Eisiúintí

Tá breis is €4.3m i maoiniú fógartha ag an Aire Madigan do 449 tionscadal ar fud na tíre

Déanfar Cruinniú na nÓg 2020, lá náisiúnta na hÉireann don ghníomhaíocht chruthaitheach saor in aisce do leanaí agus do dhaoine faoi 18 mbliana d'aois, a cheiliúradh Dé Sathairn an 13 Meitheamh 2020, agus mhol an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan T.D. inniu do dhaoine óga ar fud na tíre dul ar líne, páirt a ghlacadh agus tabhairt faoin gcruthaitheacht don Chruinniú.

Tá fógartha ag an Seanadóir Seán Kyne, Aire Stáit na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán go bhfuil ciste beart éigeandála aon uaire ar fiú €4.7m é ceadaithe chun tacú le cobhsú earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht.

Tá an dream ar an mbronnfar Gradam Markievicz 2020 fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D. Seo í an dara bliain ag an scéim sparánachta d’ealaíontóirí agus scríbhneoirí a bunaíodh chun comóradh a dhéanamh ar 100 bliain ó ceapadh an chéad bhean, Constance de Markievicz, ina hAire Rialtais i 1919

Fáiltíonn na Hairí Rialtais Madigan agus Ring Roimh an Gconradh le Harris Group Maidir le Busanna Leictreacha Nua a Chur ar Fáil i Bpáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha

Sheol an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, feachtas #DúilsaDúlra– togra arlíne chun aitheantas a thabhairt do Sheachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta a bhí le reáchtáil ón lá inniu, an Luain 18ú go dtí an Aoine 22ú Bealtaine 2020.

Bhí an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D., i mbun Chomóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir inniu, i mBaile Átha Cliath.

Deimhníonn an tAire Madigan go bhfuil síneadh ama á chur leis an scéim Éire i mbun Taibhithe agus €20,000 sa bhreis á chur ar fáil maidir le seisiúin oirfidíochta gach lá go dtí Dé Domhnaigh, an 24 Bealtaine, 120 seisiún oirfidíochta ar fad

Tá socruithe leasaithe fógartha inniu ag Josepha Madigan T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir maidir le Cuimhneachán na bliana seo ar an nGorta Mór.

Tá tionchar suntasach ag an bpaindéim Covid 19 ar an mbealach a bhfuilimid agus a mbeimid ag tabhairt faoin saol ó lá go lá.

 

Gailearaí