Foilsithe ar 

Bord nua ceaptha ag an Aire Humphreys don Cheoláras Náisiúnta

Tá sé fógartha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Sathairn) go bhfuil bord nua ceaptha ar an gCeoláras Náisiúnta. Tá seiceáil déanta ar gach ceapaí ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus fuarthas go bhfuil an taithí riachtanach acu le bheith ar an mBord.

D’ainmnigh an tAire Maura Mac Grath mar Chathaoirleach ainmnithe. Ceapfar go foirmiúil í tar éis di teacht os comhair an Choiste Oireachtais ábhartha.

Is iad seo a leanas comhaltaí an Cheolárais Náisiúnta:

  • James Cavanagh
  • Rebecca Gageby
  • Gerard Gillen
  • Eleanor Mc Evoy
  • Maura Mc Grath (ainmithe mar Chathaoirleach)
  • Máire O’Connor
  • Michael O’Donovan
  • John Reynolds
  • Don Thornhill


Is é seo an chéad bord a ceapadh ó ritheadh reachtaíocht lenar cuireadh an Ceoláras Náisiúnta ar bhonn reachtúil.