Foilsithe ar 

Socruithe do Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2020 an Domhnach an 17 Bealtaine fógartha ag an Aire Madigan

Tá socruithe leasaithe fógartha inniu ag Josepha Madigan T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir maidir le Cuimhneachán na bliana seo ar an nGorta Mór.

Ag Dealbh an Ghorta de chuid Edward Delaney ag 12.30 san iarnón, Dé Domhnaigh ar an 17 Bealtaine a bheidh an searmanas ar siúl agus mar chuid den searmanas beidh onóracha míleata chomh maith le searmanas leagan bláthfhleasc i gcuimhne orthusan ar fad a d’fhulaing nó a bhásaigh le linn an Ghorta. Leagfaidh an tAire Madigan bláthfhleasc thar ceann mhuintir na hÉireann agus leagfaidh Déan an Chóir Taidhleoireachta bláthfhleasc thar ceann an Phobail Taidhleoireachta.

Mar ab ionann leis an gComóradh ar Éirí Amach na Cásca agus Comóradh Chnoc an Arbhair le déanaí, tabharfar faoin gcuimhneachán de réir treoirlínte sláinte agus sábháilteachta agus ní bheidh sé oscailte don phobal. Mar ab ionann leis an blianta romhainn, beidh an ócáid á chraoladh beo agus ar fáil go náisiúnta agus go h-idirnáisiúnta ar RTÉ News Now, ar www.rte.ie agus ar seinnteoir RTÉ Player.

Déanfar Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2020 a bhí le bheith ar siúl i mBun Cranncha, Co. Dhún na nGall a reáchtáil sa bhliain 2021.

Inniu dúirt an tAire Madigan:

Cé go bhfuil a fhios agam go mbeidh díomá ar mhuintir Bhun Cranncha agus ar mhuintir Dhún na an nGall nach mbeidh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir ar siúl i mbliana mar a bhí beartaithe, an tosaíocht is mó anois ag gach uile dhuine is ea oibriú as lámh a chéile chun smacht a fháil ar Víreas Covid-19. Beidh mé ag súil leis an searmanas i nDún na nGall an chéad bhliain eile.

 

Nótaí d’Eagarthóirí

Bhí Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2020 le bheith ar bun i mBun Cranncha i gCo. Dhún na nGall. Tá an searmanas, a mbeadh rannpháirtíocht mhór ón bpobal i gceist léi mar a bhí blianta eile, curtha ar athló go dtí 2021 mar gheall ar COVID 19.

Beidh searmanas na bliana seo mar sin den tsamhail chéanna leis an gcomóradh a rinneadh ar Dhomhnach Cásca agus ar Chnoc an Arbhair.

Tá Seó Bóthair Ghuthanna an Ghorta Mhóir 2020 (www.greatfaminevoices.ie/famine-heroes/) dar teideal “Laochra an Ghorta’ á reáchtáil ag Músaem Náisiúnta an Ghorta, Páirc Bhéal na mBuillí (www.strokestownpark.ie/famine/roadshow/)

agus ag Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann (www.greatfaminevoices.ie/famine-heroes/. Sraith imeachtaí fíorúla, clár faisnéise agus léachtaí é “Laochra an Ghorta” atá ar siúl ó Aibreán. Mar chuid de na himeachtaí fíorúla seo insítear scéalta spreagúla faoi dhul i ngleic le heipidéim agus léirítear ómós do lucht cúraim i lár an naoú haois déag agus sa lá atá inniu ann. Déantar iad a mhaoiniú ó Chlár Tacaíochta Eisimirceach Rialtas na hÉireann.

Mar chuid den chlár beidh plé ar líne den téama “Honouring Famine Heroes (In Ómós Laochra an Ghorta)’ ag an Dr Jason King agus an Dr Christine Kinneally an 17 Bealtaine.