Foilsithe ar 

Deontas suas le €8,750 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do Choláiste Ghobnatan, Baile Mhic Íre, Co Chorcaí

D’fhógair Seán Kyne T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin inniu, 12ú Márta, go bhfuil deontas suas le €8,750 ceadaithe aige do Choláiste Ghobnatan, Baile Mhic Íre, Co Chorcaí, le cur ar chumas an choláiste uasghrádú a dhéanamh ar chóras draenála na páirce pheile.

Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi Ghníomhartha 2.13, 2.21 agus 2.22 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú.