Eisiúintí

Tá ré nua do chúrsaí Gaeilge sa Státchóras fógartha go hoifigiúil inniu ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath T.D., i gcomhar leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., agus Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers T.D., le hos cionn 400 foghlaimeoirí cláraithe do théarma an fhómhair.

Tá lúcháir ar Norma Foley TD, an tAire Oideachais, a fhógairt gur ghlac Éire Uachtaránacht ar chóras na Scoileanna Eorpacha don scoilbhliain 2022/23 chuici féin

Rinne an tAire Cosanta agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, an tUasal Simon Coveney, T.D., athbhreithniú inniu (an 15 Meán Fómhair) ar bhaill an 66ú Grúpa Coisithe a fhágfaidh sna seachtainí amach romhainn le haghaidh seirbhíse le Fórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe (UNDOF) in Arda Golan.

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, inniu go mbronnfar 2,000 deontas ar ealaíontóirí agus oibrithe ealaíon cruthaitheach tríd an scéim phíolótach nua um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona.

Tá céim eile chun cinn tógtha anois ó thaobh fheidhmiú fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 le próiseas soláthair phoiblí iomaíoch fógartha ar 31 Lúnasa 2022 ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers, T.D., maidir le hullmhú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge.

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meáin Catherine Martin T.D. agus Jack Chambers T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Gaeltachta agus Spóirt, inniu Dé hAoine 2 Meán Fómhair, go bhfuil allúntas suas le €4.039m. in iomlán thar thréimhse 3 bliana ceadaithe acu faoi Scéim na gCúntóirí Teanga.

Agus é ar chuairt inniu ar Chontae Dhún na nGall, tá sé fógartha ag Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers TD go bhfuil an ciste bliantúil a bheidh curtha ar fáil feasta do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta atá lonnaithe sa Ghaeltacht á ardú ó €80,000 go €100,000 in aghaidh na bliana.

Ó 1918 go 1922 scríobh Micheál Ó Coileáin dialanna oibre faoina shaol gnóthach réabhlóideach. Is éard atá iontu ná cnuasach nótaí a scríobhadh faoi dheifir, liostaí, ainmneacha agus coinní, tascanna le déanamh, agus tascanna nach bhfuil déanta. Tugtar cuntas iontu ar na laethanta fada oibre a bhí aige, agus d’éirigh leis freastal ar chruinnithe in am mar gheall orthu.

Tá Tuarascáil Bhliantúil na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail do 2021 foilsithe ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, inniu (an 12ú, Lúnasa 2022). Tugtar forléargas cuimsitheach sa tuarascáil ar réimse leathan beartas, clár agus tionscnamh a forbraíodh agus a cuireadh i gcrích laistigh den Roinn in 2021. Áirítear ar roinnt de na príomhphointí dá dtagraítear sa Tuarascáil:

 

Gailearaí