Foilsithe ar 

Tugann an tAire McHugh cuireadh do thuismitheoirí rogha pátrúnachta a léiriú do cheithre scoil nua atá le bunú i 2020

Inniu (Déardaoin, 28 Samhain) ghríosaigh an tAire Oideachais, Joe McHugh, T.D., tuismitheoirí agus caomhnóirí chun a dtuairimí a léiriú ar an bpróiseas pátrúnachta do cheithre bhunscoil atá le bunú an bhliain seo chugainn.

Tá cuireadh á thabhairt do mháithreacha, aithreacha agus caomhnóirí leanaí atá le rollú i mbunscoil idir 2020 agus 2024, i gcodanna de Bhaile Átha Cliath agus de Chorcaigh, an suirbhé ar líne a chomhlánú.

Beidh na hiar-bhunscoileanna nua á mbunú i mí Mheán Fómhair 2020 mar thoradh ar thiomantas an Rialtais infheistiú go trom san oideachas, le 44 scoileanna nua ar an iomlán á mbunú idir 2019 agus 2022.

Is féidir an suirbhé ar líne do thuismitheoirí a rochtain anseo: https://patronage.education.gov.ie

Fanfaidh an suirbhé ar oscailt go dtí 22 Nollaig don cheithre bhunscoil a bheidh ag freastal ar na ceantair seo a leanas:

Limistéar Pleanála Scoile

Méid na Scoile*

Carraig Uí Leighin

16 seomra ranga

Domhnach Bat

16 seomra ranga

An Caisleán Nua_Ráth Cúil/Teach Sagard-Iarthar na Cathrach

8 seomra ranga

An Naigín_Cill Iníon Léinín_Dún Laoghaire Ráth an Dúin/Coill na Silíní

16 seomra ranga

 

*Tá méid na scoileanna bunaithe ar an riachtanas reatha atá aitheanta ach beifear ag freagairt d’éileamh pátrúnach nó déimeagrafach.

 

Ag eascairt ó na bearta a fógraíodh le déanaí chun an rochtain ar oideachas trí mheán na Gaeilge a mhéadú mar chuid den phróiseas pátrúnachta, ainmníodh dhá scoil nua, i nDomhnach Bat agus i dTeach Sagard/Iarthar na Cathrach, mar scoileanna lán-Ghaeilge.

Sa dá limistéar pleanála eile – Carraig Uí Leighin agus An Naigín_Cill Iníon Léinín_Dún Laoghaire Ráth an Dúin/Coill na Silíní, is féidir le tuismitheoirí agus caomhnóirí a thabhairt le fios an mb’fhearr leo Béarla nó Gaeilge a bheith mar an teanga teagaisc.

Tugann an suirbhé deis do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí an múnla pátrúnachta is fearr leo a roghnú.

Agus é ag tabhairt cuiridh do dhaoine páirt a ghlacadh sa suirbhé ar líne, dúirt an tAire McHugh: “Deis iontach atá anseo do mháithreacha, d’aithreacha agus do chaomhnóirí cuidiú le cruth a chur ar an oideachas sa todhchaí.

“Beidh mianta tuismitheoirí agus caomhnóirí, mar aon le méid na héagsúlachta atá ar fáil cheana féin sna ceantair seo, ríthábhachtach sna cinntí a dhéanfar faoi na cineálacha scoileanna a bheidh againn sa todhchaí. Molaim don oiread daoine agus is féidir a bhfuil cónaí orthu sna ceantair agus a bhfuil leanaí acu a bheidh ag freastal ar an mbunscoil sna blianta atá le teacht guth a bheith acu.”

Déanann an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua (GBSN) maoirseacht ar an bpróiseas pátrúnachta do scoileanna nua.

Déanann an Grúpa seo, a bunaíodh i 2011 chun comhairle a chur ar an Aire faoi phátrúnacht scoileanna nua, anailís ar na suirbhéanna ar líne agus critéir eile a mheas sula ndéantar moladh a eisiúint. 

