Foilsithe ar 

€325,000 do thionscadal Bhaile Átha Cliath le Gaeilge fógartha ag an Aire Stáit Chambers

Sheol an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers TD, suíomh idirlín agus tionscadal Bhaile Átha Cliath le Gaeilge ag ócáid i dTeach an Ard-Mhéara tráthnóna inniu, Dé Sathairn, 22 Deireadh Fómhair 2022. Cheadaigh an tAire Chambers €325,000 do Chonradh na Gaeilge chun tionscadal Baile Átha Cliath (BÁC) le Gaeilge a bhunú agus a fhorbairt i rith na tréimhse ó 2021 go 2024.

 

Tá pobal mór Gaeilge agus réimse leathan eagraíochtaí Gaeilge lonnaithe i gcathair Bhaile Átha Claith, agus dá réir sin is é an phríomhsprioc atá ag BÁC le Gaeilge an teanga a chur chun cinn agus a neartú i mBaile Átha Cliath, i measc an lucht gnó agus sa phobal trí chéile.

 

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire Stáit Chambers:

 

“Cuirim fáilte roimh an obair atá a déanamh chun ceathrú agus ceantar Gaeilge a fhorbairt san ardchathair agus roimh an obair atá ar bun leis an gComhairle Cathrach chun plean teanga a fhorbairt don chathair amach anseo.

 

Níl amhras ach go bhfuil pobal mór cainteoirí Gaeilge agus réimse leathan eagraíochtaí Gaeilge lonnaithe agus gníomhach anseo i mBaile Átha Cliath. Na seirbhísí Gaeilge atá lonnaithe sa chathair seo cheana féin – ar nós Raidió Rí-Rá, Raidió na Life, Club CLG Na Gaeil Óga chomh maith leis na seirbhísí Gaeloideachais ó na naíonraí aníos go dtí na cúrsaí tríú leibhéal sna hollscoileanna – is cruthúnas iad go bhfuil an-éileamh ar sheirbhísí Gaeilge anseo san ardchathair.

 

Tá os cionn 150,000 duine le Gaeilge i limistéar chathair Bhaile Átha Cliath agus os cionn 430,000 duine le Gaeilge sa chontae ina iomláine, agus ciallaíonn sé sin gurb é Baile Átha Cliath an tríú contae is airde sa tír ó thaobh céatadán cainteoirí laethúla Gaeilge de. Dá bhrí sin, tá tábhacht ar leith ag baint leis an tionscadal seo chun an Ghaeilge a choinneáil beo beathach sa chathair, í a chur chun cinn san earnáil gnó agus aitheantas eacnamaíoch a thabhairt di. Cuireann sé áthas orm go bhfuil sé ar chumas mo Roinne an tacaíocht seo a thabhairt don Ghaeilge sa phríomhchathair.

 

Tabharfaidh seirbhísí BÁC le Gaeilge deis do ghnólachtaí na cathrach breis úsáide a bhaint as an teanga ina gcuid gníomhaíochtaí féin. Faoin Scéim Tacaíochta do Ghnólachtaí atá fógartha acu, beidh lucht gnó Bhaile Átha Cliath in ann tacaíocht a fháil chun feiceálacht na teanga a mhéadú ina ngnólachtaí féin – ar chomharthaí, ar shuíomhanna gréasáin, ar fhógraí, ar bhiachláir agus eile.

 

Tairgfear an deis do ghnólachtaí agus dá mbaill foirne tabhairt faoi sheirbhís foghlama/feabhsaithe Gaeilge faoi scáth BÁC le Gaeilge agus iad ag iarraidh freastal ar riachtanais a gcuid custaiméirí sa teanga náisiúnta.

 

Agus le suíomh gréasáin nua na heagraíochta – baclegaeilge.ie – déanfar an-éascaíocht do ghnólachtaí agus iad ag iarraidh teacht ar fhaisnéis faoi na seirbhísí atá ar fáil dóibh agus faoin líonra gnólachtaí atá ag baint leas cheana féin as seirbhísí BÁC le Gaeilge chun an teanga a chur chun tosaigh ina ngnólacht féin.

 

 

CRÍOCH