Foilsithe ar 

Deontas suas le €14,420 á cheadú d’Ionad Pobail Mhachaire Rabhartaigh le cur ar a chumas trealamh ríomhaireachta a cheannach

D’fhógair Seán Kyne T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu Dé Máirt 12 Márta 2019, go bhfuil deontas suas le €14,420 nó 80% den chostas inghlactha, cibé acu is lú, á cheadú d’Ionad Pobail Mhachaire Rabhartaigh le cur ar a chumas trealamh ríomhaireachta a cheannach.

Is ionad lán-Ghaeilge é Ionad Pobal Mhachaire Rabhartaigh atá suite i gcroílár cheantar Gaelachta Chloich Cheann Fhaola. Leis an ionad, déantar freastal ar riachtanais an phobail, an Coláiste Gaeilge agus grúpaí eile atá ag baint úsáid rialta as an ionad m.sh. clubanna óige.

Tá an-áthas orm an deontas seo a cheadú don choiste gníomhach seo,

a dúirt an tAire Stáit Kyne.

Tá obair fhiúntach á déanamh ag an eagraíocht sa cheantar agus, le beirt bhall den fhoireann ar Choiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola, is léir go bhfuil tuiscint ag an eagraíocht ar an bpróiseas pleanála teanga agus go bhfuil siad tiomanta agus gníomhach ina leith. Tá súil agam go gcabhróidh an maoiniú seo leo agus iad ag obair i dtreo chur le scileanna muintir na háite, idir óg agus sean, i réimse leathan ábhar chomh maith le béim a chur ar an teanga agus an teicneolaíocht ag obair as lámh a chéile.

Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.14, 2.21 agus 2.22 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú.