Foilsithe ar 

Osclaíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich “Lost & Found” Seimineár Oidhreachta Seandálaíochta Chontae Dhún na nGall An tIonad Réigiúnach Cultúir, Bóthar an Chalafoirt, Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall Dé Sathairn, 14 Meitheamh

D'oscail an tUasal Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, seimineár ar oidhreacht seandálaíochta inniu (14 Meitheamh 2014) dar teideal "Lost & Found", eagraithe ag Comhairle Chontae Dhún na nGall i gcomhar leis an gComhairle Oidhreachta.

Ar oscailt an tseimineáir dó, mhol an tAire Mac Fhionnlaoich an ról ríthábhachtach atá ag feirmeoirí agus úinéirí talún, ag rá go bhféadfaidh "muintir na tuaithe bród a bheith acu gur mó an líon séadchomharthaí seandálaíochta atá againn go fóill in Éirinn ná i dtír ar bith eile san Eoraip - tá líon agus éagsúlacht iontach d'fhothracha seandálaíochta anseo againn, a chuireann le tuath na hÉireann agus atá ina fhianaise fheiceálach ar leith ar scéal ár phobail."

Rinneadh an seimineár a reáchtáil mar chuid de Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall agus ba é an aidhm a bhí leis ná feasacht a fheabhsú ar oidhreacht shaibhir seandálaíochta an chontae, aird a tharraingt ar an gcosaint reachtúil a thugtar di, aird a tharraingt freisin ar ról na n-úinéirí talún agus an phobail agus iad ag tabhairt aire dár n-oidhreacht seandálaíochta agus á caomhnú, agus comhairle a thabhairt dóibh. Thug saineolaithe ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ó Ard-Mhúsaem na hÉireann, ón gComhairle Oidhreachta agus ó Mhúsaem Dhún na nGall cur i láthair ag an seimineár mar aon le roinnt cleachtóirí a bhfuil taithí acu i ndáil le sócmhainní oidhreachta a chaomhnú agus a chur ar taispeáint.

Mhol an tAire Mac Fhionnlaoich an obair déanta ag gach duine a bhí bainteach leis an seimineár, agus luaigh sé go bhfuil "feasacht an phobail ar an oidhreacht agus ár meon comhúinéireachta i dtaca lenár séadchomharthaí seandálaíochta thar a bheith láidir in Éirinn. Is léiriú é seimineár an lae inniu ar an dtiomantas sin, ag tabhairt pobal de dhaoine éagsúla le chéile - feirmeoirí, úinéirí talún, grúpaí oidhreachta, grúpaí pobail agus saoránaigh eile lena mbaineann - a dheonaíonn a gcuid ama, a n-acmhainní agus a gcuid saineolais lenár n-oidhreacht seandálaíochta den scoth anseo i dTír Chonaill a chothú agus a chaomhnú."