Eisiúintí

I gceithre shearmanas ar leithligh san INEC i gCill Airne, gheobhaidh iarratasóirí as os cionn 130 tír a ndeimhnithe eadóirseachta, agus glacfaidh siad mionn go mbeidh siad dílis do Stát na hÉireann.

Ag cruinniú inniu de Chomhairle Iomaíochais an AE sa Bhruiséil bhuail an tAire Stáit um Chur Chun Cinn Trádála, Rialáil Dhigiteach agus Cuideachta, Dara Calleary T.D., lena chomh-Airí atá freagrach as an Margadh Inmheánach agus as an Tionscal

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, go bhfoilseofar na tuairisceáin aonair ó Dhaonáireamh 1926 ar líne inchuardaithe agus saor in aisce i mí Aibreáin 2026. Is í Cartlann Náisiúnta na hÉireann a thabharfaidh faoin tionscadal.

Inniu d’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers .T.D. go bhfuil a Roinn ag glacadh le hiarratais anois ó theaghlaigh óstacha Gaeltachta incháilithe ar mhaith leo clárú den chéad uair chun lóistín a chur ar fáil do chóras na gColáistí Gaeilge, agus ar mhaith leo leas a bhaint as deontas tosaithe nua méadaithe €6,000.

Inniu, chuir Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán fáilte roimh thoscairí chuig an gcéad chomhdháil faoi Dhearadh sa Rialtas i bpictiúrlann Lighthouse.

Inniu chuir an tAire Martin fáilte roimh fhoilsiú Scéim Ghinearálta an Bhille um Dhíolachán Alcóil a dhéanfaidh leasú agus cuíchóiriú ar dhlíthe ceadúnaithe chun tacú leis an ngeilleagar oíche agus é a spreagadh.

Sheol an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers TD, suíomh idirlín agus tionscadal Bhaile Átha Cliath le Gaeilge ag ócáid i dTeach an Ard-Mhéara tráthnóna inniu, Dé Sathairn, 22 Deireadh Fómhair 2022. Cheadaigh an tAire Chambers €325,000 do Chonradh na Gaeilge chun tionscadal Baile Átha Cliath (BÁC) le Gaeilge a bhunú agus a fhorbairt i rith na tréimhse ó 2021 go 2024.

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin ceapadh ceathrar comhaltaí nua ar bhord Ard-Mhusaem na hEireann.

Inniu d’fháiltigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., roimh fhógra Údarás Craolacháin na hÉireann go gcuirfear beagnach €2m i ndámhachtainí ar fáil do 10 dtionscadal raidió agus teilifíse faoi Scéim Fuaime agus Físe an Chiste Craolacháin.

Inniu d’fhógair an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, go mbronnfar 27 deontas d’ealaíontóirí tríd an scéim phíolótach nua um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona

 

Gailearaí