Eisiúintí

Inniu d’fháiltigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, mar aon leis an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Éamon Ryan, roimh fhógra Údarás Craolacháin na hÉireann go gcuirfear beagnach €2m i ndámhachtainí ar fáil do 10 dtionscadal raidió agus teilifíse faoi Scéim Fuaime agus Físe an Chiste Craolacháin.

Tá na horduithe riachtanacha sínithe ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, chun tús a chur leis an Acht um Sheirbhísí Uisce (Leasú), 2022, a léiríonn roinnt garspriocanna tábhachtacha in éabhlóid Uisce Éireann agus forbairt shuntasach d'Ervia.

Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD, agus an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman TD, próiseas comhairliúcháin fadréimseach atá á dhéanamh ag a Ranna i gcomhpháirt le chéile mar chuid d’fhorbairt na straitéise a thiocfaidh i ndiaidh Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta don Fhoghlaim agus don Saol.

D’fhógair Catherine Martin an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maoiniú €335,000 le haghaidh na Scéime um Chaipiteal Ceoil inniu.

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin T.D. i gcomhar leis an Aire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers T.D. (inniu) go bhfuil cead an Rialtais faighte chun reachtaíocht a ullmhú le feidhm a thabhairt do chur chuige nua maidir leis an gcaoi a cheaptar Bord Údarás na Gaeltachta

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. maoiniú Chultúr Éireann de bheagnach €2.7 mhilliún do chur chun cinn ealaíona na hÉireann ar fud na cruinne in 2023

An tseachtain seo, d'fháiltigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. roimh thacaíocht an Rialtais dá moladh chun síneadh a chur le Clár Éire Ildánach go 2027

Ag seoladh an Phlean Dhigitigh nua don Ghaeilge i mBaile Átha Cliath inniu (8 Nollaig 2022), dúirt an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers T.D., go bhfuil an Ghaeilge ar thairseach ré nua sa teicneolaíocht teanga agus go mbeidh sé níos éasca ná riamh, de thoradh moltaí an Phlean a chur i bhfeidhm sna blianta romhainn, ag soláthraithe seirbhísí gnó agus Stáit an Ghaeilge a chur ar fáil mar rogha ina seirbhísí digiteacha don phobal.

Óstálfaidh Séamus de Brúin TD, Aire Stáit sa Roinn Dlí agus Cirt, searmanas bliantúil inniu, an Chéadaoin an 7 Nollaig, chun Lá náisiúnta na nDaoine ar Iarraidh a chomóradh. Seo é an deichiú bliain atá Lá na nDaoine ar Iarraidh á chomóradh.

D’fhógair an Rialtas a thacaíocht inniu don tionscadal athfhorbartha is mó riamh i ndáil le hInstitiúid Náisiúnta Cultúir. Is í an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. a chuir an tionscadal faoi bhráid an Rialtais agus is olltionscadal é faoina clár infheistíochta d’Institiúidí Náisiúnta Cultúir.

 

Gailearaí