Foilsithe ar 

Príomhcháipéisí i ndáil leis 'na Trioblóidí' ar fáil anois ar líne trí chomhpháirtíocht Chartlann Náisiúnta na hÉireann le CAIN

Tá bailiúchán ina bhfuil 960 cáipéis, a chlúdaíonn imeachtaí a bhaineann le Tuaisceart Éireann sa tréimhse idir 1986 agus 1988, curtha le láithreán gréasáin Conflict Archive on the INternet (CAIN) mar chuid den chomhpháirtíocht leanúnach idir Ollscoil Ulaidh agus Cartlann Náisiúnta na hÉireann (NAI).

 

Baineann an t-ábhar a cuireadh ar fáil le gairid le réimse ábhair: an bealach a raibh an Comhaontú Angla-Éireannach ag feidhmiú nuair a cuireadh tús leis mar a bhain le hábhair éagsúla polaitíochta, dlí agus slándála; mar a d'fhéach an dá rialtas i mBaile Átha Cliath agus i Londain leis an gcaidreamh eatarthu a bhainistiú agus aghaidh á thabhairt acu ar shaincheisteanna dúshlánacha mar na daoine a raibh amhras fúthu i leith cionta sceimhlitheoireachta a eiseachadadh nó i gcásanna a bhí go mór i mbéal an phobail, an Birmingham Six agus an Guildford Four; chomh maith leis na rudaí a thit amach díreach i ndiaidh na n-imeachtaí ba mhíchlúití le linn na 'Trioblóidí' i dTuaisceart Éireann, mar an t-ionsaí buamála a tharla in Inis Ceithleann i mí na Samhna 1987 agus i ndiaidh na maruithe a tharla i Giobráltar i Márta 1988.

 

Is éard a dúirt an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin TD inniu agus na cáipéisí is déanaí á gcur ar fáil don phobal ar láithreán gréasáin CAIN; “Is léiriú soiléir atá san obair i gcomhar idir CAIN agus an Chartlann Náisiúnta ar an tábhacht agus ar an luach a bhaineann le teacht saor in aisce a bheith ar thaifid phoiblí chun go mbeidh lucht taighde, lucht léinn, múinteoirí, mic léinn agus an pobal i gcoitinne ábalta tuiscint níos fearr a bheith acu ar na comhthéacsanna sóisialta, cultúir agus polaitíochta a mhúnlaíonn ár sochaí. Is léargas fíor-luachmhar atá sna taifid seo ar na blianta deacra a thit amach díreach sular cuireadh tús leis an sos cogaidh agus an próiseas síochána i dTuaisceart Éireann.

 

Dúirt an Dr Brendan Lynn, Leas-Stiúrthóir CAIN Ollscoil Ulaidh:“Tá áthas arís ar Ollscoil Ulaidh agus CAIN an deis a bheith acu a bheith ag obair le Cartlann Náisiúnta na hÉireann chun uasghrádú a dhéanamh ar an méid atá ann cheana féin a chuirfidh ábhar ar fáil d'úsáideoirí anois ó na blianta 1965 go dtí 1988.  Ina theannta sin cinntíodh go raibh CAIN ábalta leanúint den chuspóir fadtréimhseach a bhain le bheith ag obair le daoine aonair, le grúpaí nó le heagraíochtaí a raibh an fhaisnéis chuí acu ar mhaithe le leaganacha digiteacha a dhéanamh den ábhar atá acu agus é a bheith níos éasca ag an bpobal teacht ar an ábhar sin. Mar fhocal scoir, ba mhaith liom ár mbuíochas a ghlacadh le Ciste Athmhuintearais na Roinne Gnóthaí Eachtracha & Trádála, agus sin a bheith ar thaifead, as tacaíocht a thabhairt chun go mbeadh CAIN ábalta leanúint den chomhpháirtíocht le Cartlann Náisiúnta na hÉireann a chothabháil."

 

CRÍOCH

 

Nótaí d'Eagarthóirí

 

Is féidir teacht ar an gcartlann ar líne ar: http://cain.ulster.ac.uk/nai/.

 

Cuireann láithreán gréasáin CAIN réimse faisnéise agus ábhair foinse ar fáil maidir leis an gcoimhlint agus cúrsaí polaitíochta i dTuaisceart Éireann ón 1968 go dtí an lá atá inniu ann.  Baintear leas as an láithreán ar fud an domhain agus tá os cionn 23 milliún cuairt tugtha air.

 

Tá CAIN bunaithe in Ollscoil Ulaidh, laistigh de Scoil an Léinn Eolaíochtaí Sóisialta & Beartais:

(https://www.ulster.ac.uk/faculties/arts-humanities-and-social-sciences/schools/applied-social-policy-sciences).

 

Is gné d'ARK (Rochtain ar Eolas ó Thaighde, http://www.ark.ac.uk/) é CAIN, acmhainn a chuireann rochtain ar fáil maidir le hábhar sóisialta agus polaitíochta a bhaineann le Tuaisceart Éireann a chuireann eolas ar fáil do dhíospóireachtaí sa cheantar agus a chuireann taighde maidir le heolaíocht shóisialta i mbéal an phobail. Tá ARK bunaithe in Ollscoil Ulaidh agus in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

 

Tá an-bhaint ag Cartlann Náisiúnta na hÉireann i saol cultúir agus intleachta na tíre, ina gcoinnítear taifid Stáit nua na hÉireann trína ndéantar taifead ar mar a d'athraigh an Stát le linn na staire agus mar a bunaíodh aitheantas náisiúnta na tíre. Cinntíonn Cartlann Náisiúnta na hÉireann go ndéantar taifid a bhaineann le hÉirinn a chaomhnú, taifid ar fiú a chaomhnú i gcartlann agus cinntíonn go bhfuil na socruithe cuí i bhfeidhm chun go mbeidh teacht ag an bpobal ar na cartlanna sin, agus déantar sin trí bheith ag teacht lena Ráiteas Misin.