Foilsithe ar 

Tá an Taoiseach mar Fhear an Tí do 33úCruinniú Mullaigh Chomhairle na Breataine-na hÉireann ag Farmleigh

Tá an Taoiseach, Leo Varadkar, mar Fhear an Tí inniu (Dé hAoine) do Chinn Riaracháin ó Albain, an Bhreatain Bheag, agus Rialtas na Breataine ag 33ú Cruinniú Mullaigh Chomhairle na Breataine-na hÉireann (CBÉ) ag Teach Farmleigh i mBaile Átha Cliath.

Déantar ceiliúradh i mbliana ar chothrom 20 bliain ó cuireadh chéad chruinniú Chomhairle na Breataine-na hÉireann ar siúl. Díreoidh an Cruinniú Mullaigh ar impleachtaí Brexit i dtaobh caidrimh idir Éirinn agus Riarthóirí Réigiúnacha na Ríochta Aontaithe.

Cuirfidh an Taoiseach plé déthaobhach ar siúl le Céad-Aire na hAlban, Nicola Sturgeon. Freastalóidh Cinn Riaracháin ón mBreatain Bheag agus Oileáin Mhuir nIocht, chomh maith, ar an gCruinniú Mullaigh, anuas ar Cheann thoscaireacht na Ríochta Aontaithe, an Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann, Julian Smith.

Fiche bliain i ndiaidh gur bunaíodh é faoi Chomhaontú Ilpháirtí 1998, glacann Comhairle na Breataine-na hÉireann le ról tábhachtach trí naisc a bhreisiú atá idir a hocht mBallriarachán. Fóram tábhachtach é chun eolas a mhalartú, beartais atá mar ábhar comhspéise a phlé, agus caidreamh dearfach a chothú.

Impleachtaí Brexit a bheidh sa phríomhábhar a phléifear, go háirithe a thionchar féideartha ar chaidreamh i measc na n-oileán, an Comhlimistéar Taistil a chaomhnú, agus caidreamh a chothú leis an AE. Pléifidh an Chomhairle an cás polaitiúil, chomh maith, i dTuaisceart Éireann, agus an t-aiféala atá ar Éirinn nach ndéanfar ionadaíocht pholaitiúil do Thuaisceart Éireann ag an bhfóram seo go polaitiúil go dtí go ndéantar an Fheidhmeannacht a athbhunú.

Beidh an tAire Sláinte, Simon Harris, T.D. agus an tAire Stáit le freagracht as Cur chun Cinn na Sláinte agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Catherine Byrne, T.D ag freastal, chomh maith. Beidh plé á chur ar siúl acu ar mhí-úsáid substaintí. Fiosróidh na hAirí na naisc idir an tsláinte agus tionscnaimh shóisialta agus póilíneacht phobail, agus a dtairbhí fadtéarmacha sóisialta agus geilleagracha do phobail. Sula dtionólfar an Cruinniú Mullaigh (tráthnóna Déardaoin), tabharfaidh airí sláinte ó na toscaireachtaí taistil cuairt ar Mhol Sláinte Cuimsithe Lár na Cathrach Thoir Theas, tionscadal a dhíríonn ar sholáthar seirbhísí sláinte a athrú ó bhonn d’úsáideoirí drugaí sa chathair. Is é an chéad saoráid dá macasamhail sa tír seo.

Eiseoidh CBÉ Ráiteas nuair a thabharfar an Cruinniú Mullaigh chun críche.