Foilsithe ar 

An chéad tsraith de Thuairiscí ar Chigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí foilsithe

Inniu, d’fhoilsigh Cigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna tuairiscí ar 11 de Chigireachtaí Thosaigh um Chosaint agus Chumhdach Leanaí agus 11 de Chigireachtaí Dheiridh um Chosaint agus Chumhdach Leanaí ar a láithreán gréasáin - www.education.ie.

Eascraíonn na tuairiscí ón tsamhail nua do Chigireacht um Chosaint agus Chumhdach Leanaí a thug an tAire Oideachais agus Scileanna,  Joe McHugh T.D., isteach i mí Eanáir 2019 mar chomhlíonadh ar thiomantas an Rialtais sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas 2018.

Grinnchigireachtaí saindírithe atá i gceist leis na Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí ina ndéantar iniúchadh ar an tslí ina bhfuil a ndualgas reachtúla maidir le cosaint agus cumhdach leanaí, faoi mar a iarrtar orthu i Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileannna 2017, á gcomhlíonadh ag boird agus ag foirne scoile.

Agus é ag fáiltiú roimh fhoilseachán na dtuairiscí cigireachta, dúirt an tAire McHugh:

Rinneadh na cigireachtaí nua a dhearadh chun na córais atá againn do chosaint leanaí a threisiú. Cuidíonn said le scoileanna a threorú agus a stiúrú chun freastal ar na dualgais atá orthu maidir le cosaint leanaí. Is céim mhór chun cinn sa phróiseas seo atá i bhfoilseachán na dtuairiscí cigireachta inniu mar go gcuireann siad eolas ar fáil go soiléir don phobal faoi na leibhéil chomhlíontachta leis na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileannna 2017 agus faoi cháilíocht an tsoláthair do na gnéithe éigeantacha den churaclam ar nós Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláínte (OSPS), Bí Sábháilte agus Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) in ár scoileanna.

Luaigh an tAire McHugh an luach a bhain le Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí Thosaigh a bheith ag gach scoil agus, go sách gairid ina dhiaidh sin, Chigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Dheiridh a bheith ag an scoil. Rinneadh an ghnéith seo de shamhail na cigireachta a fhorbairt mar thoradh ar thaighde fhairsing agus tréimhse comhairliúcháin le páirtnéirí an oideachais, le hOifig an Ombudsman do Leanaí, agus le scoileanna a bhí páirteach i dtréimhse trialach na cigireachtaí.

Dúirt an tAire McHugh:

Tá an próiseas a bhaineann le cigireachtaí tosaigh agus deiridh tábhachtach chun feabhas scoileanna a chothú i bhfeidhmiú na nósanna imeachta um chosaint leanaí; cuidíonn an próiseas freisin le dea-chleachtas, mar a bhaineann le cosaint leanaí, a chothú i gceannaireacht scoile.

Léiríonn na tuairiscí a foilsíodh inniu:

  • Go raibh beagnach gach scoil a ndearnadh cigireacht orthu lán-chomhlíontach ag am na Cigireachta Dheiridh um Chosaint agus Chumhdach Leanaí, leis na seiceálacha a rinne na cigirí maidir le cur i bhfeidhm na Nósanna Imeachta 2017.
  • Go raibh fianaise ann go raibh an curaclam Oideachais Sóisialta Pearsanta agus Sláínte (OSPS) agus an clár Bí Sábháilte á gcur i bhfeidhm i ngach bunscoil a ndearnadh cigireacht orthu. Bhí fianaise ann go raibh OSPS agus Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta á gcur i bhfeidhm i ngach iar-bhunscoil a ndearnadh cigireacht orthu, ag am na Cigireachta Dheiridh um Chosaint agus Chumhdach Leanaí.

Thug an t-aire McHugh faoi deara má bhíonn scoil níos lú ná lán-chomhlíontach leis na seiceálacha a rinneadh le linn an tsamhail nua cigireachta um chosaint leanaí seo, leanfaidh mo Roinn ar bheith i dteagmháil le húdaráis na scoile go dtí go bpléitear go sásúil leis an gnéithe atá i gceist.

Bhí sé le rá aige freisin gur

Chruthaigh próiseas na gcigireachtaí tosaigh agus deiridh deis d’fhíor-fheabhsúcháin i scoileanna i réimsí ar nós an tslí ina ndéantar nósanna imeachta um chosaint leanaí a chur in iúl do thuismitheoirí, eolas maidir le chosaint leanaí a sholáthar do phearsanra scoile agus tuairiscí ar  mhaoirsiú um chosaint leanaí a sholáthar do bhoird bhainistíochta. Cuireann sé ar chumas scoileanna feabhas a chur freisin ar ghnéithe tábhachtacha de na cláir OSPS agus OCG.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo: https://www.education.ie/ga/Foilseacháin/Tuairiscí-Cigireachta-Foilseacháin/cigireachtai-um-chosaint-agus-chumhdach-leanai/