Foilsithe ar 

Ráiteas ón Taoiseach, roimh an gComhairle Eorpach, An Bhruiséil, an 17-18 Deireadh Fómhair 2019 Dáil Éireann

Eisithe ag Preasoifig an Rialtais

Cuir i gcomparáid leis an óráid mar a tugadh í

A Cheann Comhairle,

Beidh mé ag freastal ar chruinniú na Comhairle Eorpaí an Déardaoin agus an Aoine seo, an 17 agus an 18 Deireadh Fómhair.

I ndiaidh an chruinnithe a bhí agam leis an bPríomh-Aire Johnson an tseachtain seo caite, táim cinnte gur mian le gach páirtí teacht ar chomhaontú ar son leasa na hÉireann, na Ríochta Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh trí chéile.

Táimid ar tí margadh a dhéanamh ach tá saincheisteanna fós le réiteach. Ar an gcéad dul síos, tá saincheist an toilithe agus an daonlathais, a chinntiú go bhfuil comhaontú daonlathach phobal Thuaisceart na hÉireann ag aon socrú fadtéarmach a bhaineann le Tuaisceart Éireann, agus ar an dara dul síos, saincheist an chustam, a chinntiú nach bhfuil aon teorainn chustam idir an Tuaisceart agus an Deisceart agus nach bhfuil aon taraifí ar thrádáil.

Is é an aidhm atá ann teacht ar chomhaontú a oibríonn do phobal na hÉireann agus do phobal na Breataine agus na hEorpa chomh maith. Ionas go n-oibreoidh sé do phobal na hÉireann, caithfear teorainn chrua idir an Tuaisceart agus an Deisceart a sheachaint. Ba é sin príomhchuspóir an Rialtais riamh, a chinntiú gur féidir le geilleagar uile-oileáin leanúint ag forbairt agus gur féidir le comhoibriú Thuaidh-Theas, mar a samhlaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, leanúint ar aghaidh athuair, chun an Margadh Aonair, a shláine, agus ár ról sa Mhargadh Aonair a chosaint. Sin iad ár gcuspóirí, agus is é an aidhm a bhí againn ón tús na cuspóirí sin a chomhlíonadh, agus táim muiníneach go n-éireoidh linn.

Ó bhí cruinniú agam leis an bPríomh-Aire Johnson an tseachtain seo caite, tá obair ag leanúint ar aghaidh idir Tascfhórsa an Choimisiúin agus oifigigh na Breataine. Sholáthair Michel Barnier nuashonrú d’Airí AE27 ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta i Lucsamburg inné.

Ní dóigh liom go gcabhródh sé le haon duine an iomarca a rá inniu faoin bplé nó faoin gcreat ama beacht ina bhféadfaí teacht ar chomhaontú.

Dúirt mé an tseachtain seo caite gur shíl mé go rabhamar ar tí teacht ar chomhaontú. Is é sin mo léamh ar an scéal fós. Is é an cheist atá le cur, áfach, cibé an mbeidh nó nach mbeidh na hidirbheartaithe in ann déileáil leis na bearnaí atá fós ann roimh an gComhairle amárach. Is é an rud is tábhachtaí anois go ndírítear ar mhargadh a dhéanamh a fhreastalaíonn ar gach duine.

Le linn dom a bheith ag obair ar mhaithe le toradh dearfach chomh fada is a bhaineann le Brexit, beidh roinnt saincheisteanna tábhachtacha eile le plé ag an gComhairle Eorpach.

Sonróidh Uachtarán toghaí an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, a cuid tosaíochtaí dá téarma in oifig.

Tá cothromaíocht le tabhairt faoi deara sa Choimisiún nua, bunaithe ar ainmniúcháin faighte ó Bhallstáit, chomh fada is a bhaineann le hinscne, tíreolaíocht agus méid.

Mar is eol dúinn, táirgeadh post an Choimisinéara Trádála d’ainmní na hÉireann, Phil Hogan, ceann de na punanna is suntasaí agus is mó tionchar sna blianta amach romhainn, agus tá a fhios agam go ndéanfaidh sé obair mhór.

Tá éisteachtaí reáchtáilte ag Parlaimint na hEorpa leis na Coimisinéirí nua atá molta. I gcásanna áirithe, bhí gá le hainmniúcháin leasaithe mar gheall orthu. Leanfar leis an bpróiseas seo go dtí go bhfuil an Coimisiún trí chéile faofa ag an gCoimisiún chun dul i mbun oifige. Go dtí sin, beidh feidhm leis an gCoimisiún reatha, faoi cheannas an Uachtaráin, Jean-Claude Juncker.

Ag ár gcruinniú i mí Iúil, chomhaontaíomar gurb í Christine Lagarde an chéad Uachtarán eile ar an mBanc Ceannais Eorpach, agus an tseachtain seo glacfaimid le cinneadh chun í a cheapadh sa ról sin.

A Cheann Comhairle,

Cuirfear tús lenár bplé ar an Déardaoin le malairt tuairimí faoi Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, David Sassoli. Is é seo an chéad deis a bheidh ag an gComhairle Eorpach ar fad bualadh leis, agus pléifimid a thosaíochtaí agus conas a chuirfear dlús faoi obair chomhroinnte an Aontais.

Ansin beidh roinnt seisiún oibre foirmiúil againn agus dinnéar oibre, agus áireofar i measc na saincheisteanna a bheidh á bplé againn:

  • cur chun feidhme an Chláir Oibre Straitéiseach as seo go ceann cúig bliana;
  • an Creat Airgeadais Ilbhliantúil, buiséad an Aontais don tréimhse idir 2021-2027;
  • an tAthrú Aeráide, i ndiaidh an Chruinnithe a bhí ag na Náisiúin Aontaithe le déanaí;
  • méadú, lena n-áirítear tús a chur le hidirbheartaíochtaí aontachais san Albain agus sa Mhacadóin Thuaidh;
  • gníomhaíocht druileála mídhleathach na Tuirce in uiscí na Cipire; agus
  • nithe a bhaineann le beartas eachtrach, lena n-áirítear forbairtí le déanaí sa tSiria agus sa Tuirc.

Buailfimid le chéile freisin, ar ndóigh, i bhformáid Airteagal 50 chun forbairtí maidir le hidirbheartaíochtaí Brexit a phlé.

I mí Meithimh, d’fháiltigh an Chomhairle Eorpach roimh an obair a rinne an Creat Ilbhliantúil faoi Uachtaránacht na Rómáine, agus iarradh ar Uachtarán na Fionlainne dlús a chur faoin obair seo ionas gur féidir linn é a phlé an tseachtain seo agus é mar aidhm teacht ar chomhaontú roimh dheireadh na bliana.

Teastaíonn buiséad ón Aontas a chumasaíonn beartais rathúla, cosúil le CBT, le leanúint le agus cur ar ár gcumas déileáil le dúshláin chomhroinnte nua, cosúil le himirce, an t-athrú aeráide, agus an t-aistriú teicneolaíochta atá ar bun.

De bhrí gur dócha, áfach, go mbeidh moilliú ar an ngeilleagar domhanda, agus go mbaineann éiginnteacht shuntasach le Brexit, tá sé tábhachtach a bheith réalaíoch freisin agus oiriúnach don chuspóir.

Níl mé ag súil go ndéanfaimid aon chinntí an tseachtain seo, ach is deis a bheidh ann tús a chur le ‘crios tuirlingthe’ a aithint ina bhféadfaí teacht ar chomhaontú.

Maidir liom féin, beidh mé ag tacú go láidir le CBT agus le haisiompú na laghduithe atá molta i ndréacht tosaigh an Choimisiúin.

Chomh maith leis sin, beidh mé ag tacú leis an mBuiséad atá ar fáil do chláir atá bunaithe le fada agus a bhfuil ag éirí go maith leo cosúil le Horizon, INTERREG agus Eramus Plus.

I mí Meithimh, ghlac an Chomhairle Eorpach le Clár Oibre Straitéiseach don chúig bliana amach romhainn. I rith an phlé an tseachtain seo chugainn, déanfaimid ár machnamh ar chur chun feidhme an Chláir Oibre Straitéiseach.

Seo a leanas na ceithre thosaíocht atá sonraithe againn:

  • saoránaigh agus saoirse a chosaint;
  • bonn geilleagrach láidir agus bríomhar a bhunú;
  • todhchaí aeráidneodrach, glas, cothrom agus cuimsitheach a fhorbairt; agus
  • leasanna agus luachanna Eorpacha a chur chun cinn ar an ardán domhanda.

An tseachtain seo, soláthróidh Príomh-Aire na Fionlainne, Antti Rinne, nuashonrú maidir leis an bhforbairt atá tagtha ar an gclár oibre.

Leanfar lenár bplé ar an Athrú Aeráide i ndiaidh Chruinniú Mullaigh maidir le Gníomhú ar son na hAeráide na Náisiún Aontaithe, cruinniú a raibh mé i láthair aige i Nua-Eabhrac i mí Mheán Fómhair.

Ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe, ba léir go bhfuil an tacaíocht do ghníomhú comhpháirteach agus diongbháilte ar son na haeráide ag dul ó neart go neart, agus bhí guth na ndaoine óga le cloisteáil go hard i Nua-Eabhrac.

Ní mór dúinn anois tacú leis an méid atá ag tarlú.

Tá AE aeráidneodrach ag teastáil ó phobal na hÉireann faoi 2050. Is beartas maith comhshaoil, sóisialta agus geilleagrach é seo, agus ba cheart go spreagfadh sé tíortha eile dlús a chur faoina n-uaillmhianta gearrthéarmacha agus fadtéarmacha faoi Chomhaontú Pháras.

Tá mé ag súil le pleanannna uaillmhianacha aeráide a bheith á bhforbairt ag an gCoimisiún nua.

Ag an gcruinniú i mí Meithimh, phléamar gníomhaíochtaí druileála mídhleathacha na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir. D’iarramar ar an Tuirc stop a chur lena leithéid de ghníomhaíochtaí agus meas a léiriú do chearta ceannasacha na Cipire, agus fillfimid ar an gceist seo an tseachtain seo.

Creideann Éire go bhfuil na ráitis agus gníomhaíochtaí is déanaí atá déanta ag an Tuirc maidir le Varosha ag teacht salach ar an aidhm atá ann - lonnaíocht chuimsitheach agus inmharthana a aimsiú sa Chipir. Tá Éire i ndlúthpháirtíocht iomlán leis an gCipir. I dteannta lenár gcomhpháirtithe AE, leanfaimid ar aghaidh le súil ghéar a choinneáil ar fhorbairtí agus freagairt go cuí.

A Cheann Comhairle,

Tagróidh an tAire McEntee ina cuid tuairimí ar mhéadú agus ar roinnt saincheisteanna idirnáisiúnta a bhfuiltear ag súil a bheidh i gceist an tseachtain seo.

Maidir liom féin, táim ag súil le bheith ag obair le mo chomhghleacaithe AE, go comhpháirteach agus go déthaobhach. Go dtí an nóiméad deireanach leanfaimid orainn ag iarraidh toradh dearfach ar Brexit a chinntiú - d’Éirinn, don AE agus don Ríocht Aontaithe.

Ar ndóigh, beidh gach rud á thuairisiciú don Rialtas agam.

Go raibh maith agat.