 

Nótaí d’Eagarthóirí

Sonraí maidir le ceithre bhunscoil nua atá le bunú i 2020 agus faoina dtabharfar faoi phróiseas pátrúnachta

Contae

Limistéar/Limistéir Phleanála Scoile ar a bhfreastalófar

Méid na Scoile

An Bhliain a Osclófar

An Suíomh Teanga

Corcaigh

Carraig Uí Leighin

16 seomra ranga

2020

Le socrú i ndiaidh CPPL

Baile Átha Cliath

Domhnach Bat

16 seomra ranga

2020

Ainmnithe mar Ghaelscoil

Baile Átha Cliath

An Caisleán Nua_Ráth Cúil/Teach Sagard-Iarthar na Cathrach*

8 seomra ranga

2020

Ainmnithe mar Ghaelscoil

Baile Átha Cliath

An Naigín_Cill Iníon Léinín_Dún Laoghaire Ráth an Dúin/Coill na Silíní**

16 seomra ranga

2020

Le socrú i ndiaidh CPPL

 * Beidh an scoil nua lonnaithe i gceantar Theach Sagaird/Iarthar na Cathrach. Tá sé in aice le Ceantar Pleanála Scoil Thamhlachta, ceantar nach bhfuil aon ghaelscoil ann.

** Tá dhá bhunscoil nua le hoscailt sa Naigín_Cill Iníon Léinín_Dún Laoghaire Ráth an Dúin/Coill na Silíní – ceann i 2020 agus an dara ceann i 2022. Ainmneofar ceann amháin acu mar ghaelscoil. Déanfar cinneadh faoin ord i ndiaidh phróiseas an CPPL.

 

Pátrúin Iarratasóra do gach scoil:

Carraig Uí Leighin

  • An Foras Pátrúnachta
  • Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí
  • Oideachas le Chéile
  • Scoil Sinéad Teoranta

 

Domhnach Bat

  • An Foras Pátrúnachta
  • Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire
  • Scoil Sinéad Teoranta

 

An Caisleán Nua_Ráth Cúil/Teach Sagard-Iarthar na Cathrach

  • An Foras Pátrúnachta
  • Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire
  • Scoil Sinéad Teoranta

 

An Naigín_Cill Iníon Léinín_Dún Laoghaire Ráth an Dúin/Coill na Silíní

  • An Foras Pátrúnachta
  • Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath
  • Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire
  • Oideachas le Chéile
  • Scoil Sinéad Teoranta

 

An Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua

Déanann an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua (GBSN) maoirseacht ar an bpróiseas pátrúnachta do scoileanna nua. Bunaíodh an Grúpa seo i 2011 chun comhairle a chur ar an Aire faoi phátrúnacht scoileanna nua nuair a bhíonn machnamh déanta ar thuairisc a bhíonn ullmhaithe ag an Roinn ar na hiarratais a bhíonn faighte. 

Is iad baill an GBSN ná:

  • Joe Hamill (Cathaoirleach), Rúnaí Ginearálta ar scor na Roinne Ealaíona, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta;
  • An tOllamh Gerry Mac Ruairc,  Ceann, Scoil an Oideachais, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann Gaillimh;
  • An tOllamh Sarah Moore, Ollamh Teagaisc agus Foghlama, Ollscoil Luimnigh.

 

Cad a tharlaíonn ina dhiaidh seo?

Cuirfidh láithreán gréasáin an Chórais um Phróiseas Pátrúnachta ar Líne (CPPL) nua seo eolas oibiachtúil ar fáil do gach tuismitheoir a thabharfaidh deis dóibh rogha eolasach a dhéanamh maidir le rogha samhail phátrúnachta agus teanga teagaisc d’oideachas a linbh. Beidh an suirbhé oscailte go dtí meánoíche ar 22 Nollaig 2019.

Nuair a dhúnann an suirbhé, cuirfidh an Roinn tuairisc phátrúnachta ar fáil do bhreithmheas an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua (GBSN) agus cuirfidh an GBSN tuairisc mar aon le moltaí ar fáil don Aire dá bhreithmheas.

 

Cé atá i dteideal a dtuairimí a léiriú?

Tá an Córas um Phróiseas Pátrúnachta ar Líne (CPPL) oscailte do thuismitheoirí nó caomhnóirí leanaí a bheidh le rollú i mbunscoil idir 2020 agus 2024 agus a bhfuil cónaí orthu i gceann de na limistéir pleanála scoile. Beidh gá ag tuismitheoirí agus caomhnóirí le hÉirchód agus UPSP a linbh chun an suirbhé ar líne a chomhlánú.