn cur leis an eolas atá ag daoine orthu agus leis an lucht leanúna atá acu i Meiriceá Thuaidh agus in áiteanna eile gan gá ar bith dóibh taisteal. Tá ceol agus cultúr chomh saibhir agus bríomhar agus ní mór iad a roinnt.

 

Is féidir ticéid don fhéile a fháil ar folkfest.org ar phraghsanna éagsúla, an ceann is saoire díobh ar chostas $25 do lá amháin agus is féidir iad a fháil beag beann ar an áit sa domhan ina bhfuil tú.