Foilsithe ar 

Athcheapadh an Dr Sandra Collins ina Stiúrthóir ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann fógartha ag an Aire Martin

Tá áthas ar an Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin T.D. a dheimhniú go bhfuil an Dr Sandra Collins athcheaptha ina Stiúrthóir ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

 

Ina Stiúrthóir, rinne an Dr Collins maoirsiú ar roinnt saothar suntasach a fuair an Leabharlann maidir le WB Yeats, Band Aid, JP Donleavy agus Neil Jordan, tugadh Céim 1 d'athfhorbairt ollmhór caipitil chun críche ar an bpríomhfhoirgneamh stairiúil, rinne sí maoirseacht ar thionscadail shuntasacha digitithe lena n-áirítear cartlanna Dheich mBliana na gCuimhneachán agus oscailt an taispeántais Seamus Heaney: Listen Now Again in 2018 in Ionad nua Cultúir agus Oidhreachta Bhanc na hÉireann chomh maith le hoscailt an Museum of Literature Ireland (MoLI) nua i dTeach Newman i gcomhar le UCD.

 

Maidir le hathcheapadh an Dr Collins ina Stiúrthóir ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, dúirt an tAire Martin: "

Tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann faoina ceannasaíocht chumasach le cúig bliana anuas agus tá ríméad orm a dheimhniú go bhfuil sí ceaptha arís go ceann cúig bliana eile.  Tá maoirseacht déanta ag an Dr Collins ar roinnt ócáidí tábhachtacha le cúpla bliain anuas lena n-áirítear taispeántais ollmhóra ar shaol agus ar shaothar Seamus Heaney agus is í atá i gceannas ar an obair athfhorbartha ollmhór caipitil a chuideoidh lena chinntiú go bhfanfaidh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar cheann dár bPríomh-Institiúidí Náisiúnta Cultúir.