Foilsithe ar 

Fáilte curtha ag an Aire Madigan roimh oscailt an Tionscadail Caomhnaithe maidir le Cosantóir an Phoirt agus Féile an tSeanphoirt

Chuir an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan fáilte roimh oscailt oifigiúil an Tionscadail Caomhnaithe maidir le Cosantóir an Phoirt i bPort Laoise, a chuireann tús le Féile Bhliantúil an tSeanphoirt. 

Fuair an tionscadal maoiniú faoi Thionscnamh na mBailte Stairiúla, comhfhiontar idir an Roinn agus an Chomhairle Oidhreachta.

Ag cur fáilte roimh oscailt oifigiúil an tionscadail, dúirt an tAire Madigan,

Is eiseamláir an tionscadal seo ar ar féidir a bhaint amach trí Thionscnamh na mBailte Stairiúla. Deis atá ann do bhailte ar fud na tíre fuinneamh a chur faoina a bhfuil dearmadta, an t-am atá thart a athbheochan agus a athnuachan agus beocht a chur ann.

Tá Port Laoise ar cheann de shé bhaile atá chun páirt a ghlacadh i scéim Thionscnamh na mBailte Stairiúla 2019 agus in éineacht le Ceanannas, Contae na Mí, Cill Mocheallóg, Contae Luimnigh, Baile an Róba, Contae Mhaigh Eo, Carraig na Siúire, Contae Thiobraid Árann agus Eochaill, Contae Chorcaí, fuair siad sciar de mhaoiniú €1 mhilliún.

Tá sé mar aidhm leis an scéim seo tacú le hathbheochan atá bunaithe ar oidhreacht inár mbailte stairiúla agus leanfaidh an scéim in 2019 nuair a gheobhaidh 6 bhaile bhreise tacaíocht, i ndiaidh próiseas iomaíoch inar iarradh ar údaráis áitiúla tionscadail a bhaineann le baile stairiúil ina gceantar féin a chur ar aghaidh.   Cill Rois, Contae an Chláir, Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall, Béal an Átha, Contae Mhaigh Eo, an Uaimh, Contae na Mí, Mainistir na Búille, Contae Ros Comáin agus an tAonach, Contae Thiobraid Árann na bailte a gheobhaidh maoiniú in 2019.

Léiríonn athbheochan bunaithe ar oidhreacht, cleachtas a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta aige, gur féidir an oidhreacht a úsáid chun áit tharraingteach a chruthú ina bhfuil daoine ábalta cónaí, a bheith ag obair, a bheith ag spraoi, dul ar cuairt agus gnó a dhéanamh. Tá tairbhe le baint as athbheochan bunaithe ar oidhreacht le go n-éireoidh lenár mbailte stairiúla trí thairbhe a bhaint as líon méadaithe cuairteoirí agus líon laghdaithe foirgneamh agus áitribh tráchtála nach bhfuil in úsáid.

Tógadh Cosantóir an Phoirt i lár an 16ú haois agus is é Francis Bryan a thóg é, arbh é Marascal na hÉireann ag an am agus a bhí ainmnithe i ndiaidh Edward Seymour, an chéad Diúc Somerset agus Tiarna Cosantóra na Ríochta. Is ionann ainm an Phoirt agus ainm an bhaile - Port Laoise. Tá Féile an tSeanphoirt ar an bhfód le ceithre bliana anuas agus is mór an borradh atá curtha ag an bhféile faoi Phort Laoise agus í ag dul ó neart go neart bliain i ndiaidh bliana. In 2018, bhí 22,000 duine i láthair le linn trí lá na féile agus tá súil ag an lucht eagraithe go dtiocfaidh slua níos mó arís chuig an bhféile i mbliana.